Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/167

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. VI. 25
157
LÚCÁS

25[1]Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi.

26Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.

27Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: [* 1]Tugaidh grádh d’bhúr namhaid, deinidh maith do’n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh. 28Tugaidh beannacht do’n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.

29Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith. 30Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.

31Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó. 32Má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhóibh. 33Agus má dheineann sibh maith do’n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid na peacacha an nídh sin. 34[2]Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais. 35Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr [* 1]namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine. 36Bídhidh, d’á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach.

37Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar

  1. Isáias lxv. 13.
  2. Deut. xv. 8.
  1. 1.0 1.1 Sin rud nár h-iarradh a dhéanamh roimis sin.