Jump to content

Na Cheithre Soisgéil/Lúcás

From Wikisource
[ 137 ]

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

LÚCÁIS


I n‑Antíoch príomh-chathair na Síria iseadh do rugadh Lúcás Naomhtha. Liagh ab eadh é, agus deir cuid de sna seana-sgríbhneóirí go raibh sé n‑a phéintéir oilte. D’iompuigh Pól naomhtha ’n‑a Chríostaidhe é agus bhí sé aige ’n‑a dheisgiobul agus ’n‑a chomrádaidhe ar a chuardaíbh, agus ag obair ’n‑a theannta i ngnó an tSoisgéil. Do sgríbh sé i nGréigis, tímpal cheithre bliana fichid tar éis deasgabhála ár dTighearna.




CAIBIDIOL I.

Coimbeart Eoin Baiste, agus coimbeart Chríost. Cuairt na Maighdine Muire, agus a cantic. Teacht Eóin Baiste ar an saoghal, agus cantic Sacariais.


1Ó thárla go bhfuil iarracht déanta agá lán daoine ar chúntas a thabhairt, i ndiaidh chéile, ar na neithibh seo atá tagaithe chun cinn i n‑ár measg, 2Fé mar a tugadh dúinn iad ó sna daoine a chonaic iad le n‑a súilibh agus do dhein friothálamh ar an gcaint, 3Cheapas féin go bhféachfainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se, [1]a Théophiluis uasail, 4I dtreó go mbeadh agat fios fírinne na bhfocal a múineadh duit.

5Do bhí, i n‑aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, [2]d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.[* 1] [ 138 ]6Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n‑aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h‑iomlán, gan cháim. 7Agus ní raibh clann acu, mar bhí Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta.

8Do thárla, ámhthach, agus a dhualgas sagairt aige ’á dhéanamh, do réir a uanuigheachta, os cómhair Dé, 9Gur bh’air a thuit an crann, do réir nóis na sagart, agus go ndeaghaidh sé isteach i dteampul an Tighearna chun na túise do dhóghadh. 10[3]Agus bhí an pobul mór go léir amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. 11Agus do taisbeánadh dó aingeal an Tighearna ’n‑a sheasamh ar dheis altórach na túise. 12Agus tháinig buaireamh agus eagla ar Shacarias nuair a chonaic sé é. 13Agus dubhairt an t‑aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air; 14Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal. 15Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin. 16Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia. 17Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, [4]chun croidhthe na n‑athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna. 18Agus dubhairt Sacarias leis an aingeal: Conus a bheidh a fhios san agam? Óir táim-se am’ sheanduine agus tá mo bhean ró-aosta. 19Agus d’fhreagair an t‑aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobh-sgaoileadh dhuit. 20Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’n‑a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thiocfaidh chun cinn ’n‑a h‑aimsir féin. 21Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul. 22Agus nuair a tháinig sé amach ní fhéadfadh sé labhairt leó, agus bhí [ 139 ]’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.

23Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin. 24Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí: 25Seo mar a dhein an Tighearna liom é ins na laethibh ’n‑ar fhéach sé orm agus ’n‑ar thóg sé dhíom an aithis a bhí orm ameasg na ndaoine. 26Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‑aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh’ainim Nasaret, ag triall ar mhaighdin a bhí luaidhte le fear dar bh’ainim Ióseph, agus Muire ab ainim do’n mhaighdin. 27Agus tháinig an t‑aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: 28Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh. 29Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san. 30Agus dubhairt an t‑aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé. 31[5]Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair [6]Íosa mar ainim air. 32Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; [7]agus beidh sé ’n‑a rí i dteaghlach Iácóib go deó. 33Agus ní beidh deire le n‑a rígheacht. 34Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa? 35Agus d’fhreagair an t‑aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé. 36Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi. 37Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia. 38Ansan dubhairt Muire: Féach, mise cailín an Tighearna, deintear liom do réir t’fhocail. Agus d’imthigh an t‑aingeal uaithi.

[ 140 ]39Agus d’eirigh Muire ins na laethibh sin, agus d’imthigh gan ríghneas fé dhéin na gcnoc, go cathair Iúdach. 40Agus tháinig sí isteach i dtigh Shacariais, agus bheannuigh sí d’Elisabet. 41Agus do thárla, nuair a dh’airigh Elisabet beannachadh Mhuire gur léim an leanbh a bhí ’n‑a broinn, agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh. 42Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. 43Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm? 44Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta am’ chluasaibh do léim an leanbh le h‑áthas am’ broinn. 45Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíonfar duit na neithe a gealladh duit ó’n dTighearna. 46Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m’anam-sa do’n Tighearna, 47Agus do ghlac mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheóir; 48Óir d’fhéach sé ar ísleacht a chailín; mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom.[* 2] 49Óir do dhein an t‑é atá cómhachtach neithe móra dhom, agus is naomhtha a ainim. 50Agus tá a thrócaire ó shliocht go sliocht ar an muintir ar a bhfuil a eagla.


51[8]D’oibrigh sé cómhacht le n‑a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair ’n‑a gcroidhe agus ’n‑a n‑aigne. 52Do leag sé lucht cómhacht ó n‑a gcathaoireachaibh ríoga, agus d’árduigh sé lucht na h‑úmhluigheachta. 53[9]Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.


54Do ghlac sé Israél, a sheirbhíseach, ag cuímhneamh dó ar a thrócaire; 55Fé mar a labhair sé le n‑ár n‑aithreachaibh [10]le h‑Ábraham agus le n‑a shliocht go deó.

56Agus d’fhan Muire ’n‑a fochair-sin tímpal trí mhí, agus ansan tháinig sí chun a tighe féin.

[ 141 ]57Agus tháinig aimsir Elisabet chun a clainne chur di, agus do rug sí mac. 58Agus d’airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi. 59Agus nuair a tháinig an t‑ochtmhadh lá, do tánathas chun tímpal-ghearradh do dhéanamh ar an leanbh, agus bhítheas chun Sacarias a thabhairt mar ainim air, ainim a athar. 60Agus d’fhreagair a mháthair agus dubhairt sí: Ní h‑eadh, ach Eóin a tabharfar air. 61Agus dubhradar léi: Ar ndó, ní’l aoinne ar do ghaoltaibh-se go bhfuil an ainim sin air. 62Agus do bhagradar ar a athair cad é an ainim ba mhaith leis a tabharfaí ar an leanbh. 63Agus d’iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: [11]Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir. 64Agus do h‑osgladh láithreach a bhéal agus a theanga dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia. 65Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h‑innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad. 66Agus gach aoinne a dh’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n‑a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n‑a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.

67Agus do líonadh Sacarias, a athair, leis an Spioraid Naomh, agus do thargair sé mar seo:

68[12]Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú; 69[13]Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a sheirbhíseach.[* 3] 70Fé mar a labhair sé tré bhéal na bhfáidh naomhtha atá ann aige ó thusach. 71Saoradh dhúinn ó n‑ár namhaid, agus ó láimh gach n‑aon a thug fuath dhúinn, 72Ag déanamh trócaire ar ár n‑aithreachaibh, agus ag coimeád cuimhne as a thiomna bheannuighthe féin. 73[14]An dearbhú a dhearbhuigh sé d’ár n‑athair Ábraham a thabharfadh sé dhúinn, 74Go ndéanfaimís, gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lámhaibh ár [ 142 ]namhad, 75I naomhthacht agus i bhfíoraontacht ’n‑a láthair, gach lá dh’ár saoghal.


76Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó, 77[15]Ag tabhairt eóluis slánuighthe d’á phobul, ionus go maithfí a bpeacaí dhóibh; 78Tré inníbh trócaire ár nDia, n‑ar tháinig ’ghár bhféachaint an lóchaint a’ doimhneas na bhflathas. 79[16][W 1]Chun soluis a thabhairt do’n mhuintir atá ’n‑a suidhe i ndorchadas agus fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na síothchána.


80Agus d’fás an leanbh agus do neartuigh sé i spioraid agus bhí sé ins na h‑áiteanaibh uaigneacha go dtáinig an lá ’n‑a raibh air é féin a thaisbeáint i láthair Israéil.



CAIBIDIOL II.

Beirtear Críost. Tugtar do’n Tighearna é. Targaireacht Simeón. Faghtar Críost, i n‑aoís a dhá bhlian déag, ameasg na ndochtúirí.

1Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir. 2Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria. 3Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n‑a chathair féin. 4Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go [17]cathair Dháibhid ar a dtugtar [18]Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. 5Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n‑aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne.

6Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h‑aimsir chun na clainne do bhreith; 7Agus do rug sí a [ 143 ]mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n‑éadaighibh é, agus chuir sí ’n‑a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.[* 4]

8Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n‑oidhche ar a dtréad. 9Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n‑a n‑aice, agus do las solus Dé ’n‑a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha. 10Agus dubhairt an t‑aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; 11mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. 12Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n‑éadaighibh ’n‑a luighe i mainséar. 13Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: 14Glóire do Dhia ins na flathais go h‑árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne.


15Agus do thárla, nuair a dh’imthigh na h‑aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h‑aodhairí le n‑a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn. 16Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n‑a luighe sa mhainséar. 17Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n‑a n‑aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. 18Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h‑aodhairí dhóibh. 19Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n‑a croidhe. 20Agus d’fhill na h‑aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó.

21[19]Agus nuair a críochnuigheadh an t‑ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh [ 144 ]mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t‑aingeal air sar ar gabhadh é sa bhroinn.

22Agus nuair a bhí laethanta a h‑íodhnuighthe caithte [20]do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é, 23Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: [21]Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tighearna é. 24Agus chun go dtabharfaidís an ofráil [22]mar a h‑órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir.

25Agus féach, bhí i n‑Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann. 26Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó, 28Do thóg seisean chuige i n’ucht é, agus thug sé moladh do Dhia agus dubhairt sé:

29Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do sheirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin, 30Óir chonaic mo shúile do shlánú, 31A dh’ollamhuighis os cómhair na bpobal go léir; 32Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.

33Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d’á rádh ’n‑a thaobh; 34Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, [23]tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe d’á lán i n‑Israél, agus chun bheith ’n‑a chómhartha a gheobhaidh diúltadh;[* 5] 35Agus raghaidh claidheamh [ 145 ]tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe.

36Agus ban-fháidh dob’ eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n‑a h‑óige do chaitheamh agá fear, 37Agus bhí sí sin ’n‑a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhágadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n‑onóir do Dhia do ló agus d’oidhche. 38Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n‑a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.

39Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadar go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.


40Agus d’fhás an mac agus do neartuigh sé, lán d’eagna, agus bhí grásta Dé ann.

41Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. 42Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile, 43Agus nuair a bhí na laethanta caithte agus iad ag filleadh d’fhan an mac, Íosa, i n‑Ierúsalem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. 44Cheapadar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar ’ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, 45Ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, ’ghá lorg. 46Agus do thárla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampul ’n‑a shuidhe ameasg na n‑ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú. 47Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. 48Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg. 49Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair? 50Agus níor thuigeadar-san an focal a labhair sé leó. 51Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. [ 146 ]Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.

52Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.



CAIBIDIOL III.

Missiún Eóin agus a sheanmóiniú. Críost dá bhaisteadh aige.


1Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína, 2[24]I n-aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach. 3Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí, 4Mar atá sgríobhtha i Leabhar na bhfocal adubhairt Isaias fáidh: [25]Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; 5Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam ’n-a dhíreach agus gach garbh ’n-a shlígh réidh, 6Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.

7Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht? 8Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin. 9Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é. 10Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad [ 147 ]’tá le déanamh againn má ’seadh? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: [26]An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna. 12Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn? 13Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níos mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh. 14Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.

15Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh ’n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb’fhéidir gur bh’é Críost é. 16Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. [27]Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. 17Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.


18Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú. 19Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród, 20Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún.


21Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir, 22Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: [28]Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

23Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph, [ 148 ]mac Hélí, mic Mathat,[* 6] 24mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna, mic Ióseph, 25Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge, 26Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseph, mic Iúda. 27Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, 28Mic Melchí, mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir, 29Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic Lebhí, 30Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain, mic Eliacim, 31Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid, 32Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, 33Mic Aminadaibh, mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda. 34Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim mic Tárá, mic Nachór, 35Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir, mic Sale, 36Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lamech, 37Mic Matúsala, mic Enóch, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, 38Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.



CAIBIDIOL IV.

Trosgadh Chríost agus cath d’á chur air. Géarleanmhaint air i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum.


1Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é, 2Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air. 3Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. 4Agus d’fhreagair Íosa é: Tá [ 149 ]sgríobhtha: [29]Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. 5Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé dho, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir, 6Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngra dam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m’rogha duine. 7D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir. 8Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: [30]Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin. 9Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh; 10Óir tá sgríobhtha: [31]Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor, 11Agus go ndéanfaidís tu ghabháil ’n-a nglacaibh sar a’ mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. 12Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: [32]Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia. 13Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire.


14Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-ais go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir. 15Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.

16Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh. 17Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha: 18[33]Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas, 19Chun fuasgailte dh’fhógairt do’n mhuintir atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus [ 150 ]dul as do’n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana fabhair an Tighearna a dh’fhógairt, agus lae an tuarasdail. 20Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.

21Agus thusnuigh sé ar a rádh leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. 22Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? 23Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad. 24Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin. 25Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir: 26Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias [34]ach ag triall ar an mnaoi a bhí ’n-a baintrigh i Sarepta Shidónia. 27Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu [35]ach Naaman an Síriánach. 28Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d’fheirg nuair airigheadar an chaint sin. 29Agus d’eirigheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. 30Ach do ghluais sé tré n-a lár agus d’imthigh sé uatha.


31Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid. 32Agus cuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.

33Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamh-ghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, 34Agus dubhairt: Leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé. [ 151 ]35Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó. 36Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhíodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach? 37Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de’n tír.

38Agus nuair eirigh Íosa ó’n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, [36]agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son. 39Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.

40Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad. 41Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost é.

42Agus nuair tháinig an lá d’imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte ’ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite ’n-a raibh sé, agus bhíodar ’ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.

43Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.


44Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.

[ 152 ]

CAIBIDIOL V.

An tógáilt mhírbhúilteach éisg. Leigheas an Lobhair, agus Leigheas an duine a bhí gan lúth. Maitiú d’á ghlaodhach.


1Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit. 2Agus do chonaic sé dhá luing ’n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta. 3Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing. 4Nuair a stad sé de’n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé’n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a thógaint. 5Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon. 6Dheineadar san, agus do ghabhdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raibh an líon d’á bhriseadh ortha. 7Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge. 8Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. 9Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu; 10Agus mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda. 11Agus chuireadar a loingeas ar tír, agus d’fhágadar gach nídh ’n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean.

12Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach, tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh, agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 13Agus do shín [ 153 ]sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach. 14Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, [37]agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.

15Ach sin mar ba mhó do leath an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. 16Agus d’imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.

17Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe. 18Agus féach, daoine agus fear acu d’á iompar ar thocht, agus é gan lúth, agus bhíodar a d’iarraidh é bhreith isteach agus é chur ’n-a láthair; 19Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa. 20Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit. 21Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin? 22Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh? 23Cé’cu is usa a rádh, Maithtear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad’ sheasamh agus siubhluigh? 24Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth), Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus imthigh chun do thighe féin. 25Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé. 26Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán [ 154 ]d’eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongantacha indiu.


27Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. 28Agus d’fhág seisean gach nídh ’n-a dhiaidh, agus d’eirigh sé agus do lean sé é.

29Agus do dhein Lebhí féasta múr dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair. 30Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach? 31Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite. 32Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.

33Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól? 34Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an céile ’n-a bhfochair? 35Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 36Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de’n éadach nua ní oirfeadh sé do’n tsean-éadach. 37Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair. 38Ach ní foláir an fíon nua do chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. 39Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an sean-fhíon.

[ 155 ]

CAIBIDIOL VI.

Críost ag gabháil leathsgéil a dheisgiobol. Leigheas d’á dhéanamh aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoghadh aige agus seanmóin aige á thabhairt dóibh.


1Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh arbhair an tarna céadshabbóid, agus go raibh na deisgiobuil ag stathadh na ndias agus ’ghá gcimilt idir a mbasaibh agus ’ghá n-ithe.[* 7] 2Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair? 4[38]Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise agus d’ith, agus thug sé do’n mhuintir a bhí i n’fhochair, agus ní dleaghthach d’aoinne iad a dh’ithe [39]ach do sna sagairt? 5Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.

6Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg; agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe. 7Agus bhí na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith. 8Ach bhí fios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh. 9Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh? 10Agus d’fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubhairt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige. 11Agus bhíodar-san lán de mhí[ 156 ]chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.


12Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé. 13Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san; 14Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, 15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, 16Agus Iúdás dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

17Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige, 18Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an mhuintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad. 19Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.


20[40]Agus thóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a dhaoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.

21Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.

22Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mac an Duine. 23Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.

24[41]Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.

[ 157 ]25[42]Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi.

26Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.

27Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: [* 8]Tugaidh grádh d’bhúr namhaid, deinidh maith do’n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh. 28Tugaidh beannacht do’n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.

29Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith. 30Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.

31Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó. 32Má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhóibh. 33Agus má dheineann sibh maith do’n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid na peacacha an nídh sin. 34[43]Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais. 35Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr [* 8]namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine. 36Bídhidh, d’á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach.

37Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar [ 158 ]daoibh. 38Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.

39Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg? 40Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.

41Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ shúil féin? 42Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do shúil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

43Óir ní’l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh. Mar aithnightear gach crann as a thoradh. 44Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach. 45Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.

46Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, [44]A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim? 47Gach duine a thagann chúgham-sa agus d’éisteann le m’ chaint agus a dheineann d’á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é: 48Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig. 49Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile ’n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.

[ 159 ]

CAIBIDIOL VII.

Seirbhíseach an taoisigh céad dá leigheas ag Críost Mac na baintirighe da thógaint ó’n mbás aige. Freagra uaidh do sna teachtairí a tháinig ó Eóin, agus maitheamhnachas ’á thabhairt aige do’n pheacach aithrígheach.


1Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, tháinig sé isteach go Capharnaum. 2Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis. 3Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. 4Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar: Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó, 5Óir tá grádh aige d’ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg dúinn. 6Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach: 7Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhíseach slán. 8Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é. 9Agus nuair a dh’airigh Íosa an méid sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin. 10Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.

11Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór. 12Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair, [ 160 ]agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi. 13Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bí ag gol. 14Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh. 15Agus d’eirigh an duine marbh ’n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d’á mháthair é. 16Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus [45]tháinig Dia ag féachaint a dhaoine. 17Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;

18Agus d’innseadar a dheisgiobuil d’Eóin na neithe sin go léir. 19Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 20Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 21Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall. 22Ansan d’fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d’ Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chonacabhair; [46]radharc ’á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d’á nglanadh, éisteacht ’á thabhairt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soisgéal d’á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh. 23Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa.

24Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh? 25Ach cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh. 26Ach cad a bhí [ 161 ]uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh. 27Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: [47]Féach, tá m’aingeal agam d’á chur rómhat amach agus ollmhóchaidh sé do shlígh rómhat. 28Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní’l fáidh is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é ’ná eisean. 29Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puibliocánaigh an chaint sin d’admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin.[* 9] 30Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.

31Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad? 32Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair. 33[48]Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann. 34Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. 35Agus tá an eagna ceartuighthe ó n-a clainn féin go léir.

36Agus d’iarr duine de sna Fairísinigh air dul agus bia chaitheamh i n’ fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird.[* 10] 37Agus féach bhí bean a bhí ’n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastsom ola, 38Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh. 39Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh [ 162 ]dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í. 40Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir. 41Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt; bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile. 42Ní raibh ar chumas aoinne acu díoluigheacht a dhéanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé ’cu de’n bheirt is mó grádh dhó? 43Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart. 44Agus d’iompuigh sé chun na mná, agus dubhairt sé le Símón: An bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad’ thigh-se, níor thugais-se dhom uisge dom’ chosaibh; ach do nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí iad le n-a gruaig. 45Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos. 46Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d’ong sí seo mo chosa le h-ola. 47D’á bhrígh sin adeirim leat: íTáid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.[* 11] 48Agus dubhairt sé léi-se: [49]Táid na peacaí maithte dhuit. 49Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd ar a rádh ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann chómh fada le peacaí mhaitheamh? 50Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcháin.

[ 163 ]

CAIBIDIOL VIII.

Parabal an tsíl. An stoirm d’á ciúnú ag Críost. An legion deamhan d’á gcur amach aige. An ghluaiseacht fola d’á leigheas, agus inghean Iaíruis d’á tógaint ón mbás aige.


1Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabháil tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis. 2Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ar a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh na seacht ndeamhain aisti, 3Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.

4Agus tráth d’á raibh sluagh ana-mhór cruinnighthe, agus iad ag ruith amach as na catharachaibh ag triall air, dubhairt sé, i bhfuirm soluíde:

5Chuaidh curadóir amach ag cur a chod’ síl; agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid de i n-aice an bhóthair; agus do gabhadh do chosaibh ann, agus d’itheadar éanlaithe an aeir é. 6Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige. 7Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é. 8Agus do thuit tuille dhe sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.

9Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. 10Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, [50]i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.[* 12] 11Sidí an tsoluíd. Isé briathar Dé an síol. 12An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal ’n-a [ 164 ]dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad. 13Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl. 14An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a dh’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh. 15Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.

16Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 17[51]Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte. 18Féachaidh, d’á bhrígh sin, conus a chloiseann sibh. Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó; agus an t-e ná fuil aige, tógfar uaidh gach a measann sé atá aige.

19Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an sluagh. 20Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu dh’fheisgint. 21Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre.


22Agus do thárla, lá de sna laethibh sin, go ndeaghaidh sé féin agus a dheisgiobuil ar bórd luinge, agus dubhairt sé leó: Téighmís treasna an locha. Agus chuadar ar aghaidh. 23Agus an fhaid a bhíodar-san ag cur na slíghe dhíobh do chuaidh seisean a chodla. Agus tháinig stoirm gaoithe ar an loch, agus bhíodar d’á líonadh agus bhíodar i gcontabhairt. 24Agus thánadar [ 165 ]chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an bás againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas. 25Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rádh le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?

26Agus do sheóladar an long go tír na nGerasénach atá ar aghaidh Ghaililí anonn. 27Agus chómh luath agus thánadar i dtír do rith chuige fear n-a raibh deamhan ann ar feadh mórán aimsire, agus ní raibh éadach uime, ná ní fhanadh sé i dtigh, ach ins na tuamaíbh. 28Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh. 29Óir bhí sé ’ghá órdú do’n annsprid teacht amach as an nduine. Óir do bheireadh sé air go minic; agus do ceangailtí é le slabhraibh agus le geimhlibh, agus do bhriseadh sé na slabhraí agus chomáineadh an deamhan amach fé’n bhfásach é. 30Agus do cheistigh Íosa é agus dubhairt: Cad é an ainim atá ort? Agus dubhairt seisean: Leigión; mar bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann. 31Agus bhíodar ’ghá iarraidh air gan a dh’órdú dhóibh dul síos sa n-aibhéis. 32Agus bhí tréad mór muc sa n-áit agus iad ag inníor ar an sliabh, agus d’iarradar air leigint dóibh dul isteach ionta. Agus do leig. 33Ansan d’imthigh na deamhain as an nduine agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais an tréad, le buile, ar mhullach a gcinn isteach sa loch agus do báthadh iad. 34Agus nuair chonaic an lucht fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d’innseadar sa chathair é agus ins na bailtibh. 35Agus tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach, agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, ’n-a ghlan-mheabhair agus éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus bhí eagal ortha. 36Agus an mhuintir a chonaic é d’inns[ 166 ]eadar dóibh conus a slánuigheadh é ó’n Leigión; 37Agus d’iarr pobul na nGerasénach go léir air imtheacht uatha, mar bhí eagla ana-mhór ortha. Agus chuaidh sé ar bórd na luinge agus tháinig sé thar n-ais. 38Agus an fear gur imthigh na deamhain as d’iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis: 39Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d’imthigh sé agus d’fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó.

40Agus do thárla, ar a theacht thar n-ais d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis. 41[52]Agus féach, tháinig chuige fear dár b’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’ghá iarraidh air dul chun a thighe, 42Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do thárla go raibh an tsluagh ag brúth air.

43Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas; 44Agus tháinig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici. 45Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Mháighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom? 46Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim. 47Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. 48Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.

49Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtaráin na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá [ 167 ]t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide. 50Agus d’airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán. 51Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín. 52Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla. 53Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh. 54Ach do rug sé féin ar láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. 55Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d’eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di. 56Agus bhí sgárd ar a h-athair agus ar a máthair; ach dubhairt sé leó gan a dh’innsint d’aoinne cad a bhí tuitithe amach.



CAIBIDIOL IX.

Na h-Asboil dá gcur amach ag Críost. Bia dá thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bhulógaibh. an t-Atharú gné do theacht air. Deamhan a’ duine dá chur amach aige.


1[53]Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh. 2Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite. 3Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh; 4Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann, agus ná h-imthighidh amach as. 5Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin [54]agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.

6Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.

[ 168 ]7Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine, 8Gur bh’é Eóin a dh’eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh’é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh’eirigh. 9Agus dubhairt Héród: Bhaineas-sa an ceann d’Eóin; ach cé h-é seo go n-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé a d’iarraidh é dh’fheisgint.

10Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida. 11Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad.

12Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso. 13Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: [55]Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir. Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. 14Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh ’n-a suidhe iad ’n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain. 15Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine go léir ’n-a suidhe. 16Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’á dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. 17Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh.


18Agus do thárla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? 19Agus [ 169 ]d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh. 20Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Críost Dé. 21Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt leó gan an nídh sin a dh’innsint d’aoinne, ’Ghá rádh:

22[56]Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.

23Agus dubhairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé. 24Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam. 25Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? 26[57]Óir an t-é do ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé ’n-a ghradam agus i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha, 27Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine ’n-a seasamh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé.

28Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh. 29Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach. 30Agus féach, bhí beirt ag cómhrádh leis, agus Maois agus Elias iad san. 31Do chonacthas iad i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhás, an bás a bhí aige le críochnú i nIerúsalem. 32Agus tháinig mairbhitíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n’fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chonacadar a ghradam, agus an bheirt a bhí ’n-a seasamh ’n-a [ 170 ]theannta. 33Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh. 34Agus an fhaid a bhí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a bhíodar ag dul isteach sa sgamall. 35Agus do labhair guth as an sgamall agus dubhairt: [58]Isé seo mo Mhac dílis-se; deinidh éisteacht leis. 36Agus le linn an ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n’aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar.

37Agus do thárla, an lá ’n-a dhiaidh san, ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh, gur bhuail sluagh mhór uime. 38Agus féach, do labhair duine de’n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Mháighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní’l agam ach é; 39Agus féach, beireann an deamhan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ghá leagadh agus ’ghá stracadh as a chéile, agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis ach ’ghá stracadh. 40Agus d’iarras ar do dheisgiobuil é chur amach, agus do theip sé ortha. 41Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creideamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh? Tabhair anso do mhac. 42Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé ’ghá stracadh. 43Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d’á athair é. 44Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.

45Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus níor leig eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin.

[ 171 ]46[59]Agus d’eirigh tnúth eatartha féachaint cé ’cu dhíobh ba mhó. 47Agus chonaic Íosa na smuínte a bhí ’n-a gcroidhe, agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé ’n-a sheasamh i n’aice é. 48Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.

49Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé linne. 50Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar, an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé [60]libh.


51Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem. 52Agus chuir sé teachtairí roimis amach, agus chuadar isteach i gcathair de chatharachaibh na Samaritánach chun neithe chur i dtreó dhó. 53Agus níor leigeadar isteach é toisg a ghnúis a bheith daingean ar dhul go Ierúsalem. 54Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: [61]A Thighearna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh? 55Agus d’iompuigh sé ortha agus thug sé milleán dóibh, agus dubhairt sé: Ní fios daoibh an spioraid atá ionaibh. 56[62]Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile.

57Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubhairt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna, pé ball ’n-a ngeobhair. 58Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac an Duine ní’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann. 59Dubhairt sé, ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt seisean: A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair do chur. 60Agus dubhairt Íosa leis: Leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein [ 172 ]rígheacht Dé d’fhógairt. 61Agus dubhairt duine eile: Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é dh’innsint do’n mhuintir atá sa bhaile. 62Dubhairt Íosa leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní’l sé oireamhnach do rígheacht Dé.



CAIBIDIOL X.

Teagasg ag Críost á thabhairt do’n dáréag as trí fichid deisgiobul. Iad dá gcur amach chun oibre. An Samaritánach fóghanta.


1Tar éis na neith sin do cheap an Tighearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.

2Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.

3Imthighidh: Féach, táim ’bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh ameasg machtírí. 4Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus [63]ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh. 5Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. 6Agus má’s mac síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air; murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 7Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, [64]óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.

8Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair; 9Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Ta rígheacht Dé buailte libh. 10Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh: 11[65]Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach bíodh [ 173 ]fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht. 12Deirim libh gur saoire a raghaidh muintir Shodom as an lá san ’ná mar a raghaidh muintir na catharach san.

13Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg duit-se, a Bhetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbhúiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu ’n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaithrigh. 14Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón as lá an bhreitheamhntais ’ná mar a raghaidh sibh-se as. 15Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh, curfar síos tu go h-ifreann.

16[66]An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne.

17Agus tháinig an dáréag a’s trí fichid thar n-ais agus gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid na deamhain féin fé n-ár smacht tré t’ainim-se. 18Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Shátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. 19Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. 20Sa n-am gcéadna ná bíodh gáirdeachas oraibh toisg spioraidí bheith fé nbhúr smacht, ach bíodh gáirdeachas oraibh toisg bhúr n-ainimneacha bheith sgríobhtha ins na flathais.

21Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admhuighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b’é sin do thoil.[* 13] 22Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair [ 174 ]ach do’n Mhac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú. 23Agus d’iompuigh sé chun a dheisgiobul, agus dubhairt sé: [67]Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn na neithe a chíonn sibh-se. 24Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.


25Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú? 26Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú? 27Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: [68]Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. 28Agus dubhairt seisean leis: Thugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. 29Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa? 30Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh. 31Agus do thárla go raibh sagart ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 32Mar an gcéadna do thárla go raibh Lebhíteach i n-aice na h-áite, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 33Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó; 34Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó. 35Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. 36[ 175 ]’cu de’n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do’n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach? 37Agus dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar an gcéadna.

38Do thárla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh’ ainim Marta isteach ’n-a tigh féin é. 39Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh’ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar. 40Agus bhí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom. 41Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort, 42Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.



CAIBIDIOL XI.

Críost ghá mhúineadh d’á dheisgiobolaibh conas guidhe chun Dé. Deamhan bailbhe dá chur amach a’ duine aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá bhfógairt ortha, tré na bhfeall.


1Agus do thárla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe dhéanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil. 2Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh abraidh: [69]Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 3Ár n-arán laethamhail tabhair dúinn indiu. 4Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do [ 176 ]chách a dheineann cionta i n-ár n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc.

5Agus dubhairt sé leó: Cé’cu agaibh-se go mbeadh duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar iasacht dom, 6Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as a shlígh agus ní’l aon nídh agam le cur os a chómhair, 7Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a’m chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am’ theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabhairt duit; 8Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná h-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach. 9Agus deirim-se libh-se: [70]Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 10Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. 11Agus cé’cu agaibh-se a dh’iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? 12Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó? 13Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?

14Agus bhí deamhan aige d’á dhíbirt as duine, agus deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar an sluagh. 15Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach. 16Agus d’iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh. 17Agus, ó chonaic sé na smuínte a bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte na coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de. [ 177 ][71]Tuitfidh tigh ar thigh. 18Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. 19Má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrígh sin tabharfaid siad-san breith oraibh-se. 20Agus má’s le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 21Nuair a bhíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síothcháin ar gach nídh ’n-a sheilbh. 22Ach má thagann fear is treise ’ná é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid. 23An t-é ná fuil liom tá sé am’ choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon liom deineann sé sgaipeadh.

24Nuair a bhíonn an spioraid truaillighthe imthighthe as an nduine gluaiseann sé tré áiteanaibh gan uisge a d’iarraidh suaimhnis, agus nuair a theipeann air, deir sé: Fillfead chun mo thighe as a dtánag amach. 25Agus nuair a thagann sé gheibheann sé an tigh sguabtha glan órnáideach. 26Ansan imthigheann sé agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa staid deirineach an duine sin ’ná a chéad staid.

27Agus do thárla, nuair a dubhairt sé an méid sin, gur labhair bean sa tsluagh do ghuth árd agus go ndubhairt sí: Is beannuighthe an bhroinn a dh’iompar thu agus na cíocha a dheólais. 28Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.

29Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: [72]Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. 30[73]Óir, fé mar a bhí Iónas ’n-a chómhartha do mhuintir Ninebhe, beidh Mac an Duine ’n-a chómhartha do’n tsliocht so. 31Eir[ 178 ]eóchaidh [74]Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón. 32Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; [75]mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó ’ná Iónas.

33Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 34Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndorchadas. 35Tabhair aire, d’á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith ’n-a dhoircheacht agat. 36Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.

37Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh. 38Agus do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus ar a rádh leis féin: Cad n’a thaob ná nígheann se é féin roim bhia chaitheamh? 39Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhalluightheacht. 40A dhaoine gan chiall, nách é an t-é a dhein an taobh amuigh do dhein an taobh istigh? 41Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.

42Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan súd do leigint ar lár.

43Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidh[ 179 ]cháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh. 44Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feictear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.

45Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlíghe é, agus dubhairt: A Mháighistir, ag rádh na cainte sin duit tá masla agat ’á thabhairt dúinne, leis. 46Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí.[* 14]

47Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b’iad bhúr n-aithreacha do mharbhuigheadh na fáidhe.[* 15] 48Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh ’n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha ’ghá marbhadh agus sibh-se ag cur na leacht suas dóibh. 49Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh; 50I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain. 51[76]Ó fhuil Ábeil go fuil [77]Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so.

52Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisgeabhair iad.

53Agus nuair a bhí na neithe sin aige ’á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe, 54Ag déanamh fill air, a d’iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís ’n-a leith é.

[ 180 ]

CAIBIDIOL XII.

Foláramh ag Críost á thabhairt dúinn gan cealgaireacht do dhéanamh; gan eagla bheith orainn roimis an saoghal; agus bheith i gcómhnuighe ag faire orainn féin.


1Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil: Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.

2Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis. 3Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.

4Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh. 5Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin. 6Ná díoltar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní’l aon ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe. 7Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná a lán gealbhún.

8Agus deirim libh: [78]An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé. 9Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal Dé.

10Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; [79]ach an t-é a dhéanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é.

11Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhachtacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagró[ 181 ]chaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh. 12Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.


13Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair lem’dhritháir an oighreacht do raint liom. 14Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn? 15Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.

16Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: [80]Thug a chuid tailimh ana-thoradh d’fhear shaidhbhir áirithe. 17Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí. 18Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; 19Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas. 20Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t-anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? 21Sin mar atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn saidhbhir chun Dé.

22Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, [81]ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh. 23Is mó le rádh an t-anam ’ná an bia, agus is mó le rádh an corp ’ná an t-éadach. 24Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bhíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san? 25Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin? 26Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile. 27Féachaidh ar na [ 182 ]lilíbh, conus mar a dh’fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh Salomón ’n-a ghradam éidighthe mar cheann acu san. 28Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? 29Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh. 30Óir siniad go léir na neithe a bhíonn ag geinte an domhain d’á lorg. Ach is eól d’bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin. 31Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir.

32Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh. 33[82]Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, [83]stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh. 34Óir an áit ’n-a bhfuil bhúr stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe.

35Bíodh bhúr gcriosa fáisgithe agaibh, agus lóchrana ar lasadh i nbhúr lámhaibh. 36Agus sibh mar bheadh daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfillfeadh sé ó’n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó. 37Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal. 38Agus má thagann sé sa tarna faire, agus sa trímhadh faire má thagann sé, agus go bhfaghaidh sé mar sin iad, is aoibhinn do sna seirbhísigh sin. 39Ach bíodh fios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh. 40Agus bídhidh-se ollamh, óir [84]ní’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.

41Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go [ 183 ]léir? 42Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar a chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth? 43Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé. 44Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é. 45Ach má deir an seirbhíseach san, ’n-a chroidhe féin, Tá mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht: 46Tiocfaidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne aige leis, agus an uair nách eól dó, [85]agus deighilfidh sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díth-chreidimh.

47Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thighearna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór. 48Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

49Chun teine chur ar an dtalamh so iseadh thánag, agus cad ’tá uaim ach go lasfadh sí? 50Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlíonfar é!

51[86]An dóigh libh gur chun síothchána chúr ar an dtalamh so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun deighilte. 52Óir beidh, feasda, cúigear sa n-aon tigh deighilte, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh trír. 53Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile.

54Agus dubhairt sé leis an sluagh: Nuair a chíonn sibh sgamal ag eirighe lastiar, abrann sibh láithreach: Tá cith ag teacht; agus bíonn amhlaidh; 55Agus (nuair a chíonn sibh) an ghaoth andeas abrann sibh: Beidh brothal [ 184 ]ann; agus bíonn. 56A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?

57Agus cad ’n-a thaobh ná breithnigheann sibh uaibh féin an nídh is ceart? 58[87]Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu. 59Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach.



CAIBIDIOL XIII.

An riachthanas atá le h-aithríghe dhéanamh. An crann fíge a bhí seasg. Leigheas na mná a bhi Leice, agus ⁊rl.


1Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.

2Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: An dóigh libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh eile, treás go dtáinig an íde sin ortha? 3Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh síbh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir. 4Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem? 5Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.

6Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine ’n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair. 7Agus dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann fíge seo agus ní bhfaghann é; gearr é: [88]cad chuige [ 185 ]go mbeadh an talamh aige? 8Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar ’n-a thímpal agus go gcuiread leasú leis, 9Ansan má thugann sé toradh uaidh; ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda.

10Agus bhíodh sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidibh. 11Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor; 12Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ ghearán. 13Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia. 14Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dhéanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide. 15Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide? 16Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal san lá na sabbóide? 17Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáirdeachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a dheineadh sé chómh glórmhar.

18Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é? 19[89]Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur ’n-a gháirdín, agus d’fhás sé, ’gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir ’n-a ghéagaibh.

20Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé? 21[90]Is cosmhail é leis an ngiost a thóg bean, agus d’fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí gur ghlac an mhin go léir an giost.


22Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré [ 186 ]sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhéin Ierúsalem. 23Agus dubhairt duine leis: A Thighearna, an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt seisean leó: 24[91]Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.[* 16] 25[92]Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se. 26Ansan tusnóchaidh sibh ar a rádh: D’itheamair agus d’ólamair os do chómhais, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh. 27Agus déarfaidh sé libh: [93]Ní fheadar cad as daoibh-se; [94]imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. 28Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach. 29Agus tiocfaid siad ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, ó’n gceann tuaidh agus ó’n gceann teas, agus suidhfid siad síos i rígheacht Dé. 30Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire.

31An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha. 32Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá. 33Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d’fhághail bháis lasmuigh d’Ierúsalem.

34[95]A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé [ 187 ]n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 35Féach, fágfar agaibh bhúr dtigh go folamh, agus deirim libh ná feicfidh sibh mise go dtagaidh an tráth ’n-a ndéarfaidh sibh, Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.



CAIBIDIOL XIV.

An duine go raibh an líonadh ann dá leigheas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riachtanas atá le gach nídh do thréigean chun go leanfí Críost.


1Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. 2Agus féach bhí ’n-a láthair duine go raibh líonadh ann. 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? 4Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é. 5Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagairt sin: Cé’cu agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? 6Agus níor fhéadadar freagra thabhairt air sin.

7Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha. 8Nuair a gheobhair cuireadh chun bainise ná suidh sa tsuidhchán uachtarach, le h-eagla go mbeadh duine is onóráighe ’ná thu tar éis cuireadh dh’fhághail uaidh, 9Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaithfá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort. 10Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuireadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: [96]A chara, eirigh níos sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó’n gcuideachtain. 11Óir [97]gach aoinne a dh’árdóchaidh é féin, [ 188 ]Ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.

12Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: [98]Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla go dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-ais duit. 13Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill, 14Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.

15Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht Dé. 16Agus dubhairt seisean leis: [99]Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d’á lán daoine. 17Agus chuir sé a sheirbhíseach amach, nuair a tháinig am an fhéasda, chun a rádh leis an muintir a fuair cuireadh gur mhithid dóibh teacht mar go raibh gach nídh ollamh. 18Agus chromadar go léir i n-aonfheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom dul amach ’ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. 19Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas chúig seisreacha damh, agus táim ag dul ’ghá dtriail: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. 20Agus dubhairt duine eile, Phósas bean, agus d’á bhrígh sin ní féidir dom teacht. 21Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mháighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh. 22Agus dubhairt an seirbhíseach, A thighearna, do deineadh mar a dh’órduighis, agus tá slígh fós. 23Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh. 24Deirim [ 189 ]libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhia.

25Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis, agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leó: 26Má thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d’á athair agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn, agus d’á dhritháracha agus d’á dhriféaracha, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam.[* 17] 27Agus an t-é ná deineann a chros féin d’iompar agus teacht am’ dhiaidh, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam. 28Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? 29Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, 30Agus go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur suas, agus ní’l ar a chumas críochnú. 31Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dhéanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh’ fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht ’n-a choinnibh agus fiche míle aige? 32Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. 33Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.

34Is maith an rud salann, ach má chailleann an salann a bhlas, cad leis go ndéanfar deigh-bhlasta é? 35Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé.

[ 190 ]

CAIBIDIOL XV.

Parabal na caorach a cailleadh, agus parabal an mhic a bhí ró-chaithteach.


1Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. 2Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.

3Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo:

4[100]Cé’cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? 5Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, 6Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh. 7Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.

8Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich [101]ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é? 9Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas. 10Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe.[* 18]

[ 191 ]11Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige; 12Agus dubhairt an mac ab óige acu le n’athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d’chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. 13Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne. 14Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. 15Agus d’imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod’ tailimh ag cothú mhuc. 16Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. 17Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta! 18Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; 19Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded’ lucht tuarasdail a thuilleamh.

20Agus d’eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é. 21Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. 22Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, 23Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; 24Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.

25Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus [ 192 ]bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d’airigh sé an ceól agus an rinnce, 26Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna seirbhísigh, agus d’fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar siubhal. 27Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige. 28Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air. 29Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a dhéanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dhéanamh le m’cháirdibh; 30Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó. 31Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am’ fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam; 32Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.



CAIBIDIOL XVI.

Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir shaidhbhir agus Lasaruis.


1Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. 2Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda. 3Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin, Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. 4Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé. 5Agus do ghlaoidh sé chuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha [ 193 ]agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort? 6Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. 7Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. 8Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.[* 19]

10An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. 11D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? 12Agus murar dhílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? 13[102]Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamh-shuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus [103]mammon.

14Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. 15Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh [ 194 ]daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.

16An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; [104]as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.

17Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh.

18[105]Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, deineann sé adhaltranas.

19Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá. 20Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh; 21Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. 22Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.[* 20] 23Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; 24Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. 25Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnigh, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. 26Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as san ag triall orainne. 27Agus dubhairt sé: Iar[ 195 ]raim ort, d’á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m’athar: 28Mar tá cúigear drithár agam: go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo. 29Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. 30Agus dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha déanfaid siad aithrighe. 31Agus dubhairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe, ní chreidfidís duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh sé ag triall ortha.



CAIBIDIOL XVII.

Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht creidimh, agus ⁊rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh Críost.


1Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. 2B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.

3Tugaidh aire dhaoibh féin. [106]Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é. 4Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó.

5Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn. 6Agus dubhairt an Tighearna: [107]Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.

7Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, [ 196 ]Imthigh láithreach agus suidh chun bídh? Agus ná déarfaidh leis, 8Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól. 9An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidheachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh’órduigh sé dhó a dhéanamh? 10Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair.


11Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí; 12Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deichniúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh, Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: 13A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. 14Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: [108]Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad. 15Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d’fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, 16Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabháil a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é. 17Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad? 18Nár fuaradh aoinne chun teacht agus glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so? 19Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.

20Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air. 21Ná ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.

22Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta ’n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de [ 197 ]laethibh Mhic an Duine a dh’fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é. 23Agus déarfaid siad libh, Féach anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.

24Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neithe atá fé’n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine ’n-a lá féin. 25Ní foláir dó ar dtúis, ámhthach, mórán d’fhulang, agus an tsliocht só ’ghá shéanadh. 26[109]Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine. 27Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir. 28[110]Díreach mar a thárla i laethibh Loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe; 29Agus an lá a dh’imthigh Lot amach a’ Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir. 30Mar sin iseadh bheidh, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.

31An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d’iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais. 32Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit. 33Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.

34Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 35Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile; Beirt fhear sa pháirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 36Dubhradar leis ’ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna? 37Agus dubhairt sé leó: An áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.

[ 198 ]

CAIBIDIOL XVIII.

Ní foláir dúinn bheith ag guídhe chun Dé i gcómhnuíghe. Na Fairisínigh agus na puibliocánaigh. An chontabhairt ata i saidhbhreas. A radharc a thabhairt do’n dall.


1Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart [111]bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe. 2Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. 3Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid.[* 21] 4Agus ní dhéanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam, sa n-am gcéadna, 5ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. 6Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart; 7Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air do ló agus d’oidhche? 8Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh?

9Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: 10Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile. 11Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin. 12Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim [ 199 ]deachmhadh as a bhfuil agam. 13Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé. 14Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é.


15Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic na deisgiobuil an nídh sin bhíodar ’ghá gcosg. 16Agus ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh ’ghá gcosg; óir is d’á leithéidí sin rígheacht Dé. 17Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.

18Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? 19Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. 20Táid na h-aitheanta agat: [112]Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair do t’athair agus dod’mháthair onóir. 21Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige. 22Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. 23Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é. 24Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus dubhairt an mhuintir a bhí ag éisteacht leis: Má ’seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad.

[ 200 ]28Agus dubhairt Peadar: Féach, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní’l aon duine a dh’fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígheachta Dé, 30ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.

31[113]Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. 32Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air; 33Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. 34Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh.


35[114]Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do Ierichó do thárla go raibh dall i n-aice an bhóthair ag lorg déarca. 36Agus nuair airigh sé an tsluagh ag gabháil thairis d’fhiafraigh sé cad ab é sin. 37Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó. 38Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, a Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 39Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 40Agus do stad Íosa agus dubhairt sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht ’n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? 41Agus dubhairt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. 42Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. 43Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.

[ 201 ]

CAIBIDIOL XIX.

Críost dá ghlacadh ag Sacaeus ’n-a thigh. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.


1Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bhí sé ag siubhal tríd an gcathair. 2Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. 3Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é. 4Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. 5Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu. 6Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach. 7Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht. 8Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair. 9Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis. 10[115]Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.

11Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.

12Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: [116]D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. 13Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh cean[ 202 ]naidheachta go dtagad.[* 22] 14Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’ghá rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. 15Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leis an gceannaidheacht. 16Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt deich bpúint. 17Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh. 18Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint. 19Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn chúig mbailte, 20Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam. 21Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus baineann tú an fóghmhar nár chuiris. 22Agus dubhairt sé leis, As do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch-sheirbhísigh. Bhí ’fhios agat gur duine cruaidh mé, go dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim an fóghmhar nár chuireas; 23Agus cad ’n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thiocfainn go n-éileóchainn é féin agus an t-úncamus? 24Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do’n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. 25Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. 26Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. 27Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.

28Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.


29Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do [ 203 ]Bhetphagé i mBetánia, láimh leis an sliabh ar a dtugtar Olibhet, gur chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil, 30Agus go ndubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile atá ar bhur n-aghaidh anonn; agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ceangailte ann searrach asail nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é agus tugaidh chúgham é. 31Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 32Agus d’imthigh na teachtairí, agus fuaradar, mar a dubhairt sé, an searrach ’n-a sheasamh. 33Agus nuair a bhíodar ’ghá sgaoileadh dubhairt an mhuintir n-ar leó é: Cad chuige dhaoibh bheith ag sgaoileadh an tsiorraigh? 34Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna. 35Agus thugadar ag triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. 36Agus ag gluaiseacht dó bhíodar ag leathadh a mbrat amach ar an slígh. 37Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar d’fhánaidh Olibheit, thusnuigh na deisgiobuil go léir ar Dhia do mholadh le gáirdeachas, do ghuth árd, mar gheall ar na mírbhúiltí móra go léir a chonacadar. 38Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais. 39Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. 40Agus dubhairt sé leó: Deirim libh, má éistid siad san, go liúghfaid na clocha amach.

41Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé: 42Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh. 43Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh. 44Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat.

45Agus chuaidh sé isteach sa teampul, agus chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do [ 204 ]dhíbirt amach as. 46’Ghá rádh leó: Tá sgríobhtha: [117]Tigh cun úrnuighthe iseadh mo thigh-se: Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.


47Agus bhí sé ag teagasg sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na í h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis, 48Agus níor bh’ fhéidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.



CAIBIDIOL XX.

Parabal an lucht saothruighthe. I dtaobh cánach a dhíol le Caesar. Agus i dtaobh aiseirighe na marbh.


1Agus do thárla, lá de sna laethantaibh sin, agus é ag teagasg na ndaoine sa teampul agus ag craobhsgaoileadh an tsoisgéil, go dtáinig uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 2Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san? 3Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin. Tugaidh freagra orm: 4An baisteadh a dhein Eóin, ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? 5Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? 6Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin. 7Agus d’fhreagradar ná raibh fhios acu cár bh’ as é. 8Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.

9Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: [118]Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh ias[ 205 ]achta ar feadh abhfad. 10Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. 11Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é. Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. 12Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine: Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. 13Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó. 14Ach nuair a chonaic an lucht saothruighthe é dheineadar machtnamh, agus dubhradar: Sidé an t-oighre; marbhuighmís é i dtreó go mbeidh an oighreacht againn. 15Agus chaitheadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt leó san? 16Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saothruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san! 17Agus d’fhéach sé ortha agus dubhairt sé: Má seadh cad é seo atá sgríobhtha: [119]An chloch a chaith na saoir uatha tá sí ’n-a cloich chinn chúinne. 18An t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, bascfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

19Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.

20Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra. 21Agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar: A Mháighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíor; 22An dleaghthach dhúinn cíos do dhíol le Caesar, nó gan a dhíol? 23Agus mar chonaic sé an feall a bhí ionta, dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh [ 206 ]bheith a’m brath? 24Taisbeánaidh pingin dom. Cé leis an íomháigh agus an sgríbhinn atá uirthi? D’fhreagradar agus dubhradar: Le Caesar. 25Agus dubhairt sé leó: [120]Má seadh tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 26Agus níor fhéadadar locht fhághail ar a chaint i láthair na ndaoine; agus le h-iongna, mar gheall ar an bhfreagra, d’éisteadar.

27Agus tháinig cuid de sna Sadducíneachaibh, daoine a shéanann aiseirighe na colna, agus chuireadar ceisd chuige, 28Agus dubhradar: A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn, [121]Má gheibheann dritháir dhuine bás agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhritháir an bhean agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 29Bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan sliocht. 30Do thóg an tarna duine acu an bhean, agus fuair sé sin bás, leis, gan sliocht. 31Do thóg an trímhadh duine í. Agus mar sin do’n mhórsheisear go léir, agus níor fhágadar sliocht, agus fuaradar bás. 32’N-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 33Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu dhíobh go mbeidh sí ’n-a mnaoi aige? óir bhí sí ’n-a mnaoi, ag an mórsheisear. 34Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo. 35Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná. 36Óir ní fhéadfaid siad bás d’fhághail a thuille; óir beid siad ar aon dul leis na h-aingil agus ’n-a gclainn ag Dia, mar isiad clann na h-aiseirighe iad.

37Ach taisbeánann Maois féin, ag an dtor, go n-eireóchaidh na mairbh, mar a dtugann sé ar an dTighearna [122]Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iácóib. 38Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. 39Agus d’fhreagair cuid de sna Sgríbhneóiríbh é agus dubhradar: A Mháighistir, is maith adubhraís é. 40Agus as san amach níor leómhaigh aoinne acu aon cheist do chur chuige.

[ 207 ]41Agus dubhairt sé leó: Conus adeirid siad Críost a bheith ’n-a mhac ag Dáibhid, 42Agus go ndeir Dáibhid féin, i leabhar na Salm, [123]Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna: Suidh ar mo dheis, 43Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh. 44Tugann Dáibhid a Thighearna air; agus conus atá sé ’n-a mhac aige?

45Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh agus na daoine go léir ag éisteacht leis: 46Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i róbaíbh fada, agus daoine bheith ag fáiltiú dhóibh ar an margadh, agus na suidhcháin uachtaracha dh’fhagháil ins na sinagógaibh, agus na h-ineada uachtaracha ag na féastaíbh. 47Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.



CAIBIDIOL XXI.

Cianóg na baintríghe. Na cómharthaí a thiocfadh roim íde Ierúsalem, agus roim dheire an tsaoghail.


1Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. 2Agus chonaic sé baintreach bhocht ag teacht, agus chuir sí dhá chianóig isteach ann. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir. 4Óir is d’á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach i dtabharthas Dé, ach is d’á h-uireasba a chuir sí seo isteach rud, a raibh an tsaoghal aici.


5Agus bhí daoine éigin ’á rádh, i dtaobh an teampail, gur bh’ áluinn na clocha a bhí ann agus na tíodhlaicí, agus dubhairt sé: 6Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan raobadh. 7Agus cheistigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, cathain a bheidh san amhlaidh, agus cad é an cómhartha a bheidh ar na neithe sin a bheith ag teacht? [ 208 ]8Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.

9Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná bíodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós. 10Ansan dubhairt sé leó: Eireóchaidh cine i n-aghaidh cine agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta,

11Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra.

12Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se. 13Beidh san i n’fhiadhnuise dhaoibh-se, ámhthach. 14Ceapaidh i nbhúr n-aigne, d’á bhrígh sin, gan machtnamh a dhéanamh roim ré ar conus a fhreagróchaidh sibh, 15Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh. 16Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus búr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun báis. 17Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se. 18Ach ruibe de ghruaig bhúr gcinn ní raghaidh amú. 19I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.

20[124]Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh. 21Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun na gcnoc, agus na daoine atá ’n-a lár imthighdís amach, agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti; 22Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha. 23Is léanmhar, ámhthach, do lucht clainne dh’iompar agus do lucht banaltranais ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo. 24Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar [ 209 ]i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.

25[125]Agus beidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíorthaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn. 26Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh. 27Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal le mór-chómhacht agus le gradam. 28Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh. 29Agus do labhair sé soluíd leó: Chíonn sibh an crann fíge agus na crainn go léir; 30Nuair a bhionn a dtoradh acu d’á chur amach is eól daoibh an samhra bheith buailte libh. 31Mar sin daoibh-se; nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht bíodh ’fhios agaibh rígheacht Dé bheith buailte libh. 32Abraim libh go deimhin ná beidh an tsliocht so imthighthe go gcómhlíonfar na neithe seo go léir. 33Raghaidh neamh agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.

34Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh. 35Óir tiocfaidh sé ar nós gaiste ar na daoine go léir atá suidhte ar uachtar an domhain uile. 36Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag déanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.

37Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d’imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet. 38Agus thagadh na daoine go léir go moch ar maidin isteach sa teampul chun bheith ag éisteacht leis.

[ 210 ]

CAIBIDIOL XXII.

Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de thuairisg na Páise.


1Agus bhí féile an aráin gan giost i n-achmaireacht, ar a dtugtar an Cháisg. 2Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun báis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. 3Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. 4Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. 5Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. 6Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann.


7Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú. 8Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. 9Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é? 10Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann; 11Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? 12Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan. 13Agus d’imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d’ ollamhuigheadar an cháisg.

14Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair; 15Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom; 16Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlíonfar é i rígheacht Dé. 17Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus [ 211 ]dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; 18Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé. 19[126]Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; déinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.[* 23] 20Agus mar an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt sé: An chailís í seo an tiomna nua am’ chuid fola, a doirtfar ar bhúr son.

21Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd am’ theannta. 22Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, [127]fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é. 23Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíob a bhí chun san do dhéanamh.

24Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé’cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar. 25Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. 26Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’fhear friothálmha. 27Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a shuidhe nó an t-é atá ag friothálamh? Nách é an t-é atá ’n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothálamh. 28Agus is sibh-se do lean am’ fhochair-se am’ chathaíbh. 29Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa; 30Sibh a bheith ag ithe agus ag ól ar mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.

[ 212 ]31Agus dubhairt an Tighearna: A Shímóin, a Shímóin, féach, tá Sátan ar bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh; 32Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre. 33Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis. 34Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó:

35[128]Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? 36Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. 37Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómhlíonadh ionam-sa: [129]Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó. 38Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní beag san.


39Agus chuaidh sé amach, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. 40Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh. 41[130]Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, 42Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. 43Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh. 44Agus bhí allus air a bhí ’n-a bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. 45Agus nuair a dh’eirigh sé ó’n nguidhe agus tháinig sé chun a dheisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré bhrón. 46Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla? [ 213 ]Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh.

47An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó. 48Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a dheineann tú Mac an Duine do bhrath? 49Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n’aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna? 50Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt agus bhain sé an chluas dheas de. 51Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. 52Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? 53Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.


54Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar, 55Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg. 56Agus chonaic cailín aimsire é ’n-a shuidhe sa tsolus, agus d’fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis, i n’fhochair siúd. 57Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air. 58Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus dubhairt sé: Is díobh súd tusa leis. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní díobh.[* 24] 59[131]Agus i gcionn tímpal [ 214 ]uair a’ chluig ’n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo ’n-a theannta súd, mar is Gaililíach é. 60Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. 61Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire. 62Agus d’imthigh Peadar amach agus do ghoil sé go dubhach.

63Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déanamh magaidh faoi agus ’ghá bhualadh. 64Agus dheineadar a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? 65Agus deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó.

66[132]Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Sgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa chómhairle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost. 67Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreidfidh sibh mé; 68Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, ’ná ní leigfidh sibh uaibh mé. 69Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé. 70Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: [133]Deirthí-se gur mé. 71Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é.



CAIBIDIOL XXIII.

Tuairisg na Páise ar leanmhaint.


1Agus d’eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é. 2Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na [ 215 ]ndaoine ar a n-aimhleas, [134]agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é. 3Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.

4Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. 5Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. 6Nuair a dh’airigh Pílát Gaililí d’fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine. 7Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.

8Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é dh’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh. 9Agus dhein sé a lán cainte ’ghá cheistiú. Ach níor thug seisean aon fhreagra air. 10Agus sheasaimh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith. 11Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. 12Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á chéile roimis sin.

13Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. 14Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus [135]ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith. 15Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach, níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás. 16Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é.

17Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar gheall ar lá na féile. 18Ach do liúigh an pobul go léir [ 216 ]agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúghainn Barabbas, 19Fear a bhí istigh le marbhú duine agus mar gheall ar cheannairc a deineadh sa chathair. 20Ach do labhair Pílát leó airís a d’iarraidh Íosa do leigint saor. 21Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. 22Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: [136]Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. 23Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. 24Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh. 25Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air.


26Agus nuair a bhíodar ’ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh’ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó’n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh’iompar i ndiaidh Íosa.

27Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. 28Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bídhidh ag gol ar bhúr son féin agus ar son bhúr gclainne. 29Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne. 30[137]An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn. 31Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?

32Agus bhí beirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun báis.

33Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis agus an duine [ 217 ]eile ar a láimh chlé. 34Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.

35Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia. 36Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó, 37Agus deiridís: Má’s tú rí na n-Iúdach saor thú féin. 38Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACH É SEO.

39Agus thug duine de’n bheirt bhitheamhnach a bhí ar crochadh masla dhó, agus deireadh sé: Má’s tú Críost dein tu féin agus sinne do shaoradh. 40Ach do fhreagair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-bhreith chéadna? 41Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhí tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. 42Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa. 43Agus dubhairt Íosa leis: Deirim leat go fíor go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se.[* 25]

44Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. 45Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár. 46Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: [138]A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rádh na bhfocal san dó, d’éag sé.

47Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla [ 218 ]thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras. 48Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. 49Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin.


50Agus féach, [139]fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; 51Níor thoiligh sé leis an gcómhairle ’ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b’eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé: 52Tháinig sé sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, 54Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht.[* 26]

55Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chonacadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann. 56Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan [140]do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.

[ 219 ]

CAIBIDIOL XXIV.

Aiseiríghe Chríost, agus conus mar a thug sé é féin le feisgint d’á dheisgiobulaibh.


1Ach an chéad lá de’n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. 2Agus fuaradar an chloch iompuighthe siar ó’n dtuama. 3Agus chuadar isteach agus ní bhfuaradar corp an Tighearna Íosa. 4Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha. 5Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubhradar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh? 6Ní’l sé anso, ach tá sé tar éis eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós i nGaililí, 7Nuair adubhairt sé:[141] Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá. 8Agus do chuimhnigheadar ar an gcaint a dubhairt sé. 9Agus d’fhilleadar ó’n dtuama, agus d’innseadar na neithe sin go léir don aoinne déag féin agus do’n chuid eile go léir, 10Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí ’n-a bhfochair, a dh’innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh. 11Agus do samhlúigheadh dóibh ná raibh sa chaint sin ach caint gan chiall agus níor thugadar aon chreideamhaint di. 12Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach.

13Agus féach,[142] bhí beirt acu-san ag imtheacht an lá céadna ag dul go dtí baile a bhí trí fichid stad ó Ierúsalem, agus Emmaus ainim an bhaile. 14Agus bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir a bhí tuitithe amach. 15Agus do thárla, agus iad ag cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; 16Agus [ 220 ]do coimeádadh a súile gan é dh’aithint. 17Agus dubhairt sé leó: Cad í an chaint seo ar siúbhal agaibh eadraibh, ar an slígh, agus sibh buartha? 18Agus d’fhreagair duine acu é dár bh’ ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Íerúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo? 19Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dtaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine, 20Agus conus mar a dhein na h-árd-shagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun báis, agus é chéasadh. 21Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a dh’fhuasgailt, agus n-a theannta san a’s uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach. 22Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn, 23Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó. 24Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. 25Agus dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídheacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamhaint. 26Ná raibh ar Chríost na neithe sin d’fhulang agus teacht ar an gcuma san isteach ’n-a ghlóire? 27Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.

28Agus bhíodar tagaithe chun an bhaile go rabhadar ag dul ann, agus do leig seisean air go raibh sé ag dul níos sia. 29Agus dheineadar tathant air, agus dubhradar: Fan againne, mar tá sé n-a thráthnóna agus tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé leó isteach. 30Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é. 31Ansan do h-osgaladh a súile agus d’aithnigheadar é, agus d’imthigh sé as a radharc. 32Agus dubhradar le chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scriptiúra dhúinn? 33Agus d’eirigheadar láithreach agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar [ 221 ]an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh i n-aonfheacht leó, 34Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad. 35Agus d’innseadar féin cad a bhí d’éis tuitim amach ar an slígh, agus conus mar a dh’aithnigheadar é i mbriseadh an aráin.

36[143]Agus an fhaid a bhíodar ag caint mar sin, do sheasaimh Íosa ’n-a measg agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh. Is mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 37Ach bhí buaireamh ortha, agus sgannradh, mar do mheasadar gur spioraid a chonacadar. 38Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? 39Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha orm agus feicidh; ní’l feóil agus cnámha ag spioraid mar a chíonn sibh atá agam-sa. 40Agus nuair a dubhairt sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa. 41Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh’íosfí? 42Agus thugadar chuige blúire d’iasg rósta agus criathar meala. 43Agus nuair a bhí ithte aige os a gcómhair thóg sé an fuighleach agus thug sé dhóibh é.

44Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh. 45Ansan d’osgail sé a n-aigne dhóibh i dtreó go dtuigfidís an scriptiúir. 46Agus dubhairt leó:[144] Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá, 47Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí. 48[145]Agus is fínnithe sibh-se ar na neithe sin. 49Agus táim-se ag cur geallamhna m’ Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.[* 27]

[ 222 ]50Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus thóg sé a dhá lámh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht ortha. 51[146]Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flathais é. 52Agus dheineadar-san Dia d’adhradh agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha. 53Agus bhídís coitchianta sa teampul ag moladh Dé agus ’ghá adhradh. Amen.

Nótaí
  1. Gníomh. i. 1.
  2. 1 Par. xxiv. 10.
  3. Exod. xxx. 7; Lebhit. xvi. 17.
  4. Mal. iv. 6.
  5. Isáias vii. 14.
  6. Infra ii. 21.
  7. Dan. vii. 14, 27; Mich. iv. 7.
  8. Isáias li. 9; Salm xxxii. 10.
  9. 1 Righ. ii. 5; Salm xxxiii. 11.
  10. Gen. xvii. 9; xxii. 16; Salm cxxxi. 11; Isáias xli. 8.
  11. Supra 13.
  12. Salm lxxiii. 12.
  13. Salm cxxxi. 17.
  14. Gen. xxii. 16.
  15. Mal. iv. 5.
  16. Mal. iv. 2.
  17. 1 Rígh. xx. 6.
  18. Mich. v. 2.
  19. Gen. xvii. 12; Lebhit. xii. 3.
  20. Lebhit. xii. 6.
  21. Exod. xii. 2; Uimh. viii. 16.
  22. Lebhit. xii. 8.
  23. Isaias viii. 14.
  24. Gníomh. iv. 6.
  25. Isáias xl. 3.
  26. Séam. ii. 15; 1 Eóin iii. 17.
  27. Gníomh. i.5; xi. 16; xix. 4.
  28. Mait. iii. 17; xvii. 5. Infra ix. 35. 2 Pead. 1. 17.
  29. Deut. viii. 3.
  30. Deut. vi. 13; x. 20.
  31. Salm xc. 11.
  32. Deut. vi. xvi.
  33. Isáias lxi. 1.
  34. 3 Rígh. xvii. 9.
  35. 4 Rígh. v. 14.
  36. Mait. viii. 14; Marc. i. 31.
  37. Lebhit. xiv. 4.
  38. 1 Rígh. xxi. 6.
  39. Exod. xxix. 32; Lebhit. xxiv. 9.
  40. Mait. v. 2.
  41. Eccli. xxxi. 8; Amos vi. 1.
  42. Isáias lxv. 13.
  43. Deut. xv. 8.
  44. Mait. vii. 21; Rómh. ii. 13; Séam. i. 22.
  45. .i. chun trócaire dhéanamh ortha.
  46. Isáias xxxv. 5.
  47. Mal. iii. 1.
  48. Mait. iii. 4; Marc. i. 6.
  49. Mait. ix. 2.
  50. Isáias vi. 9; Gníomh. xxviii. 26.
  51. Mait. x. 26; Marc. iv. 22.
  52. Mait. ix. 18; Marc. v. 22.
  53. Mait. x. 1; Marc. iii. 15.
  54. Gníomh. xiii. 51.
  55. Eóin vi. 9.
  56. Mait. xvii. 21; Marc. viii. 31; ix. 30.
  57. Mait. x. 33; Marc. viii. 38; 2 Tim. ii. 12.
  58. 2 Pead. i. 17.
  59. Mait. xviii. 1; Marc. ix. 33.
  60. .i. ag cabhrú libh.
  61. 4 Rígh. i. 10.
  62. Eóin iii. 17; xii. 47.
  63. 4 Rígh. iv. 29.
  64. Deut. xxiv. 14; 1 Tim. v. 18.
  65. Gníomh. xiii. 51.
  66. Mait. x. 40; Eóin xiii. 20.
  67. Mait. xiii. 16.
  68. Deut. vi. 5.
  69. Mait. vi. 9.
  70. Mait. vii. 7; xxi. 22; Marc. xi. 24; Eóin xiv. 13; Séam. i. 5.
  71. Mait. xii. 25; Marc. iii. 25.
  72. Mait. xii. 39.
  73. Ión. ii. 1.
  74. .i. banríghin Séba; feic 3 Rígh. x. 1.
  75. Ión. iii. 5.
  76. Gen. iv. 8.
  77. 2 Par. xxiv. 22.
  78. Mait. x. 32; Marc. viii. 38; 2 Tim. ii. 12.
  79. Mait. xii. 32; Marc. iii. 29.
  80. Eccli. xi. 19.
  81. Salm liv. 23; Mait.vi. 25; 1 Pead. v. 7.
  82. Mait. xix. 21.
  83. Mait. vi. 20.
  84. Apoc. xvi. 15.
  85. .i. gearrfaidh sé amach é ó fhíoraonaibh.
  86. Mait. x. 34.
  87. Mait. v. 25.
  88. .i. Bíodh an áit ag crann fóghanta.
  89. Mait. xiii. 31; Marc. iv. 31.
  90. Mait. xiii. 33.
  91. Mait. vii. 13.
  92. Mait. xxv. 10.
  93. Mait. vii. 23.
  94. Salm vi. 9.
  95. Mait. xxiii. 37.
  96. Sean-ráidhte xxv. 7.
  97. Mait. xxiii. 12.
  98. Tob. iv. 7; Sean-ráidhte iii. 9.
  99. Mait. xxii. 2; Apoc. xix. 9.
  100. Mait. xviii. 12.
  101. .i. Pingin Rómhánach: an t-ochtmhadh cuid d’uinge airgid.
  102. Mait. vi. 24.
  103. .i. saidhbhreas saoghalta.
  104. Mait. xi. 12.
  105. Mait. v. 32; Marc. x. 11; 1 Cor. vii. 10, 11.
  106. Lebhit. xix. 17; Eccli. xix. 13; Mait. xviii. 15.
  107. Mait. xvii. 19.
  108. Lebhit. xiv. 2.
  109. Gen. vii. 7.
  110. Gen. xix. 25.
  111. Eccli. xviii. 22; 1 Tess. v. 17.
  112. Exod. xx. 13.
  113. Mait. xx. 17; Marc. x. 32.
  114. Mait. xx. 29; Marc. x. 46.
  115. Mait. xviii. 12.
  116. Mait. xxv. 14.
  117. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.
  118. Isáias v. 1; Ierem. ii. 21.
  119. Salm cxvii. 22; Isáias xxviii. 16; Gníomh. iv. 11.
  120. Rómh. xiii. 7.
  121. Deut. xxv. 5.
  122. Exod. iii. 6.
  123. Salm cix. 1.
  124. Dan. ix. 27.
  125. Isáias xiii. 19; Ezech. xxxiii. 7; Ióel ii. 10, 31; iii. 7.
  126. 1 Cor. xi. 24.
  127. Salm xl. 9.
  128. Mait. x. 9.
  129. Isáias liii. 12.
  130. Mait. xxvi. 39; Marc. xiv. 25.
  131. Eóin xviii. 26.
  132. Mait. xxvii. 1; Marc. xv. 1; Eóin xviii. 28.
  133. .i. Is fíor gur mé.
  134. Mait. xxii. 21; Marc. xii. 17.
  135. Eóin xviii. 38; xix. 4.
  136. Mait. xxvii. 23; Marc. xv. 14.
  137. Isáias ii. 19; Ósee x. 8; Apoc. vi. 16.
  138. Salm xxx. 6.
  139. Mait. xxvii. 57; Marc. xv. 43; Eóin xix. 38.
  140. Exod. xx. 10.
  141. Supra ix. 22.
  142. Marc. xvi. 12.
  143. Marc. xvi. 14; Eóin xx. 19.
  144. Salm xviii. 6.
  145. Gníomh. i. 8.
  146. Marc. xvi. 9; Gníomh. i. 9.


Mínithe
  1. Ver. 5. “D’uanuigheacht Abia,” .i., de rang Abia, agus glactar an focal sa Ghréigis, do gnáth, i gcéill oibre aon lae amháin, ach sa n‑áit seo cialluigheann sé obair seachtmhaine. Óir, tré cheapadh Dháibhid (I. Paral. 24) do rainneadh sliocht Aaróin ’n‑a teithre treabhchasaibh fichid, agus is ó Abia tháinig an t‑ochtmhadh chreabhchas díobh, agus is ar an dtreabhchas san a bhí Sacarias, agus bhí sé sin an uair sin ’n‑a sheachtmhain oibre sagairt.
  2. Ver. 48. “Déarfaid … gurab aoibhinn dom.” Ínnstear anso an onóir a bhí le tabhairt ag an Eaglais do’n Mhaighdin Muir i gcaitheamh na gcéadta blian go léir. Féachadh Protestúntaigh an mbaineann an targaireacht so leó i n‑aon chor.
  3. Ver. 69. Adharc chun slánuighthe, .i. slánú cómhachtach, mar a chuireann Dr. Uetem síos é. …Sa Scriptiúir cialluigheann “adharc” neart, nú cómhacht.
  4. Ver. 7. “A céadghein.” Ní h‑amhliadh a chialluigheann an chaint go raibh tuille clainne aici n‑a dhiaidh san. Nós cainte ag na h‑Eabhraigh ab eadh “céadghein” do thabhairt ar leanbh bíodh na beadh ag an lánmhain sin ach an t‑aon leanbh amháin sin.
  5. Ver. 34. “chun díthe.” Táinig Críost chun na cine daona go léir do shaoradh, ach d’innis Simeón anso an nídh a bhí le teacht .i. go mbeadh a lán a dhiúltóchadh’, tré n‑a gceanntréine féin agus tré n‑a ndaille toilteanach féin, do theagasg Chríost, agus na glacfadh a chreideamh, agus go mbeadh san ’n‑a thrúig díthe dhóib; agus go mbeadh a lán eile a bheadh umhal do Críost agus do ghlacfadh an creideamh agus a chimeadfadh a dhlígh, agus go mbeadh san, i n’ adhbhar aiseirighthe dhóibh sin.
  6. Ver. 23. “Mac Hélí,” Ó Iacób a shíolruigh N. Ióseph do réir nadúra, ach i gcúntas na dlíghe mac do Hélí ab eadh é, óir clann aon mháthar ab eadh Iacób agus Hélí, agus Hélí an fear ba shine acu. Fuair Hélí bás gan aon chlann. Ansan b’éigion do Ióseph, do réir na dlighe baintreach Hélí do phósadh, agus an mac a tháinig ó’n bpósadh san, is do Hélí a h-ainmnígheadh é. B’shin é an dlígh.
  7. Ver. 1. “An tarna céad-shabbóid.”—Deir drong gur b’í Sabbóid na Cínncíse a cialluíghtear anso, mar gur bhí sin an tarna féile mhór do réir úird; deir drong eile go gcialluightear ann an tsabbóid a thagann i ndiaidh aon fhéile sholmanta.
  8. 8.0 8.1 Sin rud nár h-iarradh a dhéanamh roimis sin.
  9. Ver. 29. “D’admhuíghdar ceart Dé,” .i. do mholadar Dia mar gheall ar a cheart, agus tháinig eagla Dé ortha. D’admhuighdar é bheith ceart agus é bheith trócaireach.
  10. Ver. 36. “Duine de sna Fairisínigh,” .i. Símón.
  11. Ver. 47. “Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha.” Sa scriptiúir, uaireanta, ainimníghtear toradh d’aon chúis amháin bíodh go mbíonn a lán cúiseana ag dul chuige. Deirtear anso go bhfuilid a peacaí maithte do’n mhnaoí seo mar gheall ar “mhéid a grádha,” ach i Ver. 50, deir Críost léi, “do shaor do chreideamh thu.” Fágann sán go dtéidheann creideamh agus dóchas agus grádh agus dólás croidhe, agus a lán eile deagh-mhéinní, chun duine dh’iompáil ar Dhia.
  12. Ver. 10. “Ionus go bhfeicfidís agus ná feicfidís.” (Feic an nóta, Marc. iv. 12.)
  13. Ver. 21. “Do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air,” .i. Do réir a dhaonachta do ghlac sé áthas sa Spioraid Naomh agus ghaibh sé buidhchas le n’ Athair Síoruídhe.
  14. Ver. 46. “Mairg daoibh-se féin, a lucht eolais ar an ndlígh,” .i. dochtúirí dlíghe Maoise, .i. na Sgríbhneóirí.
  15. Ver. 47. “Is mairg daoibh-se.”—Ní ghá rádh é gur dhroch-nídh na tuamaí chur suas do sna fáidhibh chun onóra thabhairt dóibh, ach ag imdheargadh na gcuirptheach úd a bhíodh ag déanamh na n-oibreacha san ar mhaithe leó féin, chun creideamhna dh’fhághail dóibh féin, chun ainim cráibhtheachta dh’fhághail, i dtreó go bhféadfidís easonóir a thabhairt do Rí na bhfáidhí.
  16. Ver. 24. “A d’iarraidh dul,” .i. Beid siad a d’iarraidh a n-anam do shábháil, ach ní fhéadfaid siad é toisg nar dheineadar dícheall air, agus ná rabhdar dáiríribh sa ghnó.
  17. Ver. 26. “Gan fuath aige.”—Ní cheaduigheann dlígh Chríost dúinn fuath a thabhairt d’ár namhaid féin, gan trácht ar ár n-athair agus ár máthair. Ach isé brígh atá leis an gcaint ’ná so, .i. gur ceart dúinn ár n-aigne bheith socair againn ar sgaramhaint le gach nídh, agus le gach duine d’á annsacht, do choisgfadh sinn ar Chríost do leanmhaint.
  18. Ver. 10. “I lathair aingeal Dé.”—Taisbeánann an chaint sin go bhfuil suím ag aingealaibh na bhflathas ionainne atá annso thíos, agus go mbíonn áthas ortha nuair a dheinimíd aithrighe, agus d’á bhrígh sin go mbíonn eólus acu air.
  19. Ver. 9. “An saidhbhreas claon,” nó “mammon na malluightheachta”—cialluígheann Mammon saidhbhreas. Tugtar annso ar shaidhbhreas “mammon na malluightheachta,” óir is minic a gheibhtear go h-olc é, agus is minic a curtar go h-olc é, agus is minic olc ag treacht as. Agus pé maith atá ann is rud saoghalta é agus is rud bréagach é. Ní h-é an fíor-shaidhbhreas é do’n Chríostaídhe.—“I dtreo go nglacfidís”—ibid. Taisbeánann san dúinn go mb’ fhéidir go bhféadfadh bochta Dé, gur thugamair faoiseamh ortha le déirc anso, ár n-anam do bhreith isteach i bhflathas Dé ’n-a dhiaidh so le n-a nguidhe.
  20. Ver. 22. “ucht Ábraham,” .i. an t-inead suainis ’n-a raibh anamnacha na naomh a fuair bás roim Chríost go dtí gur osgail Críost geataí na bhflathas.
  21. Ver. 3. “Dein díoghaltas dom ar mo namhaid,” .i. “Bain mo cheart amach dom.” Nós cainte ab eadh é ag na h-Eabhraigh.
  22. Ver. 13. “Thug sé dóibh deich bpúint.”—An nídh ar a dtugtar púnt anso is mná a tugtí an uair sin air, nú, sa Laidin mina, agus dob ionan é agus trí púint leath-choróinn d’ airgead na h-aimsire seo.
  23. Ver. 19. “Deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.”—Tá an ídhbirt agus an tsácramínt sin le leanmhaint sa n-Eaglais go dtí deire an tsaoghail, chun báis Chríost do theasbáint os árd go dtí go dtiocfidh sé. Ach ní chuireann an commemoratio san, nú i gcuímhneamh san, i n-aon chor, i gcoinnibh fola agus feóla ár Slánuightheóra a bheith láithreach go fírinneach fé ghné an aráin agus an fhíona so a chuireann i n-úil a bhás. A mhalairt is fíor, óir is le n-a órdú féin a deintear an cuímhneamh san agus an commemoratio san ar á bhás, nuair ofráltar i n-ídhbirt agus nuair a glactar, sa tsácramínt, a chorp naomhtha féin agus a chuid fola naomhtha féin, le n-ar fhuasgail sé sinn.
  24. Ver. 58. “Agus i gcionn . . .”—Tabhair fé ndeara anso, chun na cheithre soisgéalaidhthe thabhairt d’á chéile, go raibh níos mó ná aoinne amháin do chuir i leith Pheadair gur dheisgiobol do Chríost é, go dtí fé dheire, gur chuireadar fhéachaint air shéanadh trí h-uaire. 1. Cailín an doruis do leog isteach é, chonaic sí ag an dteine é ’n-a dhiaidh san, agus isí do chuir an cheist ar dtúis chuige, agus do dheimnigh sí go raibh sí i bhfochair Chríost. 2. Ansan chuir cailín eile ’n-a leith é, os cómhair a raibh láithreach, agus, as san, do chuir duine des na leith é, agus dhein Peadar an tarna séanadh. 3. Ansan thug tuille d’á raibh láithreach fé ndeara Gaililíach, é agus bhí do Mhalcus láithreach agus dubhairt sé go bhfeacaidh sé féin sa gháirdín é, ansan do dhein Peadar an trímhadh séanadh.
  25. Ver. 43. “I bhflathas Dé,” .i. sa n-inead suainis agus áthair agus aoíbhnis síoruidhe. B’é toil Íosa Críost, i bhfuirm príbhléide áirithe, luacht saothair a chreidimh agus a admhála thabhairt do’n fhoghluidhe sin a dhein athrighe, .i. a pheacaí agus gach pionós d’ár lean iad do mhaitheamh dó agus é bheith leis, tar éis a bháis, isteach i gcómhluadar na neamh, sa limbo san a bhí le h-atharú n-a pháraithis chómh luath do raghadh ár Slánuightheóir síos ann.
  26. Ver. 54. “Parasceue,” .i. an oídhche, nú lá an ollamhuighthe, do’n tSabbóid.
  27. Ver. 49. “Geallamhna m’Athar,” An Spioraid Naomh n-ar gheall Críost do gcuirfadh chúcha é. (Eóin xiv. 26, agus xvii. 7.)


Mínithe (Vicífhoinse)
  1. Níl aon chomhartha sa bhundoiciméad faoin áit ar cóir don fhonóta seo a bheith ann. Tá cuma dealraitheach ar an véarsa 79, ach ní gá go bhfuil seo ceart.