Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.
52Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
CAIBIDIOL III.
1Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína, 2[1]I n-aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach. 3Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí, 4Mar atá sgríobhtha i Leabhar na bhfocal adubhairt Isaias fáidh: [2]Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; 5Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam ’n-a dhíreach agus gach garbh ’n-a shlígh réidh, 6Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.
7Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht? 8Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin. 9Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é. 10Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad
- ↑ Gníomh. iv. 6.
- ↑ Isáias xl. 3.