Jump to content

Na Cheithre Soisgéil/Marcus

From Wikisource
[ 87 ]

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

MHARCUIS


Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus mínightheóir dó (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh é ó Pheadar féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal gearr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é, agus d’órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir Baronius, agus tuille gur sa Laidin a dheineadh an sgríbhinn, ach tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é.




CAIBIDIOL I.

Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d’á bhaiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúiltí.


1Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé.

2Mar atá sgríobhtha i n‑Isáias fáidh: [1]Féach, táim ag cur mo teachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat. [2]3Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. 4Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí. 5Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n‑abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. 6Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom, [3]agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. 7Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht ’ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige. [ 88 ][4]8Do bhaisteas-sa sibh le h‑uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioriad Naomh.

9Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n‑Iórdan. 10Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túirling air. 11Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

12Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; 13Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h‑aingil ag friothálamh air.


14Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. 15Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.

16Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cuf líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). 17Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh. 18Agus d’fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. 19Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó’n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; 20Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d’fhágadar ansan sa luing Sebedé a n‑athair agus a lucht oibre, agus do leanadar eisean.


21Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. [5]22Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.

[ 89 ]23Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach: 24Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n‑a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h‑é thu, Aon Naomhtha Dé. 25Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bí ciúin agus imthigh amach as an nduine. 26Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh; sé amach as. 27Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h‑annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? 28Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir.

29Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n‑aonfheacht le Séamus agus le h‑Eóin. 30Agus bhí máthair céile Shímóin ’n‑a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach ’n‑a taobh. 31Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.

32Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. 33Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; 34Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, [6]agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.

35Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h‑áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. 36Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí ’n‑a theannta. 37Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. 38Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n‑ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.

[ 90 ]39Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.

40Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 41Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lám agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. 42Agus nuair a dubhairt sé an focal d’imthigh an lobhra de’n duine láithreach, agus bhí sé glan. 43Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach, 44Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h‑innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, [7]na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 45Ach chómh lúath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nar fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h‑áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.



CAIBIDIOL II.

An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige ’á chosaint.


1Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airis isteach i gCapharnaum. 2Agus do h‑airigheadh go raibh sé i dtigh ann, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d’á labhairt leó. 3Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar. 4Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n‑a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n‑áit ’n‑a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n‑a luighe ar leabaidh, an duine a bí gan lúth. 5Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, [ 91 ]dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. 6Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann ’n‑a suidhe agus iad ag machtnamh ’n‑a gcroidhe: 7Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d’á dhéanamh. [8]Cé fhéadfad peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? 8Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n‑a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n‑a n‑aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? 9Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? 10Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuíl ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) 11Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 12Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riamh a leithéid, a deiridís.

13Agus d’imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé ’ghá dteagasg. 14Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n‑a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.

15Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ’n‑a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san ’ghá leanmhaint, leis. 16Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n‑a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach? 17D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h‑ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa [9]ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

[ 92 ]18Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trosgaidh, agus thánadar chuige agus dubhradar: Cad ’n‑a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 19Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaid is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an céile acu ’n‑a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; 20Ach tiocfaidh an lá i n‑a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 21Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n tseana-éadach, agus méadófar an stracadh. 22Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-arthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h‑árthaí; ach is i n‑árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.

23Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheisgiobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsabbóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. 24Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 25Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh [10]cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t‑ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 26Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n‑aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a d’ith sé na bulóga fiadhnaise [11]nár dhleaghthach d’aoinne a dh’ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n‑ithe iad do’n muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 27Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. 28I gcás go bhfuil Mac an Duine ’n‑a mháighistir ar an sabbóid féin.

[ 93 ]

CAIBIDIOL III.

An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. An dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamasla acu á dhéanamh.


1Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. 2Agus bhíodar ag faire air, féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas sa tsabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n‑a leith é. 3Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amhach anso i lár baill. 4Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal. 5Agus d’fhéach sé ’n‑a thímpal ortha go feargach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. 6Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n‑a choinnibh féachaint conus a thiocfad leó é mhilleadh.

7Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa, 8Agus a’ Ierusalem, agus a h‑Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. 9Agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h‑eagla go mbrúthfaidís é. 10Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis; 11Agus na h‑annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h‑árd: 12Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é dh’fhoillsiú. 13Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.

14Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n‑a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. 15Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do leigheas agus ar [ 94 ]dheamhnaibh do chur amach. 16Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. 17Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca tóirthnighe. 18Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach, 19Agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

20Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. 21Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air, mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. 22Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, [12]dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. 23Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? 24Agus má bhíonn rígheacht deighilte ’n‑a coinnibh féin ní féidir do’n rígheacht san seasamh: 25Agus má bíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile ’n‑a chodaibh ní féidir do’n teaghlach san seasamh; 26Agus má eirigheann Sátan ’n‑a choinnibh féin, tá se ’n‑a chodaibh ranntha, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. 27Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. [13]28Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad; 29Ach an t‑é a dhéanfaidh diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. 30Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.

31Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n‑a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. 32Agus bhí na daoine ’n‑a suidhe ’n‑a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus, iad at’ lorg. 33Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Cé h‑iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? 34Agus d’fhéach sé ’n‑a thimpal ar [ 95 ]an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 35Óir, an t‑é a dhéanfaidh toit Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.



CAIBIDIOL IV.

Parabal an churadóra. An stoirm d’á ciúnadh ag Críost.


1Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n‑aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n‑aice an uisge, ar an dtalamh tirim. 2Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:

3Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. 4Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tsíol i n‑aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. 5Agus do thuit tuille dhe ar áit i n‑a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. 6Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. 7Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. 8Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. 9Agus dubhairt sé: An t‑é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.

10Agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. 11Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rúndiamhraibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluidíbh; [14]12I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidis, agus ag éisteacht go n‑aireóchaidís agus ná tuigfidís, [ 96 ]sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.[* 1] 13Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir? 14An t‑é a chuireann an síol isé an briathar a chuireann sé. 15An mhuintir i n‑aice an bhóthair, sin iad an mhuintir, nuair a curtar an briathar agus go gcloisid siad é, go dtagann an namhaid láithreach agus go dtógann sé chun suibhail an briathar a cuireadh mar shíol ’n‑a gcroidhthibh. 16Agus mar an gcéadna an mhuintir a ghlacann an síol ins na clochaibh, siniad an mhuintir, nuair a dh’airighid siad an briathar, a ghlacann láithreach é le h‑áthas, 17Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach. 18Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg na sgeach; siniad na daoine a dh’éisteann leis an mbriathar, 19Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus [15]mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é. 20Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thriochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.

21Agus dubhairt sé leó: An chuige thagann an lóchrann soluis chun go gcurfí fé bhéal árthaigh é, nú fé leabaidh? 22Nách anáirde ar choinnleóir a curtar é? Óir ní’l rud i bhfolach ná tabharfar chun soluis, agus níor deineadh rún de ach i dtreó go nochtfaí e. 23Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.

24Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n‑a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n‑a [ 97 ]dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis. 25Óir an t‑é go bhfuil aige tabharfar tuille dhó, agus an t‑é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.

26Agus dubhairt sé: Sin mar atá rígheacht Dé, fé mar a chaithfeadh duine an síol sa talamh, 27Agus go mbeadh sé ag dul a chodladh agus ag eirighe gach n‑oídhche agus gach lá, agus go mbeadh an síol ag préamhú agus ag fás a gan fhios dó. 28Óir tugann an talamh a thoradh i n‑aisge, an geamhar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t‑arbhar iomlán sa déis. 29Agus nuair a thugann sé an toradh uaidh, cuireann seisean an corán ann láithreach mar tá an fóghmhar buailte leis.

30Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n‑a gcuirfeam i gcomparáid é? [16]31Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talamh gur lúgha é ’ná aon tsíol eile d’á bhfuil sa talamh, 32Agus nuair a curtar é, agus go n‑eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n‑a sgáth.

33Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis. 34Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.


35Agus dubhairt sé leó an lá san, nuair a bhí an déanaighe ann: Téighmís anonn treasna. 36Agus chuireadar uatha na daoine agus thógadar leó é, mar a bhí sé, isteach sa luing, agus bí loingeas eile i n’fhochair. 37Agus d’eirigh stoirm mór ghaoithe, a bhí ag cur na dtonn isteach sa luing i dtreó go raibh an long d’á líonadh. 38Agus bhí sé féin i ndeire na luinge, agus é ’n‑a chodladh ar adhart; agus dúisighid é, agus deirid: A Mháighistir, an cás leat é go bhfuilimíd d’ár mbáthadh? 39Agus d’eírigh sé agus do smachtuigh sé an ghaoth, agus dubhairt sé leis an bhfaraige: Éist, bí ciúin. Agus do tháinig ciúnas mór. 40Agus dubhairt sé leó-san: Cad fá an t‑eagla so oraibh? Ná fuil [ 98 ]creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n‑a chéile: Cé h‑é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?



CAIBIDIOL V.

Legión deamhan ag Críost dá chur amach a duine. An chailleamhaint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á tógaint ó’n mbás.


[17]1Agus thanadar treasna na faraige go tír na nGerasénach. 2Agus nuair a tháinig sé amach as an luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na h‑uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, 3Agus ins na h‑uaghnaibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh’fhéidir feasda é cheangal le slabhraíbh féin, 4Óir do ceangaladh é go minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile, agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. 5Agus bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d’oidhche, ins na h‑uaghnaibh agus ins na cnocaibh, ag liúirigh agus ’ghá ghearradh féin le clochaibh. 6Agus nuair a chonaic sé Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó. 7Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n‑ainim Dé gan mé phianadh. 8Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a spioraid shailigh. 9Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: [18]Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn. 10Agus bhí sé ’ghá iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. 11Bhí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an chnuic. 12Agus d’iarr na deamhain achainíghe air, agus dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach ionta. 13Agus thug Íosa an achainíghe dóibh láithreach. Agus d’imthigh na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas [ 99 ]le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. 14Agus na daoine a bhí ’ghá n‑aodhaireacht do ritheadar agus d’innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus tháinig na daoine amach féachaint cad a tharla. 15Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan ’ghá mhilleadh, ’n‑a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é ’n‑a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha. 16Agus d’innis an mhuintir a chonaic é dhóibh cad a tharla do ’n fhear go raibh an deamhan ann, agus i dtaobh na muc. 17Agus chromadar ar thathant air go n‑imtheóchadh sé as a dtír.

18Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan ’ghá chrádh, ar a iarraidh go leigfí leis é. 19Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort. 20Agus d’imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir.

21Agus nuair a thainig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige. [19]22Agus tháinig duine d’uachtaránaibh na sinagóige, dár bh’ ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh, 23Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionas go leighisfí í agus go mairfeadh sí. 24Agus d’imthigh sé ’n‑a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n‑aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.

25Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht uaithi ar feadh dhá bhliain déag, 26Agus bhí mórán fuilingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthi, ach í ag dul i n‑olcas; 27Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar a éadach; 28Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú baint le n‑a bhrat beidh mé slán. 29Agus do thriomuigh [ 100 ]sruth a cod’ fola an neómat san, agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó’n ngearán. 30Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m’chuid éadaigh? 31Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom? 32Agus d’fhéach sé ’n‑a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean a dhein é. 33Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus thainig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne. Agus dubhairt seisean léi: 34A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.

35Le línn na bhfocal san a rádh dhó, tháiníg cuid de mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar: Tá t’inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a thuille trioblóide ar an Máighistir? 36Agus d’airigh Íosa an focal san agus dubhairt sé le h‑uachtarán na sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. 37Agus níor leis sé d’aoinne dul leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. 38Agus thánadar isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé an bhuairt agus an t‑árd-ghol agus an lógóireacht go léir. 39Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá an cailín, ach ’n‑a codladh. 40Agus do gháireadar uime. Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí le n‑a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n‑a luighe. 41Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat) a chailín. 42Agus d’eirigh an cailín ’n‑a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha. 43Agus d’órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n‑ithe thabhairt di.

[ 101 ]

CAIBIDIOL VI.

Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Asbol dá gcur amach aige. Bia á thabairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige.


1Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. 2Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n‑a lámhaibh? 3Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n‑ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. 4Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach ’n‑a dhúthaigh féin, agus ’n‑a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. 5Agus níor fhéad sé aon chómhacht d’oibriú sa n‑áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad.[* 2] 6Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.


7Agus ghlaoidh sé chuisg an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n‑a mbeirt a’s ’n‑a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. 8Agus d’órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. 9[20]Gan a beith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa. 10Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n‑a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. 11Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h‑éistfidh libh, imthigh[ 102 ]idh as an áit sin agus deinidh an ceó crothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‑a gcoinnibh.[21] 12Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh.13Agus cuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.


14Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí [22]a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n‑oibriú tríd. 15Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. 16Agus nuair a dh’airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.

17Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n‑a mnaoi agat. 18Agus deireadh Eóin le Héród: [23]Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith ’n‑a mnaoi agat. 19Agus bhí Héródias ag déanamh ceilge ’n‑a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. 20Óir bhí eagal ar héród roimh eóin, mar bhí fhios aige gur duine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.[* 3]

21Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Hépód féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Gaililí, 22Agus tháinig, inghean Héródias isteach agus leis an gcuideachtain, do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. 23Agus do dhear[ 103 ]bhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. 24Agus cuaidh sise amach, agus dubhairt sí le n‑a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. 25Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. 26Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; 27Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d’órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. 28Agus do bhain sé an ceann de saphríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é. 29Agus d’airigh a dheisgiobuil an sgéal, agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n‑uaigh é.


30[24]Agus tháinig na h‑Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. 31Agus dubhairt sé leó : Tagaidh i leithtaoibh go h‑áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag imtheacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaitheamh. 32Agus chuadar ar bórd luinge agus d’imthigheadar go h‑áit uaigneach, fé leith.

33Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n‑a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h‑áite, agus bhíodar ann rómpa. 34Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoise gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.

35Agus nuair a bhí mórán de’n lá caithte tháinig a dheisgiobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; 36Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n‑ithe. 37Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Tugaidh-se rud le n‑ithe dóibh. Agus dubhradar leis: An [ 104 ]amlaidh a dh’imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n‑ithe? 38Agus dubhairt sé teó: An ’mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí ’fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. 39Agus d’órduigh sé dóibh na daoine go léir do chur ’n‑a suidhe ’n‑a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas. 40Agus do shuidheadar ’n‑a mbuidhnibh, ’n‑a gcéadaibh agus ’n‑a gcaogadaibh. 41Agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bfhlathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. 42Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. 43Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h‑iasgaibh. 44Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.

45Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail. 46Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.

47Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n’aonar ar an dtalamh tirim. 48[25]Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth ’n‑a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. 49Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúgadar. 50Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 51Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n‑uathbhás i n‑a n‑aigne. 52Óir níor thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.


53Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. 54Agus nuair [ 105 ]a thánadar as an luing d’aithnigheadar láithreach é, 55Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh, chun na h‑áite i n‑a n‑airighdís é bheith; 56Agus pé ball ’n‑a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.


CAIBIDIOL VII.

Na Fairisínigh dá n‑imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh.

1Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. 2Agus nuair a chonacadar cuid d’á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, ’sé sin gan nighe, chasadar leó é. 3Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. 4Agus ar theacht ó’n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h‑árthaí práis, agus na leapacha. 5Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí dhé: Cad ’n‑a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n‑ithid siad bia gan a lámha do nighe? 6Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is mait an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: [26]Molaid na daoine seo mé le n‑a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe; 7Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine.[* 4] 8Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do [ 106 ]nighe, agus mórán neithe eile de’n tsórd san. 9Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. 10Óir dubhairt Maois: [27]Tabhair dot’ athair agus dod’ mháthair onóir; agus: [28]An t‑é thabharfaidh droch-chaint d’á athair nó d’á mháthair curtar chun báis é. 11Ach dar libh-se: Má deir duine le n‑a athair nó le n‑a mháthair: [29]Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbhe agat-sa; 12Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair. 13Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de’n tsórd san agaibh ’á dháanamh.

14Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. 15Ní’l aon rud atá lasmuigh de’n duine, agus a théigheann isteach ann, d’fhéadfadh é shailiú, ach ua neithe a thagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. 16Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.

17Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. 18Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigheann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, 19Mar ní théigheann sé isteach ’n‑a chroidhe, ach i n‑a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. 20Agus dubhairt sé gur b’iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, [30]21Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh, 22Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhlasla, uabhar, mí-chiall. 23Ó’n dtaobh istigh iseadh thagaid na h‑olca san go léir, agus isiad a shailigheann anduine.


24Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh [ 107 ]Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhior a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. 25Óir do tháinig chuige agus do caith í fein agá chosaibh, chómh luath agus d’airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe ’n‑a h‑inghin. 26Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an dheamhan do dhíbirt as a h‑inghin. 27Agus dubhairt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. 28Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd an bia briste a thuiteann ó’n gclainn. 29Agus dubhairt seisean : Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin. 30Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h‑inghean ’n‑a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.

31Agus chuaidh sé amach airís a’ críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Sídón go muir Ghailitl, tré lár críche Decapolis. 32Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. 33Agus thóg sé leis i leith-taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n‑a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, 34Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail. 35Agus, láithreach, do h‑osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d’á theangain, agus do labhair sé go cruinn, 36Agus d’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é, 37Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhódhar agus caint do’n balbh.


CAIBIDIOL VIII.

Bia ag Críost dá thabhairt do cheithre mhíle duine. Radharc a thabhairt do dhall. An pháis a bhí ag Críost le fulang.


1Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann agus gan aon nídh acu le n‑ithe, do ghlaoidhsé chuige a [ 108 ]dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: 2Tá truagh agam do’n tsluagh, mar, féach, táid siad am’ fhochair le trí lá, agus ní’l aon rud le n‑ithe acu; 3Agus má chuirim abhaile iad ’n‑a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir do tháinig cuid acu abhfad. 4Agus d’fhreagair a dheisgiobuil é: Conus is féidir d’aoinne a ndóithin aráin a thabhairt dóibh anso sa n‑uaigneas? 5Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: An ’mó bulóg aráin agaibh? Agus dubhradar-san: Seacht mbulóga. 6Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris sé an t‑arán, agus thug sé d’á dheisgiobulaibh é le cur os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. 7Agus bhí iasga beaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus d’órduigh sé iad do chur os cómhair na ndaoine. 8Agus d’itheadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. 9Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.

10Agus chuaidh sé láithreach ar bórd na luinge i n‑aonfheacht le n‑a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dalmanúta. 11Agus d’imthigh na Fairisínigh amach agus chromadar ar aighneas leis, ’ghá iarraidh air cómhartha ó neamh a thabhairt dóibh, ag baint trialach as. 12Agus dhein sé osna ’n‑a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.


13Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.

14Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní raibh sa luing acu ach aon bhulóg amháin. 15Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh[31] giost na bhFairisíneach agus giost Héróid. 16Agus bhíodar ag pléidh eatartha féin, ’ghá rádh: Ní’l arán againn. 17Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná h‑aithnigheann sibh agus ná tuigeann sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? 18An bhfuil [ 109 ]súile agaibh agus ná feiceann sibh? An bhfuil cluasa oraibh agus ná h‑airigheann sibh? [32]Nó an amhlaidh nách cuimhin libh? 19Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, an ’mó ciseán a thógabhair de’n bhia bhriste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. 20Agus na seacht mbulóga do’n cheithre mhíle, an ’mó ciseán a thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. 21Agus dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós?

22Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d’iarradar air lámh a chur air. 23Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d’fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh. 24Agus d’fhéach an duine suas agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus iad ag siubhal. 25Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir. 26Agus chuir sé an duine chun a thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe, agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h‑innis d’aoinne.

27Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé a dheisgiobuil agus dubhairt sé: [33]Dar leis na daoine cé h‑é mise? 28Agus d’fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh. 29Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h‑é me? Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost. 30Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n‑a thaobh.

31Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n‑eíreóchadh sé ó’n mbás. 32Agus do labhair sé an chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do chrom sé ar chur ’n‑a choinnibh. 33Ach d’iompuigh seisean agus d’fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé [ 110 ]go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh lastiar díom, a Shátain, óir ní h‑iad na neithe a bhaineann le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine.

34Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n‑aonfheacht, agus dubhairt sé leó: [34]Má’s mian le h‑aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. 35Óir, an t‑é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t‑é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. 36Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin? 37Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? 38Óir an t‑é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n‑aingeal naomhtha. 39Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n‑a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag teacht i gcómhacht.


CAIBIDIOL IX.

An t‑Atharú gné ar Chríost. Deamhain bhalbha aige dá gcur amach as daoíne. Úmhaluígheacht aige dá theagasg, ⁊ sgannal do sheachnadh.


1Agus i gceann sé lá do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do sheól sé iad, ’n‑a n‑aonar, suas ar chnoc árd, fé leith, agus d’athruigh a dhealbh os a gcómhair. 2Agus bhí a chuid éadaigh ag taithneamh chómh geal le sneachta, ar chuma ná féadfadh aon úcaire ar talamh iad do ghealadh. 3Agus do taisbeánadh dóibh Elias agus Maois agus iad ag caint le h‑Íosa. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h‑Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus leig dúinn trí puible dhéanamh anso, pubal duit-se, [ 111 ]agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh’á rádh, mar bhíodar sgannruighthe le h‑eagla. 6Agus tháinig sgamal agus chlúduigh sé iad agus tháinig guth as an sgamal a dubhairt: Isé seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistidh leis. 7Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n‑a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n‑a bhfochair. 8Agus ag teacht anuas dóibh ó’n gcnoc, thug Íosa foláramh dóibh gan an radharc a chonacadar a dh’innsint d’aoinne go dtí go mbeadh Mac an Duine eirighthe ós na mairbh. 9Agus choimeádadar an focal san eatartha ’ghá fhiafraighe dh’á chéile cad é a bhrígh sin, Go mbeadh sé eirighthe ós na mairbh.

10Agus chuireadar ceist chuige, agus dubhradar: [35]Cad chuige, má ’seadh, go ndeir na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Nuair a thiocfaidh Elias ar dtúis cuirfidh sé gach nídh ’n‑a cheart airís; agus conus mar atá [36]sgríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go bhfuilingeóchadh sé mórán agus go dtabharfaí tarcuisne dhó. 12Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh.

13Agus tháinig sé chun a dheisgiobul, agus chonaic sé sluagh mhór ’n‑a dtímpal agus na Sgríbhneóirí ag aighneas leó. 14Agus, láithreach, nuair a chonaic na daoine go léir Íosa tháinig sgannra ortha agus uathbhás, agus do ritheadar chuige agus d’fháiltigheadar roimis, Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: 15Cad é an ceisdiúchán é seo atá eadraibh? 16Agus d’fhreagair duine de’n tsluagh agus dubhairt sé: A Mháighistir, thugas liom anso ag triall ort mo mhac, mar tá deamhan balbh ann. 17Agus pé ball ’n‑a mbeireann sé é bíonn sé ’ghá chaitheamh, agus cúbhar leis, agus a fhiacala ag díoscán, agus é d’á shnaoí amach. Agus d’iarras ar do dheisgiobulaibh é chur amach, agus níor fhéadadar é. 18Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ó, a shliocht gan creideamh, cad é an fhaid a bheidh mé eadraibh? Cad é an fhaid a dh’fhuilingeóchad libh? Tugaidh chúgham-sa é. 19Agus thugadar chuige é. Agus [ 112 ]chómh luath agus chonaic sé é d’oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh ’ghá iomlosg féin agus cúbhar leis. 20Agus d’fhiafraigh sé de’n athair: Cad é an fhaid aimsire atá ó thárla so dhó? Agus dubhairt seisean: Ó bhí sé ’n‑a leanbh; 21Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n‑uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n‑aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. 22Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t‑é a chreideann. 23Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh. 24Agus nuair a chonaic Íosa an tsluagh ag cruinniú do smachtuigh sé an annsprid truaillighthe, agus dubhairt: A annsprid bhodhar, bhalbh, órduighim duit imtheacht amach as san, agus gan teacht isteach ann airís. 25Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h‑ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh. 26Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’eirigh sé. 27Agus nuair a chuaidh sé isteach sa tigh d’fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan fhios: Cad ’n‑a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach? 28Agus dubhairt sé leó: Ní féidir do’n sórd san dul amach le h‑aon nídh ach le h‑úrnuighthe agus le trosgadh.


29Agus d’imthigheadar ó’n áit sin, agus chuadar tríd an nGaililí; agus níor bh’áil leis a fhios a bheith ag aoinne. 30Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus ’ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá. 31Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú. 32Agus thánadar go Capharnaum. Agus nuair a bhíodar sa tigh d’fhiafraigh sé dhíobh: Cad a bhí ar siubhal agaibh fan bhóthair? 33Agus níor labhradar; óir bhíodar ag diospóireacht, fan bhóthair, féachaint cé ’cu dhíobh ba mhó.

34Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h‑aoinne bheith i n’fhear thosaigh, isé a bheidh ar deire ar fad, agus ’n‑a sheirbhíseach ag cách. 35Agus do rug sé ar leanbh, agus [ 113 ]chuir sé ’n‑a sheasamh é i lár baill eatartha; ansan do thóg sé an leanbh i n‑a ucht agus dubhairt sé leó: 36An t‑é a ghlacfaidh am’ ainim-se leanbh mar an leanbh so, is mise a ghlacann sé; agus an t‑é a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an t‑é a chuir uaidh mé.

37Agus d’fhreagair Eóin é, agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, ach ní ghabhann an duine sin linne, agus do choisgeamair é. 38Agus dubhairt Íosa [leis]: Ná coisgidh é; [37]mar ní’l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am’ ainim-se agus a dh’fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath. 39Óir, an t‑é ná fuil i nbhúr gconnibh tá sé libh.

40Óir, aoinne thabharfaidh le n‑ól daoibh, am’ ainim-se, ó’s le Críost sibh, fiú cupán uisge, go deimhin a deirim libh, ní bheidh sé gan a thuarasdal. 41Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.

42Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh ’ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n‑ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh, 43An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 44Agus má thugann do chos sgannal duit, dein í ghearradh dhíot; is maith an rud dul go beatha shíoruidhe agus tu bacach, seachas tu chur go h‑ifreann na teine gan múchadh, agus do dhá chois agat, 45[38]An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 46Agus má thugann do shúil sgannal duit, strac amach í; is maith an mhaise dhuit dul go flathas Dé ar leath-shúil seachas tu chur go h‑ifreann na teine, agus dá shúil ionat, 47An áit ná h‑éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine. 48[39]Óir sáilfar gach n‑aon le teine, agus sáilfar gach ídhbirt le salann. 49Is maith an rud salann; ach má bhíonn an salann leamh cad leis go ndéanfaidh sibh deighbhlasta é? Bíodh an salann ionaibh, agus bíodh an tsíothcháin eadraibh.

[ 114 ]

CAIBIDIOL X.

Nídh dosgaoilte an pósadh. Nídh contabhartach an saidhbhreas. Árdmhian chlainne Sebedé. Radharc á thabhairt do dhall.


1Agus d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé go críochaibh Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus bhailigh na daoine chuige airís. Agus mar ba ghnáth leis, do theagaisg sé airís iad. 2Agus tháinig na Fairisínigh agus chuireadar an cheist chuige, ’ghá thriail: An dleaghthach do dhuine a bhean phósta do chur uaidh? 3Agus ’ghá bhfreagradh dubhairt sé: Cad a dh’órduigh Maois daoibh? 4Agus dubhradar: [40]Do cheaduigh Maois litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail. 5Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se. 6I dtusach, ámhthach, [41]do chruthuigh Dia iad firean agus bainean: 7Mar gheall air sin [42]fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‑a mhnaoi, 8[43]Agus beid siad ’n‑a mbeirt i n‑aon fheóil: I gcás nách dhá fheóil iad feasda ach aon fheóil amháin. 9Dá bhrígh sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.

10Agus ’n‑a dhiaidh san, sa tigh, do cheistigh a dheisgiobuil é ar an nídh gcéadna; 11Agus dubhairt sé leó: Aon duine chuirfidh uaidh a bhean agus do phósfaidh bean eile, deineann sé adhaltranas ’n‑a coinnibh. 12Agus má chuireann bean a fear uaithi agus fear eile do phósadh, deineann sí adhaltranas.

13Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh chuige chun go gcuirfeadh sé a lámh ortha. Agus bhí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a bhí ’ghá dtabhairt chuige. 14Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé. 15Go deimhin a deirim libh, an t‑é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann. 16Agus do ghlac sé chuige in’ ucht iad, agus chuir sé a lámha ortha, agus bheannuigh sé iad.

[ 115 ]17Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n‑a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam? 18Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm? Ní maith aoinne ach Dia amháin.[* 5] 19Is eól duit na h‑aitheanta: [44]Ná dein drúis, Ná dein marbhú, Ná dein guid, Ná dein fiadhnaise bhréige, Ná dein feall, Tabhair onóir do t’athair agus do d’mháthair. 20Agus d’fhreagair an duine agus dubhairt sé: A Mháighistir, táid na neithe sin go léir coimeádta agam ó m’óige. 21Ansan d’fhéach Íosa air, agus thug sé grádh dhó, agus dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin i n‑easnamh ort: imthigh agus díol a bhfuil agat agus tabhair dos na bochtaibh é, agus beidh saidhbhreas ar neamh agat; agus tar agus lean mise. 22Agus do chuir an chaint sin buairt ar an nduine, agus d’imthigh sé fé bhrón; mar duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige.

23Agus d’fhéach Íosa ’n‑a thímpal agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 24Agus do chuir a chaint uathbhás ar na deisgiobuil. Ach d’fhreagair Íosa airís, agus dubhairt sé leó: A chlann ó, nách deacair do dhaoine go bhfuil a mainighín a’ saidhbhreas dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus is amhlaidh a mhéaduigh an iongna ortha, agus dubhradar eatartha féin: Má seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus d’fhéach Íosa ortha, agus dubhairt: Ní’l san ar chumas daoine, ach tá sé ar chumas Dé; óir is féidir le Dia gach nídh a dhéanamh.

28Agus do chrom Peadar ar a rádh: Féach, d’fhágamair-ne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim-se libh-se, níl aon duine a dh’fhágfaidh a thigh, ná a dhritháracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a [ 116 ]chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, 30Ná faighidh a chéad oiread sa n‑aimsir seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. 31Óir [45]beidh mórán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhfuil ar deire ar tusach.


32Agus bhíodar ar an slígh ag dul suas go Ierúsalem; agus bhí Íosa rómpa amach, agus bhí iongna ortha, agus bhíodar ag teacht ’n‑a dhiaidh agus eagal ortha. Agus do tog ré an dáréag airís, agus chrom sé ar a dh’innsínt dóibh cad a bhí le tuitim amach dó: 33Féach, táimíd ag dhul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Dúine suas d’uachtaránaibh na sagart, agus do sna Sgríbhneóiribh, agus dos na seanóiribh, agus daorfaid siad chun báis é, agus tabharfaid siad suas do sna geintibh é; 34Agus déanfaid siad magadh faoi, agus caithfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marbhóchaid siad é; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.

35Agus tháinig chuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn go ndéanfá dhúinn pé nídh a dh’iarrfimíd ort. 36Agus dubhairt seisean leó: Cad ba mhaith libh a dhéanfainn daoibh? 37Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar do láimh chlé, ad’ ghlóire. 38Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní h‑eól daoibh cad tá agaibh ’á iarraidh. An féidir libh an chailís a dh’ól atá agam-sa ’á dh’ól, nó sibh a bhaisteadh sa bhaisteadh seo i n‑a bhfuilim-se am’ bhaisteadh? 39Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó: Is fíor go n‑ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d’á ól, agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh ’n‑a mbaistear mise: 40Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h‑agam atá san a thabhairt daoibh, ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe dhóibh.

41Agus nuair airigh an deichniúbhar é thosnuigh fearg ar theacht ortha chun Séamuis agus chun Eóin. 42Ach do [ 117 ]ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: [46]Chíonn sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht agá bpriúnsaíbh os a gcionn. 43Ní mar sin, ámhthach, daoibh-se, ach an t‑é gur mian leis bheith os bhur gcionn, beidh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh; 44Agus an t‑é gur mian leis bheith ar tusach eadraibh, beidh sé ag friothálamh ar gach aoinne. 45Óir níor tháinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí friothálamh air, ach ionus go ndéanfadh sé friothálamh, agus chun go dtabharfadh sé a anam féin mar cheannach ar a lán daoine.

46Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a’ Ierichó agus mórán daoine i n‑aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n‑a shuidhe i n‑aice an bhóthair agus é a d’iarraidh déarca. 47Agus nuair airigh sé gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ann, chrom sé ar ghlaodhach agus ar a rádh: A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 48Agus bhí a lán daoine ag bagairt air éisteacht. Ach b’shin mar ba mhó a ghlaoidh seisean: A Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 49Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag glaodhach ort. 50Agus chaith sé dhe a bhrat agus do phreab sé ’n‑a shuidhe, agus tháinig sé ag triall ar Íosa; 51Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna. 52Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh.


CAIBIDIOL XI.

Críost do dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An easgaine aige á chur ar an gcrann fíge a bhí seasg, agus na daoine a bhí ag díol agus ag ceannach dá dtiomáint amach as an dteampul aige.


1Agus nuair a thánadar i n‑aice Ierúsaleim agus Bhetánia ag Cnoc na n‑Ola-chrann, chuir sé chun siubhail [ 118 ]beirt d’á dheisgiobulaibh, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh do’n bhaile úd thall os bhúr gcómhair, agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ann ceangailte, searrach nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é, agus tugaidh chúgham é. 3Agus má deir aoinne libh, Cad é sin agaibh ’á dhéanamh? abraidh: Teastuigheann sé ó’n dTighearna; agus leigfidh sé libh é, gan stad, anso.

4Agus d’imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag dorus, ar an dtaobh amuigh, i gcómhrac dá slíghe; agus do sgaoileadar é. 5Agus dubhairt cuid d’á raibh ’n‑a seasamh ann: Cad ab áil libh ag sgaoileadh an tsiorraigh? 6Agus dubhradar-san leó mar a dh’órduigh Íosa dhóibh; agus do leigeadar leó é. 7Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air. 8Agus do leath a lán de sna daoine a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga de sna crannaibh agus do leathadar ar an slígh iad. 9Agus an mhuintir a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: [47]Hósanna. Is beannuighthe an t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna. 10Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n‑athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde. 11Agus do chuaidh Íosa isteach i n‑Ierúsalem agus isteach sa teampul; agus d’fhéach sé n‑a thímpal ar gach nídh, agus nuair a bhí an tráthnóna ann chuaidh sé féin agus an dáréag amach go Betánia.

12Agus an lá n‑a dhiaidh san, agus iad ag teacht ó Bhetánia, bhí ocras air. 13Agus chonaic sé, abhfad uaidh, crann fíge agus duilleabhar air, agus tháinig sé ag féachaint an bhfaghadh sé aon nídh air. Agus nuair a tháinig sé ní bhfuair sé aon nídh air ach na bileóga, mar ní raibh aimsir na bhfígí tagaithe. 14Agus d’fhreagair sé agus dubhairt sé leis an gcrann: As so amach go bráth airís nár ithidh duine toradh uait-se. Agus d’airigh a dheisgiobuil é.

15Agus thánadar go Ierúsalem. Agus nuair a chuaidh sé isteach sa teampul do chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do chomáint amach [ 119 ]as, agus ar na bórdaibh a leagadh ar lucht an airgid do shóinseáil, agus ar na cathaoireacha do leagadh ar lucht na gcolúr a dhíol. 16Agus ní lamhálfadh sé d’aoinne árthach a bhreith leis tríd an dteampul. 17Agus bhí sé ag teagasg, agus dubhairt sé leó: Ná fuil sgríobhtha: [48]Tabharfar tigh chun úrnuighthe do sna geintibh go léir ar mo thigh-se? Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. 18Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag machtnamh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d’á theagasg.

19Agus nuair a tháinig an tráthnóna d’imthigh sé amach as an gcathair.

20Agus nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit ar maidin chonacadar an crann fíge agus é feóchta go préamhachaibh. 21Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta. 22Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh creideamh Dé agaibh. 23Go deimhin a deirim libh, an t‑é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé ’n‑a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é dhó. 24Deirim libh d’á bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh ’á iarraidh i nbhúr n‑úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus gheobhaidh sibh é. 25Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n‑Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. 26Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha ’ná mar a mhaithfidh bhúr n‑Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


27Agus thánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a bhí sé ag siubhal istigh sa teampul tháinig chuige uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 28Agus dubhradar leis: Cad é an t‑úghdarás atá agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit an t‑úghdarás chun iad a dhéanamh? 29Agus d’fhreagair [ 120 ]Íosa iad agus dubhairt: Cuirfead-sa, leis, aon cheist amháin chúghaibh-se, agus tugaidh freagra orm, agus ansan neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 30An baisteadh a dhein Eóin ar bh’ ó neamh é nó ó dhaoine? Tugaidh freagra orm. 31Ach do chromadar ar mhachtnamh ’n‑a n‑aigne, agus dubhradar: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é, déarfaidh sé, Cad ’n‑a thaobh, má ’seadh, nár chreideabhair é? 32Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáidh dáiríribh ab eadh Eóin. 33Agus d’fhreagradar agus dubhradar le h‑Íosa: Ní fheadramair. Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t‑úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.


CAIBIDIOL XII.

Parabal an fhíonghuirt agus an lucht saothruighthe. Ceart Chéasair chun na cánach. Na Sadducínigh i bpúnc. An chéad aithne; cianóg na baintríghe.


1Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: [49]Do chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál ’n‑a thímpal, agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus d’imthigh sé i gcéin. 2Agus nuair a tháinig an t‑am chuir sé seirbhíseach ag triall ar an lucht saothruighthe chun toradh an fhíonghuirt d’fhághail ó’n lucht saothruighthe. 3Agus do rugadar ar an seirbhíseach, agus ghabhadar air, agus chuireadar chun siubhail folamh é. 4Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó. 5Agus airís chuir sé seirbhíseach eile ag triall ortha: agus do mharbhuigheadar é féin; agus mórán eile; do ghabhadar ar chuid acu, agus do mharbhuigheadar cuid acu. 6Ach do bhí aige aon mhac amháin, ró-dhílis; agus chuir sé é sin chúcha sa deire, agus dubhairt sé [ 121 ]Tabharfaid siad uraim dom’ mhac. 7Ach dubhairt an lucht saothruighthe le n‑a chéile: Sidé an t‑oighre; téanam, cuirimís chun báis é, agus beidh an oighreacht againn. 8Agus do rugadar air, agus do chuireadar chun báis é, agus chaitheadar lasmuigh de’n fhíonghort é. Cad a dhéanfaidh tighearna an fhíonghuirt sin? 9Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé díbheirg ar an lucht saothruighthe sin agus tabharfaidh sé an fíonghort d’á malairt.

10Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, [50]An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n‑a cloich chinn cúinne; 11Isé an Tighearna do dhein an nídh sin, agus is iongantach é i n‑ár súilibh-ne? 12Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.

13Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n‑a chaint. 14Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní fhéachann tú chun gnúise aon duine, ach slígh Dé do mhúineadh do réir fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é? 15Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é. 16Agus thugadar chuige é. Agus dubhairt sé leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Dubhradar leis: Le Caesar. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: [51]Tugaidh, d’á bhrígh sin, do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.

18Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéanann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar; 19A Mháighistir, do sgríbh Maois dúinn: [52]Má gheibheann dritháir dhuine bás agus go bhfágann sé a bhean, agus ná fágann sé clann ’n‑a dhiaidh, go nglacfaidh a dhritháir an bhean, agus go dtógfaidh sé clann d’á dhritháir. 20Ach bhí mórsheisear drithár ann, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair [ 122 ]sé bás gan clann fhágáilt. 21Agus do ghlac an tarna duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor fhág sé sin clann ach chómh beag. Agus an trímhadh fear ar an gcuma gcéadna. 22Agus do ghlac an mórsheisear í ar an gcuma san, agus niór fhágadar clann. I n‑a ndiaidh go léir do fuair an bhean bás. 23D’á bhrígh sin, nuair thiocfaidh an aiseirighe, agus nuair a dh’eireóchaid siad go léir, cé ’cu dhíobh gur leis an bhean? Óir bhí sí ’n‑a mnaoi ag an mórsheisear. 24Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Nác é atá ’bhúr gcur amú gan eólus a bheith agaibh ar an scriptiúir, ná ar chómhachtaibh Dé? 25Óir, nuair a dh’eireóchaid siad ó sna mairbh ní bheidh pósadh ná tabhairt le pósadh feasta, ach beid siad ar nós na n‑aingeal ins na flathais. 26I dtaobh na marbh, ámhthach, go n‑eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: [53]Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib. 27Ní do dhaoine marbha is Dia é ach do dhaoine atá beó. D’á bhrígh sin is mór atáthaoi-se amú.

28Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d’fhiafraigh sé dhe cad í an chéad aithne de sna h‑aitheantaibh go léir. 29Agus d’fhreagair Íosa é: Isí an chéad aithne dhíobh go léir: [54]Clois, a Israéil, is aon Dia amháin do Thíghearna Dia-se; 30Agus grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroídhe go h‑iomlán, agus ót’ anam go h‑iomlán, agus ót’ aigne go h‑iomlán, agus ód’ neart go h‑iomlán. 31Siní an chéad aithne. Agus is cosmhail léi an tarna h‑aithne; [55]Grádhfair do chómharsa mar thu féin. Ní’l aithne eile is mó ná iad san. 32Agus dubhairt an Sgríbhneóir leis: Maith, a Mháighistir. Do labhrais fírinne, aon gur b’eadh Dia, agus ná fuil ann ach é. 33Agus é ghrádhú ó chroidhe go h‑iomlán, agus ó thuisgint go h‑iomlán, agus ó anam go h‑iomlán, agus ó neart go h‑iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san ’ná gach ídhbirt agus ’ná gach ofráil. 34Agus nuair a chonaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, [ 123 ]dubhairt sé leis: Ní’lir-se abhfad ó rígheacht Dé. Agus niór leómhaigh aoinne é cheisdiú as san amach.

35Agus bhí Íosa ag teagasg sa teampul agus dubhairt sé: Conus adeir na Sgríbhneóirí gur mac do Dháibhid Críost? 36Óir deir Dáibhid féin, sa Spioraid Naomh, [56]Dubhairt an Tighearna lem’ Thighearna, Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar thaca féd’ chosaibh. 37Mar sin, tugann Dáibhid féin a Thighearna air, agus conus atá sé ’n‑a mhac aige? Agus d’éist an pobul mór leis agus áthas ortha.

38Agus dubhairt sé leó agus é ’ghá dteagasg: Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n‑éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n‑áit an mhargaidh; 39Agus suidhe ins na cathaoireachaibh uachtair ins na sinagógaibh, agus ins na h‑ineadaibh tusaigh chun búird; 40Ithid siad [57]teaghlacha na mbaintreach ar sgáth úrnuighthe fada: Gheobhaid siad san an bhreith is truime.

41Agus do shuidh Íosa i n‑aice áite an chiste, agus thug sé fé ndeara conus a chuireadh na daoine airgead isteach ann, agus do chuir a lán daoine saidhbhire mórán isteach ann. 42Agus do tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóig, ’sé sin feóirling. 43Agus ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh gur mó a chuir an bhaintreach bhocht dhealbh so isteach sa chiste ’ná mar a chuir aoinne eile d’ár chuir rud ann; 44Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.


CAIBIDIOL XIII.

An íde a bhí le teacht ar an dteampul, agus na cómharthaí atá le teacht roim lá an bhreitheamhantais.


1Agus nuair a bhí sé ag dul amach as an dteampul dubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis: Féach, a Mháighistir, cad iad mar chlocha agus cad é mar dhéanamh! 2Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na [ 124 ]h‑oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan leagadh.

3Agus bhí sé ’n‑a shuidhe ar Chnoc na n‑Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh: 4Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na neithe seo go léir ar theacht chun cinn. 5Agus do chrom Íosa, ’ghá bhfreagradh, ar a rádh leó: [58]Seachain agus ná mealladh aoinne sibh.

6Óir tiocfaidh a lán daoine am’ ainim-se, agus déarfaid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. 7Ach nuair a dh’aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé an deire fós é. 8Óir eireóchaidh cine i n‑aghaidh cine agus rígheacht i n‑aghaidh rígheachta, agus beidh luasgacha talmhan go tiugh ann, agus gorta. Tusach na buartha iad san. 9Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 10Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir. 11Agus nuair a thabharfaid siad leó sibh chun sibh a thabhairt ar láimh, ná bacaidh a bhreithniú roim ré cad déarfaidh sibh; ach an rud a tabharfar daoibh an uair sin, abraidh é; óir ní sibh-se a labhrann, ach an Spioraid Naomh. 12Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t‑athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n‑aghaidh a n‑athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha. 13Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ ainim-se. Ach an t‑é a bheidh seasamhach go deire isé a raghaidh slán.

14Ach nuair a chífidh sibh [59]gráin an léirsgriosa ’n‑a seasamh sa n‑áit nach dual (an t‑é a léigheann tuigeadh sé), ansan an mhuintir atá i n‑Iúdaéa teithidís chun na gcnoc. 15Agus an t‑é bheidh ar [60]bhuaic a thíghe ná tagadh sé anuas sa tigh agus ná téigheadh sé isteach chun ruda [ 125 ]bhreith as an dtigh; 16Agus an t‑é a bheidh sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait. 17Agus is mairg do lucht clainne d’iompar agus do lucht clainne dh’oileamhaint ins na laethibh sin; 18Agus bídhidh ag guidhe gan iad a bheith sa gheimhre. 19Óir beidh ins na laethibh sin cruadhtan ná raibh a leithéid ann ó thusach an chruithniú a chruithnigh Dia go dtí anois, agus ná beidh. 20Agus mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha aige do chioruigh sé na laethanta. 21Agus anois má deir aoinne libh, Féach, tá Críost anso; féach, tá sé ansúd: ná creididh. 22Óir eireóchaid críosdana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí uatha agus iongnaí, chun na bhfíoraon féin do mhealladh, dá mb’fhéidir é. 23Tugaidh-se aire, d’á bhrígh sin; féach, tá gach nídh innste agam daoibh roim ré.

24[61]Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dorchóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus, 25Agus beidh na réilte ag tuitim as an spéir, agus beidh na cómhachta atá ins na flathais d’á suathadh. 26Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht’ agus glóire. 27Agus ansan cuirfidh sé a aingil amach agus cruinneóchaidh sé a fhíoraoin ó sna cheithre gaoithibh, ó fhíor-imeall an tailimh go fíor-imeall neimhe. 28Fóghlumuidh ó’n gcrann fíge soluíd. Nuair a bhíonn a géag bog agus an duilleabhar tagaithe is eól daoibh an samhradh bheith i n‑achmaireacht. 29Mar sin daoibh-se nuair a chífidh sibh na neithe seo ag teacht chun cinn, bíodh fhios agaibh é bheith ins na dóirsibh buailte libh. 30Go deimhin a deirim libh, ní h‑imtheóchaidh an tsliocht so go dtagaid na neithe seo go léir chun cinn. 31Raghaidh spéir agus talamh ar neamhnídh, ach ní raghaidh mo bhréithre-se ar neamhnídh.

32Ní fios d’aoinne, ámhthach, an lá san ná an uair, d’á mb’iad na h‑aingil ins na flathais iad, nó an Mac,[* 6] [ 126 ]ach do’n Athair. 33Tugaidh aire, deinidh faire agus úrnuighthe; óir ní fios daoibh cathain a bheidh an t‑am ann. 34Ar nós duine a dh’fhág a thigh agus d’imthigh i gcéin, agus a thug d’á sheirbhíseachaibh déanamh gach oibre, agus a dubhairt leis an ndóirseóir faire dhéanamh; 35Deinidh-se faire, d’á bhrígh sin, (óir ní fios daoibh cathain a thiocfaidh an tighearna, um thráthnóna, i lár na h‑oidhche, ar ghlaodach an choiligh, nó ar maidin) 36Le h‑eagla, nuair a thiocfadh sé, gur i nbhúr gcodladh a gheobhadh sé sibh. 37Agus an rud a deirim libh-se deirim le gach aoinne é: Deinidh faire.


CAIBIDIOL XIV.

An chéad chuid de thuairisg páise Ċríost.

1Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagairt agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis. 2Ach dubhradar: Ná deintear é lá na féile, le h‑eagla go n‑eireóchadh achrann ameasg an phobuil.

3Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, ’n‑a shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a cheann. 4Agus bhí daoine láithreach agus tháinig fearg ortha, agus dubhradar ’n‑a n‑aigne féin: Cad chuige an bhásta san a dhéanamh ar an ola? 5D’fhéadfaí an ola san do dhíol ar níos mó ’ná trí chéad [62]píosa airgid agus é thabhairt do sna bochtaibh. Agus bhíodar ag casaoid léi. 6Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 7Óir táid na boicht i nbhúr bhfochair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a [ 127 ]dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní’limse i gcómhnuighe agaibh. 8An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlactha. 9Go deimhin adeirim libh: pé áit ’n‑a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici.

10Agus d’imthigh Iúdás Iscáriót, duine de’n dáréag, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó. 11Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealladar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas.


12Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis: Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an Cháisg d’ollamhú dhuit le n‑ithe? 13Agus chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa chathair agus casfar oraibh fear agus árthach uisge ar a mhuin aige; leanaidh é. 14Agus pé áit ’n‑a raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an Máighistir, Cá bhfuil an seómra ’n‑a n‑íosfad an Cháisg i dteannta mo dheisgiobul? 15Agus taisbeánfaidh sé daoibh seómra mór, agus é curtha i dtreó, agus déinidh ollamhú dhúinn ann.

16Agus d’imthigh na deisgiobuil agus thánadar sa chathair, agus fuaradar mar a dubhairt sé, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.

17Agus nuair a bhí an trathnóna ann tháinig sé i n‑aonfheacht leis an dáréag. 18Agus nuair a bhíodar ’n‑a suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta, agus díolfaidh sé mé. 19Agus tháinig buairt ortha, agus chromadar ar a rádh leis, ’n‑a nduine a’s ’n‑a nduine: An mise é? 20Agus dubhairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a chuireann a lámh sa n‑aon mhéis liom. 21Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, [63]fé mar atá sgríobhtha ’n‑a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt [ 128 ]suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.

22[64]Agus an fhaid a bhíodar ag ithe do thóg Íosa arán agus bheannuigh sé é, agus bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus dubhairt sé: Glacaidh, ithidh; is é mo chorp é seo. 23Agus thóg sé cailís, agus ghaibh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh í, agus d’óladar go léir aisti. 24Agus dubhairt sé leó: Isí mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán. 25Go deimhin adeirim libh, ná h‑ólfad feasda de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n‑a n‑ólfad nua é i rígheacht Dé.

26Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n‑Ola-chrann.

27Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, [65]Buailfead an t‑aodhaire agus sgaipfar na caoire. 28Ach tar éis m’aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí. 29Agus dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa. 30Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h‑uair.[* 7] 31Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n‑aonfheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna.


32Agus thánadar chun na h‑áite ar a dtugtar Getsémané, agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Suidhidh anso go ndeinead úrnuighthe.

33Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go dúbhach; 34Agus dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam; fanaidh anso agus deinidh faire.

[ 129 ]35Agus d’imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair thairis dá mb’fhéidir é. 36Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa. 37Agus tháinig sé agus fuair sé ’n‑a g‑codladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad’ chodladh ataoí? Nár fhéadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin? 38Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag.39Agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé an guidhe céadna ins na focalaibh céadna. 40Agus tháinig sé an tarna h‑uair agus fuair sé ’n‑a gcodladh iad, (óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh), agus ní fheadradar cad é an freagra thabharfaidís air. 41Agus tháinig sé an trímhadh h‑uair agus dubhairt sé leó: Deinidh codladh anois agus suaimhneas. Ní beag é: tá an uair tagaithe; féach, tabharfar Mac an Duine ar lámhaibh na bpeacach. 42Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus dúinn an fear a bhrathfaidh mé.

43Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluagh mhór i n‑aonfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbhneóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus bataí acu. 44Agus bhí cómhartha tabhartha aige-sean dóibh, mar dubhairt sé: An t‑é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; beiridh air agus tugaidh libh é go h‑aireach. 45Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó. 46Agus ghreamuigheadar-san a lámha air, agus choimeádadar é. 47Agus tharaing duine d’á raibh láithreach claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árdṡagairt agus bhain sé an chluas de.48Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: An dtánabhair amach, agus claidhmhte agus bataí agaibh, chun beirthe orm mar a thiocfadh sibh cun beirthe ar bhitheamhnach? 49Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra [ 130 ]do chómhlíonadh é. 50Ansan d’fhág a dheisgiobuil é agus do theitheadar go léir. 51Agus bhí buachaill ’ghá leanmhaint n‑a raibh ball línéadaigh fan nochta a choím air, agus do rugadar air. 52Agus do sgaoil seisean an ball línéadaigh leó, agus d’imthigh sé uatha tárnocht.


53Agus thugadar Íosa leó i láthair an árdshagairt; agus do chruinnigh ann na sagairt go léir agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí. 54Agus do lean Peadar é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd-shagairt, agus bhí sé ’n‑a shuidhe i dteannta na seirbhíseach, chun na teine, ’ghá théidh féin.

55Agus bhí na h‑árdshagairt agus an chómhairle go léir ag lorg fínné i gcoinnibh Iosa, chun é dhaoradh chun báis; agus bhí ag teip ortha. 56Agus bhí a lán ag tabhairt fiadhnaise bréige ’n‑a choinnibh, ach níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n‑a chéile. 57Agus d’eirigh daoine éigin agus thugadar fiadhnaise bhréige ’n‑a choinnibh agus dubhradar: D’airigheamair-ne é agus dubhairt sé: 58[66]An teampal so a deineadh le lámhaibh daoine, leagfad-sa é, agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le lámhaibh daoine é. 59Agus níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n‑a chéile. 60Agus d’eirigh an t‑árdshagart, i lár na h‑áite, agus chuir sé ceist chun Íosa, agus dubhairt: Ná fuil aon fhreagra agat le tabhairt ar a bhfuil acu san ’á chur ad’ leith? 61Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t‑árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe? 62Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine ’n‑a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe. 63Ansan [67]do strac an t‑árdshagart a bhrat, agus dubhairt sé: Cad ab aíl linn d’á thuille fínnithe? 64D’airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige. 65Agus do chrom cuid acu ar sheilí chaitheamh air, agus ar a aghaidh do chlúdach agus ar é bhua[ 131 ]ladh le dóirnibh, agus deiridís: Targair: agus bhí na seirbhísigh ’ghá bhualadh le n‑a mbasaibh.

66Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine de chailíníbh aimsire an árdshagairt, 67Agus nuair a chonaic sí Peadar ’ghá théidh féin, d’fhéach sí air agus dubhairt sí: Agus do bhís-se leis i bhfochair Íosa Nasareit. 68Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n halla; agus do ghlaoidh an coileach. 69Agus do chonaic an cailín airís é, agus dubhairt sí leis an muintir a bhí ’n‑a seasaṁ ann: Is duine acu súd é seo. 70Agus do shéan seisean airís. Agus tar éis tamaill bhig dubhairt an ṁuintir a bhí ’n‑a seasaṁ ann airís, le Peadar: Go deimhin is duine acu súd tu, mar is Gaililiach tu. 71Agus do chrom seisean ar easgainidhe agus ar a dhearbhú: Ní’l aon aithne agam ar an nduine sin adeireann sibh. 72Agus ansan do ghlaoidh an coileach an tarna h‑uair. Agus do chuiṁnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach dhá uair séanfair mé trí h‑uaire. Agus chrom sé ar ghol.


CAIBIDIOL XV.

Tuairisg na páise ar leanṁaint.

1Agus ar maidin lár n‑a mháireach go luath chuaidh uachtaráin na sagart i gcómhairle leis na seanóiríbh agus leis na Sgríbhneóiríbh, agus leis an gcómhairle choitchian, agus thugadar suas Íosa, gabhtha, do Phílát. 2Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n‑Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: [68]Deirir-se é. 3Agus do chuir uachtaráin na sagart a lán neithe ’n‑a leith. 4Agus cheistigh Pílát airís é, agus dubhairt: Nách bhfuil aon fhreagra agat le tabhairt? Féach a bhfuil acu ’á chur ad’ leith. 5Agus níor fhreagair Íosa focal eile, i dtreó go raibh iongna ar Phílát.

[ 132 ]6I gcaitheamh lae na féile, ámhthach, ba ghnáth leis aon phríosúnach amháin do leigint saor chúcha, aon phrío súnach a iarrfidís. 7Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh’ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc. 8Agus tháinig an pobul agus chromadar ar iarraidh, mar ba ghnáth leis a dhéanamh dóibh. 9Agus d’fhreagair Pílát iad agus dubhairt sé: An toil libh go leigfinn saor chúghaibh rí na n‑Iúdach? 10Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha. 11Agus chuir na sagairt suas an pobul chun a rádh gur bh’é Barabbas a leigfeadh sé saor chúcha. 12Agus d’fhreagair Pílát airís iad agus dubhairt: Agus cad is toil libh a dhéanfad le rí na n‑Iúdach? 13Agus do liúghadar airís: Céas é. 14Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t‑olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é. 15Agus chun an phobuil do ṡásamh do leig Pílát Barabbas saor chúcha, agus thug sé Íosa le céasadh, tar éis a sgiúrsála.

16Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir, 17Agus chuireadar brat corcra uime agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í; 18Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n‑Iúdach. 19Agus ansan do bhuailidís sa cheann é le cleith, agus chaithidís seile air, agus do chromaidís a nglúine ’ghá onórú. 20Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.


21Agus bhí duine ag gabháil an bhóthair, n‑ar bh’ ainim dó Símón Círénéach, ag teacht ó’n dtuath, athair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus chuireadar fhéachaint air an chros a dh’iompar dó. 22Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n‑a gcialluighthear áit an chloiginn. 23Agus thugadar deoch dó, fíon agus mirr tríd, agus níor ghlac sé é. 24Agus dó chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh féachaint cé bhéarfadh gach ball díobh. [ 133 ]25[* 8]Agus bhí an trímhadh tráth ann, agus chéasadar é. 26Agus bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N‑IÚDACH. 27Agus do chéasadar i n‑aonfheacht leis beirt bhitheamhnach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí. 28Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: [69]Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh. 29Agus na daoine ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, agus chrothaidís a gceann agus deiridís: Bháth! do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá: 30Saor thu féin anois, agus tar anuas de’n chrois. 31Mar an gcéadna uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint le chéile ag déanamh magaidh: Shábháil sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. 32Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n‑a aice thugadar masla dhó.

33Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth. 34Agus sa naomhadh tráth do ghlaoidh Íosa do ghuth árd: [70]Elóí, Elóí, lamá sabactání? nídh a míníghthear mar seo: A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 35Agus dubhairt cuid d’á raibh láithreach: Féach, tá sé ag glaodhach ar Elias. 36Agus do rith duine acu agus do líon sé spúinse d’ fhínéigir agus chuir sé ar bhata é, agus thug sé dhó é le n‑ól, agus dubhairt sé: Fanaidh go bhfeiceam an dtiocfaidh Elias chun é thógaint anuas.

37Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d’éag sé.

38Agus do stracadh brat an teampail ’n‑a dhá chuid ó bharr go bun. 39Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n‑a sheasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin. 40Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig [ 134 ]agus Ióseiph, agus Salómé; 41Agus siniad a bhíodh ’ghá leanmhaint agus ag friothálamh air nuair a bhíodh sé i nGaililí; agus a lán ban eile a tháinig i n‑aonfheacht leis ainíos go Ierúsalem.


42Agus nuair a bhí an déanaíghe ann, (óir b’ é lá an ollamhuighthe é, a thagann roimis an sabbóid), 43Tháinig Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d’iarr sé corp Íosa air. 44Agus bhí iongna ar Phílát a rádh go mbeadh sé tar éis bháis cheana féin. Agus chuir sé fios ar an dtaoiseach céad agus d’fhiafraigh sé dhe an raibh sé tar éis bháis. 45Agus nuair a fuair sé amach ó’n dtaoiseach céad go raibh, d’órduigh sé an corp do thabhairt do Ióseph. 46Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a’ caraig, agus d’iompuigh sé leac chun doruis an tuama. 47Agus bhí Máire Mhagdalén agus Máire [máthair] Ióseiph ag féachaint ar an áit ’n‑ar cuireadh é.



CAIBIDIOL XVI.

Aiseiríghe Chríost agus a dheasgabháil.

1Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n‑ungfaidís Íosa. 2Agus thánadar go h‑ana-mhoch, ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, agus bhí an ghrian ’n‑a suidhe;[* 9] 3Agus bhíodar ’ghá rádh le n‑a chéile: Cé dh’iompóchaidh siar an chloch [ 135 ]dúinn ó bhéal an tuama? 4Agus nuair fhéachadar chonacadar an chloch iompuighthe siar. Agus cloch ana-mhór ab eadh í. 5Agus chuadar isteach sa tuama agus chonacadar an fear óg ’n‑a shuidhe ar thaobh na lámha deise agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha. 6Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n‑ar chuireadar é. 7Ach imthighidh, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n‑áit sin é, mar adubhairt sé libh.

8Ach do ritheadar amach as an uaigh, mar do tháinig sgannra agus critheagla ortha, agus ní dubhradar focal le h‑aoinne, mar bhí an t‑eagal ortha.

9Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain. 10Agus d’imthigh sí sin agus d’innis sí é do’n mhuintir a bhíodh i n‑a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi. 11Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal. [71]12Agus ’n‑a dhiaidh san do thaisbeáin sé é féin i gcruth eile do bheirt acu agus iad ag siubhal, ag dul fá’n dtuath. 13Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.

14Fé dheire, bhí an t‑aoinne déag acu ’n‑a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúr-chroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.

15Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir. 16An té a chreidfhidh agus a baistfar saorfar é: an té, ámh, ná creidfidh, daorfar é. 17Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreidfidh: [72]Cuirfid siad deamhain a’ seilbh am’ ainim-se: [73]Labharfaid siad i dteangthachaibh nua. [74]18Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbh[ 136 ]uightheach ní ghortóchaidh sé iad: [75]Cuirfid siad a lámha ar dhaoine breóite agus beid siad go maith. 19Agus an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, [76]do tógadh suas ar neamh é, agus tá sé ’n‑a shuidhe ar deas-láimh Dé. 20Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh ’ghá leanmhaint.

Nótaí
  1. Mal. iii. 1.
  2. Isáias xl. 3.
  3. Lebhit. xi. 22.
  4. Gníomh i. 5; ii. 4; xi. 16; xix. 4.
  5. Mait. vii. 28; Lúc iv. 32.
  6. Lúc. iv. 41.
  7. Lebhit. xiv. 2.
  8. Iób xiv. 4; Isáias xliii. 25.
  9. 1 Tim. i. 15.
  10. 1 Rígh. xxi. 6.
  11. Lebhit. xxiv. 9.
  12. Mait. ix. 34.
  13. Mait. xii. 31; Lúc. xii. 10; 1 Eóin v. 16.
  14. Isáias vi. 9.
  15. 1 Tim. vi. 17.
  16. Mait. xiii. 31; Lúc. xiii. 19.
  17. Mait. viii. 28; Lúc. viii. 26.
  18. .i. sluagh mhór. Feic Mait. xxvi. 53, an nóta.
  19. Mait. ix. 18; Lúc. viii. 41.
  20. Gníomh. xii. 8.
  21. Gheibhmíd annso sa nGréigis na focail seo:—“go deimhin adeirim libh, beidh sé níos saoire do Shodom agus do Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná do’n chathair sin.”
  22. .i. ainim Íosa.
  23. Lebhit. xviii. 16.
  24. Lúc. ix. 10.
  25. Mait. xiv. 24, 25.
  26. Isáias xxix. 13.
  27. Exod. xx. 12; Deut. v. 16.
  28. Exod. xxi. 17; Lebhit. xx. 9.
  29. .i. do tugtí do sna Fairisínigh an rud ba cheart a thabhairt do’n athair agus do’n mháthair.
  30. Gen. vi. 5.
  31. .i. feall na bhFairisíneach.
  32. Supra vi. 41.
  33. Lúc. ix. 18.
  34. Mait. x. 38; xvi. 24.
  35. Mal. iv. 5.
  36. Isáias liii. 3. 4.
  37. 1 Cor. xii. 3.
  38. Isáias lxvi. 24.
  39. Lebhit. ii. 13.
  40. Deut. xxiv. 1.
  41. Gen. i. 27.
  42. Gen. ii. 24; 1 Cor. vii. 10.
  43. 1 Cor. vi. 16.
  44. Exod. xx. 13.
  45. Mait. xix. 30.
  46. Lúc. xxii. 25.
  47. Salm cxvii. 26.
  48. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.
  49. Isáias v. 1.
  50. Salm cxvii. 22; Isáias xxviii. 16.
  51. Rómh. xiii. 7.
  52. Deut. xxv. 5.
  53. Exod. iii. 6.
  54. Deut. vi. 4.
  55. Lebhit. xix. 18.
  56. Salm. cix. 1.
  57. .i. a saoghaltas.
  58. Ephes. v. 6; 2 Tess. ii. 3.
  59. Dan. ix. 27.
  60. .i. buaic mar úrlár a bhíodh ar thighthibh ann.
  61. Isáias xiii. 10; Ezech. xxxii. 7; Ióel ii. 10.
  62. Denarius (nó drachma) a tugtar ar an bpíosa airgid sin. B’é an phingin Rómhánach é. Feic Mait. xvii. 23; Lúc. xv. 18, na nótaí.
  63. Salm xl. 10; Gníomh. i. 16.
  64. 1 Cor. xi. 24.
  65. Zach. xiii. 7.
  66. Ach is ar theampul a chuirp do labhair sé. Feic Eóin ii. 19–21.
  67. Cómhartha buartha acu é sin.
  68. .i. Is fíor an nídh a deirir.
  69. Isáias liii. 12.
  70. Salm xxi. 2.
  71. Lúc. xxiv. 13.
  72. Gníomh. xvi. 18.
  73. Gníomh. ii. 4; x. 46.
  74. Gníomh. xxviii. 5.
  75. Gníomh. xxviii. 8.
  76. Lúc. 24. 51.


Mínithe
  1. Ver. 12. “ag féachaint dóibh go bhfeichfidís.”—Mar dhibhfeirg ortha toisg a súile a bheith dúnta go toilteanach acu, chimeád Dia uatha, fé mar a bhí tuillte acu an solus agus na grásta a bhí le fághail acu dá n‑úmhluíghdís iad féin, agus thabharfadh na grásta san agus an solus san chun a leasa iad.
  2. Ver. 5. “Níor fhéad sé.”—Ní le h‑easba cómhachta é, ach níor bh’áil leis mírbhúiltí dhéanamh do dhaoinibh stuacacha ná creidfeadh. Níor bh’fhiú iad é.
  3. Ver. 20. “Agus bhí sé ghá choimeád,” .i., ar Héródias; agus le h‑eagla roimis na daoíne ní chuirfadh sé chun báis é, bíodh go raibh sí ghá iarraidh air. Do dhein sí a toil ’n‑a dhiaidh san le congnamh a h‑inghíne.
  4. Ver. 7. “Teagasg agus aitheanta daoine.” Feic an nótú ar Mhait. xv. 9, 11.
  5. Ver. 18, “Ní maith aoinne ach Dia amháin,” .i. Ní maith aoinne ann féin, go h‑iomlán, agus ’n‑a bhithinn féin, ach Dia amháin. Má’s maith aon duine is tré mhaitheas Dé is maith é.
  6. Ver. 32. “Nó an Mac.”—Ní ’ghá rádh é go bhfuil Mac Dé gan aon eolus ar Lá an bhreitheamhantais, ach ’ghá rádh ná raibh an t‑eólus aige le teagasg dúinne i n’ oide againn; nídh nár mhaith dhúinn.
  7. Ver. 30. “Sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h‑uair.”—Glaoidhid na coiligh dha uair fé leith san oidhche, .i. timpal uair an mheadhan oidhche ar dtúis agus ansan airís tímpal na h‑uaire ar a dtugtar “glaodh an choiligh.” b’shiní an ghlaodh ar ar labhair ár Slánuightheóir: agus d’á bhrígh sin ní thrachtaid na soisgéalaidhthe eile i n‑aon chor ar an gcéad ghlaodh.
  8. Ver. 25. “An trímhadh tráth.”—Do rainn an seana-chúntas an lá ’n‑a cheithre tráthannaibh agus do h‑ainimnigheadh gach tráth o’n uair ar an thusnuig sé, .i. an chéad tráth, an trímhadh tráth, an sémhadh tráth, agus an naomhadh tráth. Do ceasadh ár dTighearna beagán roim mheadhann lae sar ar chríochnuigh an trímhadh tráth, agus nuair a bhí an sémhadh tráth díreach ag teacht.
  9. Ver. 2. “Agus bhí an ghrian n‑a suidhe.”—Do ghluaiseadar sar a dtáinig an solus ag dul chun na h‑uagha, ach bhí an ghrian ’n‑a shuidhe um an dtaca ’nar shroiseadar an áit. Nú, i bhfigiúir, tráchtthar anso ar ghréin an chirt, .i., ar Íosa Críost, ár dTighearna, a bhí eirighthe sar a dtanadar.