Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/212

From Wikisource
This page has been proofread.
202
Caib. XIX. 14
LÚCÁS

naidheachta go dtagad.[* 1] 14Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’ghá rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. 15Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leis an gceannaidheacht. 16Tháinig an chéad duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt deich bpúint. 17Agus dubhairt sé leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith; ó bhís dílis sa bheagán beidh cómhacht agat ar deich mbailtibh. 18Agus thainig an tarna duine agus dubhairt sé, A rí, dhein do phúnt chúig phúint. 19Agus dubhairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn chúig mbailte, 20Agus tháinig fear eile agus dubhairt sé, A rí, siné do phúnt agat. Bhí sé fillte i n-éadach agam. 21Óir bhí eagal agam rómhat, mar is duine cruaidh thu. Tógann tú an rud nár chuiris síos, agus baineann tú an fóghmhar nár chuiris. 22Agus dubhairt sé leis, As do bhéal féin a bheirim breith ort, a dhroch-sheirbhísigh. Bhí ’fhios agat gur duine cruaidh mé, go dtógaim an rud nár chuireas síos, agus go mbainim an fóghmhar nár chuireas; 23Agus cad ’n-a thaobh nár chuiris mo chuid airgid sa bhanc, i dtreó, nuair a thiocfainn go n-éileóchainn é féin agus an t-úncamus? 24Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do’n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. 25Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. 26Deirim-se libh-se, ámhthach, an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, tógfar uaidh an rud atá aige. 27Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.

28Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige, chuaidh sé ar aghaidh ag dul suas go h-Ierúsalem.


29Agus do thárla, nuair a bhí sé ag teacht i ngar do

  1. Ver. 13. “Thug sé dóibh deich bpúint.”—An nídh ar a dtugtar púnt anso is mná a tugtí an uair sin air, nú, sa Laidin mina, agus dob ionan é agus trí púint leath-choróinn d’ airgead na h-aimsire seo.