chaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh. 12Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.
13Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair lem’dhritháir an oighreacht do raint liom. 14Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn? 15Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.
16Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: [1]Thug a chuid tailimh ana-thoradh d’fhear shaidhbhir áirithe. 17Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí. 18Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; 19Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas. 20Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t-anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat? 21Sin mar atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn saidhbhir chun Dé.
22Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, [2]ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh. 23Is mó le rádh an t-anam ’ná an bia, agus is mó le rádh an corp ’ná an t-éadach. 24Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bhíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san? 25Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin? 26Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile. 27Féachaidh ar na
- ↑ Eccli. xi. 19.
- ↑ Salm liv. 23; Mait.vi. 25; 1 Pead. v. 7.