This page has been proofread.
SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST
DO RÉIR
LÚCÁIS
I n‑Antíoch príomh-chathair na Síria iseadh do rugadh Lúcás Naomhtha. Liagh ab eadh é, agus deir cuid de sna seana-sgríbhneóirí go raibh sé n‑a phéintéir oilte. D’iompuigh Pól naomhtha ’n‑a Chríostaidhe é agus bhí sé aige ’n‑a dheisgiobul agus ’n‑a chomrádaidhe ar a chuardaíbh, agus ag obair ’n‑a theannta i ngnó an tSoisgéil. Do sgríbh sé i nGréigis, tímpal cheithre bliana fichid tar éis deasgabhála ár dTighearna.
CAIBIDIOL I.
Coimbeart Eoin Baiste, agus coimbeart Chríost. Cuairt na Maighdine Muire, agus a cantic. Teacht Eóin Baiste ar an saoghal, agus cantic Sacariais.
1Ó thárla go bhfuil iarracht déanta agá lán daoine ar chúntas a thabhairt, i ndiaidh chéile, ar na neithibh seo atá tagaithe chun cinn i n‑ár measg, 2Fé mar a tugadh dúinn iad ó sna daoine a chonaic iad le n‑a súilibh agus do dhein friothálamh ar an gcaint, 3Cheapas féin go bhféachfainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se, [1]a Théophiluis uasail, 4I dtreó go mbeadh agat fios fírinne na bhfocal a múineadh duit.
5Do bhí, i n‑aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, [2]d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.[* 1]
- ↑ Gníomh. i. 1.
- ↑ 1 Par. xxiv. 10.
- ↑ Ver. 5. “D’uanuigheacht Abia,” .i., de rang Abia, agus glactar an focal sa Ghréigis, do gnáth, i gcéill oibre aon lae amháin, ach sa n‑áit seo cialluigheann sé obair seachtmhaine. Óir, tré cheapadh Dháibhid (I. Paral. 24) do rainneadh sliocht Aaróin ’n‑a teithre treabhchasaibh fichid, agus is ó Abia tháinig an t‑ochtmhadh chreabhchas díobh, agus is ar an dtreabhchas san a bhí Sacarias, agus bhí sé sin an uair sin ’n‑a sheachtmhain oibre sagairt.
137
11