Muintir Bhaile Átha Cliath/Máthair
MÁTHAIR
Bhí Mister Holohan,[1] rúnaí cúntach Eire Abu Society [sic], bhí ag siúl suas síos sráideanna Átha Cliath le beagnach mí anuas, a lámha agus a phócaí lán de ghiotaí broca páipéir, a eagrú na sraithe ceolchoirmeacha. Bhí leathchos bhacach faoi as ar bhaist a chairde Hoppy Holohan air. Shiúladh suas síos gan stad, nó sheasadh ag cúinní sráideanna ar feadh uaireannta an chloig ag dóbartaíl agus ag breacadh nótaí ar phár; ach i ndeireadh na dála ba í Missus Kearney a d'eagraigh gach aon ní.
Le teann oilc a d'éirigh Miss Devlin ina Missus Kearney. Fuair oideas i gclochar uasaicmeach, inar fhoghlaim Fraincis agus ceol. De bhrí gurbh é a dúchas aici bheith mílítheach agus doicheallach, ba bheag cairde aice sa scoil. Nuair a tháinig sí in inmhe a pósta, cuireadh chuig an iomad tithe í inar tugadh an-mheas ar a hoilteacht cheoil agus ar a dóigh choimhthíoch. Ansin a shuíodh sí lena cnuasach buanna fuara a fheithimh le suiríoch éigin a rachadh san fhiontar a thairiscint saol na bhfuíoll di. Ach na fir a gcasadh sí leo, bhíodar coitianta agus ní thugadh sí misneach dá laghad dóibh, ach d’itheadh go leor Turkish Delight faoi cheilt in iarracht thabhairt sóláis dá mianta rómánsúla. Nuair a bhí aois na seanmaighdine ag drannadh léi agus thosaigh a cairde ag caint [ 172 ]fúithi áfach, phós sí Mr Kearney, gréasaí as Cé Urmhumhan, a chur a mbéadán siar ina mbéal.
Bhí seisean i bhfad níos sine ná í. Thagadh a chuid cainte, caint a bhí stuama dáiríre, thagadh amach as a fhéasóg mhór dhonn i ndreasa gairide. Tar éis bliana den tsaol pósta, thug Mrs Kearney faoi deara gur fheil fear dá leithéad níos fearr di ná duine rómánsúil, ach níor chaith sí a nóisin rómánsacha san aer riamh. Bhí sé stuama, tíosach agus cráifeach; théadh don teampull uair sa mhí ar an chéad-Aoine – uaireannta théadh léise, níos minice théadh leis féin ann. Ach d'fhan sí dílis dá teagusc féin agus bhí sí ina bean dílis dósan. Ag cóisir éigin i dtigh coimhthíoch sheasadh sé suas a fhágáil sláin ar an chuideachta ar ardú leath-mhala oiread na fríde dhise agus, nuair a ghoilleadh a chasacht air, chuireadh sí bruthrach clúmh lachan thar a chosa agus réiteodh puins láidir dó. Maidir leisean, ba athair dea-shamplach é. Chuireadh sé suim bheag airgid i gcumann gach seachtain, d’fhonn curtha céid punt an duine in áirithe dá bheirt iníonacha nuair a thagaidís in aois a gceithre bliana is fichid. Kathleen, an cailín is sine, chuir sé ar choinbhint mhaith í, ina ndearna sí staidéar ar an Fhraincis agus ar cheol, agus d’íoc as a táillí ag an Academy[2] ina dhiaidh sin. Gach uile bhliain i mí Iúil fuair Mr Kearney an deis a rá le cara éigin:
“Tá m'fhear maith ag seoladh chuig na Sceirí sinn ar feadh roinnt seachtainí.”
Murab iad na Sceirí, is Binn Éadair nó Na Clocha Liatha a bheadh i gceist.
Nuair a tháinig Athbheochan na Gaeilge i bhfaisean bhí Mrs Kearney meáite ar bhaint tairbhe as [ 173 ]ainm a hiníne[3] agus chuir sí teagascóir Gaeilice ar an tigh. Sheol Kathleen agus a dheirfiúr cártaí poist Gaeilice chuig a gcairde agus sheol na cairde seo cártaí Gaeilice eile ar ais. Domhnaigh faoi leith, nuair a théadh Mr Kearney don Leas-Ardeaglais i gcuideachta a chlainne, chruinníodh drong bheag i ndiaidh an Aifrinn ar Shráid na hEaglaise. Ba chara leis na Kearneys an uile dhaoine dhíobh – cairde ceoil nó cairde Náisiúnacha; agus nuair a bhíodh gach aon bhlúire béadáin spíonta amach acu chroitheadar lámha in éineacht, go ndearnadar gáire faoi thrasnú an iomad lámh, agus dhéanaidís ceiliúradh dá chéile as Gaeilic. Níorbh fhada go raibh trácht bheag ar ainm Miss Kathleen Kearney. Dúirt daoine go raibh sí an-chliste ar cheol agus gur chailín sochaideartha í agus, lena chois sin, go raibh a croí istigh i ngluaiseacht na teangan. Bhí Bean Uí Cearnaigh breá sásta leis seo. Dá thairbhe sin ní raibh ionadh uirthi nuair a tháinig Mr Holohan chuici lá amháin a thairiscint poist dá hiníon mar thionlacaí ceoil sna cheithre cheolchoirm a tharfadh a Society sna Antient Concert Rooms.[4] Thug Mrs Kearney isteach don tseomra suí é, chuir ina shuí é gur tharraing amach an decanter agus an soitheach airgid brioscaí milse. Chíor an fiontar go mion, mhol rudaí áirithe dhó agus chuir ó rudaí eile é; gur síneadh conradh sa deireadh a gheall ocht nguine do Kathleen as a obair mar thionlacaí sna cheithre choirm cheoil. [ 174 ]Mar gheall ar a aineolaí is a bhí Mr Holohan ar chúrsaibh íogaire mar fhoclaíocht bhillí agus eagrú chlár ceolchoirme, d’fhóir Mrs Kearney air. Bhí stuaim aici. Thuig sí cé na healaíontóirí ar chóir scríobhadh síos a n-ainmneacha i gceannlitreacha móra agus cé na healaíontóirí dar fheil cló beag. Bhí a fhios aici nár mhaith leis an gcéad-teanór teacht amach ar an stáitse tar éis dreasa grinn Mr Meade. Na dréachtaí ceoil nach raibh mórán iontaoibh aici astu, chuir sí idir na cinn sean-triailte iad a chealgadh an lucht féachana. Théadh Mr Holohan isteach chuici gach aon lá a iarraidh a comhairle faoi ghné áirithe. Bhí sí cairdiúil cabhrach i gcónaí – tíriúil, déanta na fírinne. Shíneadh an teisteán chuige, ag rá:
“Anois, tarraing ort é, Mr Holohan!”
Agus ag tarraingt air féin dó, dearadh sí:
“Ná bíodh cúthail ort! Tóg do sháith dhe!”
Chuaigh gach uile rud ar aghaidh go seó. Ceannaigh Mrs Kearney charmeuse[5] ghleoite ar dhath luisne grua i siopa Brown Thomas a fhuáil ar éadan gúna Kathleen. Chosain sí pingin mhaith airgid uirthi; ach uaireanta is fiú an tairbhe an t-airgead. Cheannaigh sí dosáin ticéad-dhá-scilling don choirm ceoil a sheoladh chuig na cairde nach raibh iontaoibh a dteachta aici murach sin. Ní dhearna dearmad ar aon rud agus, a bhuíochas uirthise, cuireadh i gcrích gach rud a bhí le déanamh.
Dé Céadaoine, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn a bheadh na ceolchoirmeacha ar taispeáint. Nuair a tháinig Mrs Kearney lena hiníon chuig an Halla Ceolchoirme Ársa oíche Dé Céadaoine, níor thaitin an chuma ar an scéal léi. Ina seasamh go díomhaoin sa phóirse [ 175 ]bhí cúpla fear óg a raibh suaitheantais ghorma na spéire ar a gcótaí; ní raibh éadaí foirmiúla á gcaitheamh ag duine ar bith dhíobh. Lean sí ar aghaidh tharstu in éinfheacht lena hiníon agus ar spléachadh isteach doras oscailte an halla dhi thuig údar díomhaointeas na stíobhard. Rith sé léi ar feadh nóiméid go ndearna sí earráid faoin uair. Ach ní dhearna, bhí sé fiche nóiméad chun a hocht.
Sa tseomra feistis ar chúl stáitse cuireadh in aithne rúnaí na Cumann, Mister Fitzpatrick di. Rinne sí miongháire agus chroith lámh leis. Fear beag le gnúis mhílítheach bhómánta a bhí ann. Thug sí suntas do leathstuaic mhíshlachtmhar a hata boig doinn agus dá thuin thútach chainte. Bhí clár léirithe i leathláimh aige agus chogain sé ceann de ina liothrach báite fad is a bhí ag caint léi. Shílfeá nach luíodh sé go ró-ghéar air nuair a chuirtí cúl air. Tháinig Mr Holohan isteach sa tseomra feistis gach cúpla nóiméad le tuairisc ó oifig na dticéad. Labhair na hoirfidigh go tinneallach lena chéile, agus thugadar sracfhéachaint ar an scáthán ó am go ham nó chornadar agus leathadar amach a mbilleoga ceoil. Nuair a bhí sé leathuair tar éis a hocht, thug an beagán daoine sa halla a mífhoighne in iúil. Tháinig an t-Uasal Mhic Giolla Phádraig isteach, rinne miongháire leamh leis an lucht féachana agus dúirt:
“Is ea anois, a fheara agus a mná uasail. Is dóigh liom nár mhór dúinn tús a chur leis an bhál.”
Chaith Mrs Kearney súil tharcaisneach air mar gheall ar a shiolla deireanach neamhshnasta, gur thathantaigh ar a hiníon:
“An bhfuilir réidh, a thaisce?”
Nuair a fuair sí an fhaill, ghlaoigh [ 176 ]Mr Holohan ar leith gur fhiafraigh dhe céard ba chiall leis an laghad daoine.
Dúirt seisean gur bhotún é méad na gceolchoirmeacha a d’eagraigh an Coiste: ba iomarca é cheithre chinn.
“Agus na artistes!” ar Mrs Kearney. “Ar ndóigh táid ag déanamh a ndíchill, ach is é fírinne an scéil nach bhfuilid go maith.”
D’admhaigh Mr Holohan nach raibh na hoirfidigh go maith ach bheartaigh an Coiste, a dúirt sé, bheartaigh ligean an trí cheolchoirm tosacha tharstu a choinneáil na n-oirfideach ab fhearr d’oíche Dé Sathairn. Ní dúirt Mrs Kearney aon rud, ach, de réir mar a lean na míreanna laga ar an stáitse a chéile agus de réir mar a chuaigh an beagán daoine sa halla i dteirce, mhéadaigh a haiféala faoin airgead a chaith sí ar a leithéid de choirm cheoil. Bhí rud éigin faoin dealramh ar an scéal nár thaitin léi agus spréach meangadh leamh gáire Mr Fitzpatrick í. Mar sin féin, choinnigh sí guaim uirthi féin agus d’fhan go deireadh. Tháinig deireadh leis an gceolchoirm go gairid roimh a deich agus d’imigh gach uile dhuine abhaile go tapaigh.
Bhí níos mó daoine ann oíche Déardaoin ach thug Mrs Kearney faoi deara ar an toirt gur tugadh ticéid in aisce don lucht féachana. D’iompair an lucht féachana iad féin go míchuibhiúil, mar nach mbeadh sa cheolchoirm ach cleachtadh feistithe. Shílfeá gur bhain Mr Fitzpatrick sult as an oíche; níor thuig go raibh Mrs Kearney ag cur croin sa bhealach a bhí leis. Sheas sé ar imeall an scáthláin, ag sá a chloiginn amach ó am go ham [ 177 ]a gháire le beirt cairde leis ar chúinne an áiléir. Fuair Mrs Kearney amach an oíche sin go gcuirfí ceolchoirm oíche Dé hAoine ar ceal agus go ndéanfadh an Coiste a seacht ndícheall chun bhaint amach lán tí oíche Dé Sathairn. Nuair a chuala sí seo, chuaigh ar thóir Mr Holohan. Gheafáil é ar a bhealach bacach amach le gloine líomanáide do bhean óg uasal, gur cheistigh dhe arbh fhíor é. Sea, a deir sé, b’fhíor.
“Ach, ar ndóigh, ní athríonn sin an conradh,” ar sí. “Conradh cheithre cheolchoirm atá ann.”
Shílfeá go raibh deifir ar Mr Holohan; Mhol sé dhí labhairt le Mr Fitzpatrick. Bhí Mrs Kearney ar a haireachas anois. Mar sin ghlaoigh anall Mr Fitzpatrick óna scáthlán go ndúirt leis gur chuir a hiníon a hainm le cheithre cheolchoirm agus go raibh an cúiteamh a beartaíodh ar dtús, go raibh sé sin dlite dhí, cuma cé acu dá gcuireadh an chumann cheithre cheolchoirm ar siúl nó nach gcuireadh. Níor thuig Mr Fitzpatrick a háiteamh láithreach agus bhí an chuma ar an scéal nach bhféadfadh sé an fhadhb a réiteach. Dúirt go dtarraingeodh an cheist anuas os comhair an Comittee. D’éirigh círín ar Mrs Kearney agus ba é a cloch nirt staonadh ón cheist a chuir:
“Agus cé hé an Cometty más ea?”
Ach thuig nach mbeadh sé sin banúil uaithi, agus d’fhan ina tost.
Cuireadh buachaillí óga amach ar phríomhshráideanna [ 178 ]Átha Cliath go luath Dé hAoine le bearta fógrán. Bhí bolscaireacht speisialta i ngach uile pháipéar nuachta tráthnóna a thug le fios do leantóirí ceoil an aoibhneas a bhí faoina gcoinne an oíche lá arna mhárach. Mhaolaigh sin faitíos Mr Kearney beagán, ach thogair insint cuid dá hamhras dá fear. D’éist seisean go cluasach, go ndúirt nár mhór dó, b’fhéidir, teacht ina cuideachta oíche Dé Sathairn. D’aontaigh sí leis. Bhí meas aici ar a fear céile sa dóigh chéanna is a bhí meas aici ar Ardoifig an Phoist, mar rud mór daingean diongbháilte; agus cé gur thuig sí laghad a bhuanna bhí meas aici air a bhuíochas ar a luach teibí mar fhear. Bhí sásta gur mhol sé dul léi. Chuimhnigh a plean.
Tháinig oíche na coirme móire. Tháinig Mrs Kearney, a fear céile agus a hiníon isteach san Antient Concert Rooms trí cheathrú uaire roimh an am a bhí an cheolchoirm le tosú. Ar an drochuair tráthnóna beag fliuch a bhí ann. D’fhág Mrs Keaney éadaí a hiníne i gcúram a fear céille gur chuardaigh an foirgneamh ó bhun go barr ar Mr Holohan nó ar Mr Fitzpatrick. Níor aimsigh ceachtar díobh. Cheistigh de na stíobhaird an raibh duine ar bith den Choiste sa halla agus, tar éis buairimh móir, thug stíobhard amach bean bheag darbh ainm Miss Beirne, agus mhínigh Mrs Kearney dhi gur mhian léi labhairt le duine de na rúnnaithe. Bhí Bean Uasal Ní Broin ag dréim leo nóiméad ar bith feasta agus d’fhiafraigh an raibh aon ní a d’fhéadfadh sise déanamh. Scrúdaigh [ 179 ]Mrs Kearney an aghaidh scothaosta a bhí craptha i strainc muiníne agus díocais, gur fhreagair:
“Níl, go raibh maith agat!”
Bhí an bheainín ag súil le tigh maith. D’fhéach amach ar an bháisteach agus bhain gruaim na sráide fliche gach rian den mhuinín agus den dhíocas dá ceannaithe anchumtha. Ansin lig osna agus dúirt:
“Arú! Rinneamar ár ndícheall, ag Dia atá a fhios.”
B’éigin do Mrs Kearney filleadh ar an tseomra feistithe.
Bhí na hoirfidigh ag teacht isteach. Do tháinig an t-amhránaí dorghutha agus an teanór déach cheanna féin. Ba fhear caol óg le croiméal dubh scáinte an dordghuth, Mr Duggan. Mac le doirseoir in oifig sa chathair ab ea é. Chanadh sé nótaí fada doird sa halla mór lom nuair a bhí sé ina ghasúr. Do chuaigh sé chun cinn sa tsaol ón tús umhal seo nó go raibh sé ina oirfideach den chéad scoth. Chan sé i mór-cheoldráma cheana. Oíche amháin, nuair a bhuail tinneas oirfideach ceoldráma, ghlac sé páirt an rí i gceoldráma Maritana sa Queen’s Theatre. Chan sé le fuinneamh is le faobhar agus bhuaigh cion an tslua; ach, faraor, shalaigh an chion sin nuair a chuimil a shrón lena lámhainn uair nó dhó trí neamhaird. Duine neamhphostúil tostach ab é. D'fhuaimnigh ‘yous’ chomh híseal is nach dtabharfá faoi deara é agus níor ól deoch níos láidre ná bainne riamh ar mhaithe lena ghlór. [ 180 ]Duine beag fionn ab é Mr Bell, an teanór déach, a ghlac páirt sa ‘Feis Ceoil’ [sic] gach bliain ar son na nduaiseanna. Bronnadh bonn cré-umha air ina cheathrú thriail. Ba dhuine thar a bheith imníoch é agus bhí an-éadmhar ar fad leis na teanóir eile agus cheileadh a éad imníoch le caint is cairdeas spleodrach. Bhí nós aige cur i gcion ar dhaoine gurbh ionann ceolchoirm agus páis céasta leis. Mar sin nuair a chonaic an Mr Duggan ghabh anall chuige a fhiafraí:
“An bhfuil páirt agatsa inti chomh maith?”
“Tá” ar Dubhagán.
Rinne Mr Bell gáire faoina chomh-fhulangaí, shín amach a lámh agus dúirt:
“Croith lámh liom!”
D’imigh Mrs Kearney thar an bheirt fhear seo agus chuaigh go himeall an scáthláin a fheiceáil an tslua. Bhí na suíocháin á líonadh go gasta agus ba údar misnigh torann an tslua. Tháinig sí ar ais gur labhair os íseal lena fear. Ba léir gurbh í Kathleen ábhar a gcomhrá mar thugadar beirt sracfhéachaint thall uirthi go minic fad is a bhí sise ina seasamh ag caint le bean dá cairde Náisiúnacha, Miss Healy, an contralto. Shiúl bean aonarach bhánghnéítheach trasna an tseomra. Lean súile na mban an gúna gorm tréigthe a theann um a corp dearóil. Dúirt duine amháin gur Madam Glynn, an soprana ab í.
“Meas tú cén carn aoiligh a fuaireadar ise?” ar Kathleen le hIníon Uí hÉilidhe. “Táim cinnte nár chualas trácht riamh uirthi.” [ 181 ]Chuaigh sé thar a hacmhainn ar Miss Healy choinneáil cúil ar a meangadh gáire. Shiúl Mr Holohan go bacach isteach sa tseomra feistithe ag an phointe sin agus cheistigh an bheirt bhan óg cérbh í an bhean anaithnid. Madam Glynn as Londain ar sé. Sheas Madam Glynn i gcúinne den tseomra, greim stalctha aici ar a leabhrán ceoil agus d’fhéach thall nó abhus go scaollmhar ó am go ham. Bhain scáth an chúinne de thréigeadh gorm a gúna ach lonnaigh go díoltasach ar an chuasán os cionn a dealracháin. Méadaigh torann an halla. Tháinig an teanór géar agus an guth doird le chéile ar an bhall. Bhíodar beirt pointeáilte, beathaithe agus bogásach agus chuireadar blas galántachta leis an chomhluadar.
Thug Missus Kearney a hiníon anonn ina láthair, agus labhair go cairdiúil leo. Theastaigh uaithi éirigh mór leo ach, cé go raibh sí ag iarraidh bheith béasach, lean a súile Mr Holohan ar a chúrsaí cama. D’fhág sí ceiliúradh leo agus d’imigh ar a shála siúd ar an chéad-deis.
“Mr Holohan, táim ag iarraidh labhartha leat ar feadh nóiméid,” ar sí. Ghabhadar síos an pasáiste go háit ar leithligh. Cheistigh Missus Kearney de cathain a íocfaí a hiníon. Dúirt Mr Holohan go raibh sé sin faoi chúram Mr Fitzpatrick. Dúirt Mrs Kearney nach raibh aithne ná eolas aici ar Mr Fitzpatrick. Do chuir a hiníon a hainm le conradh ar ocht nguine agus chaithfí [ 182 ]a híoc. Dúirt Mr Holohan nár bhain sé sin leis.
“Conas nach mbaineann sé leat?” a cheistigh Bean Uasal Uí Chearnaigh. “Nach tusa a thug an conradh dhi? Ar aon nós, mura bhaineann sé leatsa baineann liomsa agus teastaíonn a réiteach uaim.”
“Ba chóir duit labhairt le Mr Fitzpatrick,” a dúirt Mr Holohan go dúnárasach.
“Níl pioc eolais agam ar Mr Fitzpatrick,” a dúirt Mr Kearney an athuair. “Tá mo chonradh agam, agus tabharfad do m’aire go gcomhlíonfar é.
Nuair a d’fhill sí ar an tseomra feistithe bhí oiread na fríde de dheirge ina grua. Bhí spleodar sa chuideachta. Bhí seilbh an teallaigh gafa ag beirt fhear i gcótaí móra agus bhíodar ag caint go teanntásach le Miss Healy agus amhránaí an dordghutha. Fear an Freeman[6] agus Mr O’Madden Burke ab iad. Tháinig fear an Freeman isteach a rá nach bhféadfadh fanacht don cheolchoirm mar go gcaithfeadh déanamh tuairisce ar léacht a bheadh sagart Meiriceánach ag tabhairt i dTigh an Ardmhéara. Dúirt leo fágáil cuntais ar an oíche leis in oifig an Freeman go gcinntíodh seisean a fhoilsiú. Ba fhear liath le glór síodúil agus le béasaíocht cháiréiseach é. Bhí todóg mhúchta i leathláimh aige agus bhí cumhrán thoit todóige ina thimpeall. Ní raibh rún aige déanamh moille ar bith mar ba leamh liosta leis ceolchoirmeacha agus oirfidigh ach d’fhan sé ina sheasamh i gcoinne an mhatail. Sheas Miss Healy faoina bhráid agus í ag caint is ag gáire. Bhí sé sách sean chun shamhlú cúise amháin lena cúirtéiseacht ach bhí sách óg [ 183 ]ina aigne chun bhaint sochair as an ócáid. Thaitin teocht, cumhra agus dealramh a coirp lena chéadfaí. Thuig sé le sult gur mar gheall airsean a d’éirigh agus d’ísligh an ucht ina thug sé suntas agus gur chomhartha ómóis dó é an gáire, an chumhracht agus na súilfhéachana tnúthánacha. Nuair nach bhféadfadh fanacht nóiméad ar bith eile, d’fhág slán aici go haiféalach.
“Scríobhfaidh O’Madden Burke an fógra,” a mhínigh do Mr Holohan, “agus cuirfeadsa isteach é.”
“Go raibh míle maith agat, Mr Hendrick,” a dúirt Mr Holohan, “cuirfir isteach é, táim cinnte dhe. Anois, nach mbeidh rud beag éigin agat sula n-imí tú?”
“Ní miste liom,” ar Mr Hendrick.
Chuaigh an bheirt fhear trí roinnt pasáistí achrannacha agus suas staighre sa dorchadas gur thángadar ar sheomra ciúin ina raibh duine de na maoir ag baint na gcorc as na buidéil do bhaicle daoine uaisle. Duine de na daoine uaisle, Mr O’Madden Burke,[7] d’aimsigh an seomra as a stuaim féin. Fear aosta síodúil ab é a lig scíth a thoirte móire ar a scáth báistí mór síoda. Ba scáth morálta aige a shloinne mórfhoclach Gaedhealach a chuir sé mar thaca faoi fhadhb íogair a ghustail. Bhí meas mór air.
Fad is a bhí Mr Holohan ag coinneáil comhrá le fear an Freeman bhí Mrs Kearney ag labhairt go chomh corraitheach sin gurb éigean dá fear céile iarradh uirthi ísliú a glóir. Bhí sí ag cur isteach ar chomhrá na ndaoine eile sa tseomra feistithe. Sheas Mr Bell, an céad-duine le dul amach ar an stáitse, [ 184 ]sheas ar aire lena leabhrán ceoil ach níor thug an tionlacaí aon chomhartha dhó. Ba fhollas go raibh rud éigin cearr. Stán Mr Kearney amach go díreach roimhe gan féachaint thall ná abhus agus chuimil a fhéasóg, agus Mrs Kearney ag cogar go teasaí i cluais Kathleen. Tháinig gleo gríosaithe ón halla: bualadh bos ar a chéile agus bualadh cos ar an talamh. Sheas an príomh-theanóir, an guth doird agus Miss Healy le chéile, ag fanacht go socair, ach bhí cearthaí ag teacht ar Mr Bell mar bhí faitíos air go sílidís an lucht féachana nár tháinig sé in am.
Tháinig Mr Holohan agus Mr O’Madden Burke isteach sa seomra. Thug Mr Holohan an tost faoi deara i bhfaiteadh na súl. Chuaigh anonn go Mrs Kearney gur labhair go tromchúiseach léi. Mhéadaigh an torann sa halla agus iad ag caint. D’éirigh Mr Holohan an-chorraitheach agus tháinig círín dearg air. Bhí sé ag spalpadh focal, ach dúirt Mrs Kearney go giorraisc ar uairibh:
“Ní rachaidh sí ar stáitse. Caithfidh sí fáil a hocht nguine.”
Shín Mr Holohan a mhéar go práinneach i dtreo an halla ina raibh an slua ag bualadh bos is cos. D’iarr ar Mr Kearney agus ar Kathleen. Ach choinnigh Mr Kearney ag cuimilt a fhéasóige agus d’fhéach Kathleen síos ar an talamh agus chorraigh bairr a slipéir nua rince: níorbh uirthise an locht. Dúirt Mrs Kearney arís:
“Ní rachaidh sí amach gan a cuid airgid.”
Tar éis babhta groid sáraíochta d’imigh Mr Holohan de sciotán. Thit an seomra faoi thost. Nuair a luí teannas an tosta [ 185 ]uirthi labhair Miss Healy leis an amhránaí dordghutha:
“An bhfacais Mrs Pat Campbell[8] an tseachtain seo?”
Dúirt an dordghuth nár fhaca í ach gur dúradh leis go raibh sí go han-mhaith. Níor leanadh níos faide leis an chomhrá. Chrom an príomh-theanór a cheann agus thosaigh ag ríomh na lúb den tslabhra óir ar a rosta, fáthadh an gháire air agus é ag crónán nótaí seachránacha d’fhonn a n-aireachtáil i gcuas a shróine. Chaith gach uile dhuine súil ar Mrs Kearney anois is arís.
D’ardaigh torann an halla ina fhothram ceart faoin am a tháinig Mr Fitzpatrick isteach sa tseomra de sciotán le Mr Holohan ina dhiaidh agus saothar anála air. Chualathas feadaíl mar aon leis an bhualadh bos is cos. Bhí cúpla nótaí bainc ina láimh ag Mr Fitzpatrick. Chomhair sé amach cheithre cinn i láimh Mrs Kearney agus dúirt go bhfaigheadh sí an leath eile ag an am idirchéime. Dúirt Mrs Kearney:
“Tá cheithre scillinge in easnamh.”
Ach chruinnigh Kathleen a gúna agus dúirt: “Anois, Mr Bell,” le dul amach don chéad phíosa ceoil. Bhí seisean ar aon bharr amháin creatha. Chuaigh an t-amhránaí agus an tionlacaí amach le chéile. Chuaigh an torann sa halla i léig. In ndiaidh chúpla soicind, chualathas an pianó.
D’éirigh go maith leis an gcéad-chuid den cheolchoirm, seachas amhrán Madam Glynn. Ghabh an bhean bhocht Killarney i nguth cneadach gan anam, agus gach gothaíocht agus iontonú seanchaite dar mheas sí cur [ 186 ]galántachta lena hamhránaíocht, chuir. Shílfeá gur fritheadh í i sean-chófra feistis stáitse agus rinne lucht na suíochán saor fonóid faoina nótaí géara olagónacha. Cuireadh na gártha molta roimh an phríomhtheanór agus roimh an chontraltó áfach. Sheinn Kathleen teaglaim fonn Éireannach a ndearnadh bualadh bos mór orthu. Cuireadh críoch leis an chéad-chuid le haithris náisiúnach ghríosaitheach le bean óg a d’eagraigh drámaí amaitéaracha. Bhí an bualadh bos a tugadh dhi tuillte aici agus, nuair a chríochnaigh, chuaigh na fir amach go sásta le haghaidh dheoch idirchéime.
I gcaitheamh an ama seo bhí suaitheadh ar bun sa tseomra feistis. I gcúinne amháin bhí Mr Holohan, Miss Beirne, beirt de na stíobharid, an t-amhránaí baratóin, an t-amhránaí dordghutha agus Mr O’Madden Burke. Dúirt Mr O’Madden Burke go mba scannal é. Bhí deireadh le gairm cheoil Miss Katherine Kearney in Áth Cliath as sin amach, a deir sé. Iaradh tuairim an bharatóin faoi iompar Mhissus Kearney. Níor mhaith leis focal a rá. Do íocadh a phá dhó agus ba mhaith leis síocháin idir é féin agus an saol mór. Mar sin féin, shílfeá go gcuimhníodh Mrs Kearney ar na ceoltóirí eile, a deir sé. Deinneadar na stíobhaird agus na rúnaithe cur is cúiteamh faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfadh an sos idirchéime.
“Aontaím le Miss Beirne,” a dúirt Mr O’Madden Burke. “Ná híoctar dada léi.”
I gcúinne eile den tseomra bhí Mrs Kearney agus a fear, Mr Bell, Miss Healy agus an bhean óg a raibh uirthi an dán náisiúnach [ 187 ]a aithris. Dúirt Mrs Kearney gur náireach an chaoi a chaith an Coiste léi. Ní dhearna sí dhá leath dá dícheall ná den chostas, agus seo a raibh de bhuíochas uirthi.
Shíleadar nach raibh plé acu ach le cailín agus, mar sin, go bhféadaidís a cur faoina gcosa. Ach mhúinfeadh sise a mbotún dóibh. Ní leomhfaidís caitheamh léi mar sin dá mba fear í. Ach sheasfadh sise ceart a hiníne dhi: ní dhéanfaí óinseach di. Mura n-íocaidís don phingin deiridh í chuirfeadh sí gáir amach orthu in Áth Cliath. Ar ndóigh ba thrua léi an toradh a bheadh aige sin ar na artistes. Ach cérbh é an dara rogha aici? D’iarr sí a bharúil ar an teanór déach agus dúirt seisean gur mheas nár caitheamh go maith léi. Ansin d’iarr sí a barúil ar Miss Healy. Ba mhaith le Miss Healy dul i leith an ghrúpa eile ach ní raibh sé de dhánacht a dhéanamh mar bhí an-mhór le Kathleen agus thug na Kearneys cuireadh dhi chun a dtí go minic.
Chomh luath is a bhí an chéad-chuid críochnaithe ghabh Mr Fitzpatrick agus Mr Holohan ionsar Mrs Kearney agus dúradar go n-íocfaí an cheithre ghuine eile tar éis chruinniú an Choiste an Mháirt ina dhiaidh sin agus, dá mba rud é nár sheinn a hiníon sa dara chuid, mheasfadh an Coiste go raibh an conradh briste agus ní íocfadh faic.
“Ní fhaca mé Coiste ar bith,” a dúirt Mr Kearney go colgach. “Tá a conradh ag m’iníon. Gheobhaidh sí cheithre phunt is ocht scillinge ina láimh nó cos ní chuirfidh ar an ardán sin.” [ 188 ]“Ní shamhlóinn a leithéid leat, Mrs Kearney,” a dúirt Mr Holohan. “Níor shamhlaíos riamh go gcaithfeá linn mar sin.”
“Agus cén chaoi a chaithis liomsa?” a cheistigh Mr Kearney.
Bhí sí dearg le fearg agus bhí an chuma uirthi go ngabhfadh sí dá lámha ar dhuine.
“Táim ag iarraidh mo chirt,” ar sí.
“Shílfeá go mbeadh náire ionat,” a dúirt Mr Holohan.
“Shílfeá, muis?... Agus nuair a iarraim cathain a íocfar m’iníon ní fhaighim freagra béasach.
Chaith sí a ceann agus chuir guth sotalach uirthi féin:
“Caithfir labhairt leis an rúnaí. Ní bhaineann sé liomsa. Is boc mór mise fol-the-diddle-I-do.
“Shíleas gur bhean uasal thú,” a dúirt Mr Holohan agus d’imigh go grod uaithi.
Ina dhiaidh sin ba tháir le cách iompar Mrs Kearney: mheas gach aon duine go ndearna an Coiste an rud ceart. Sheas sí sa doras agus í le ceangal, ag aighneas lena fear céile agus lena hiníon is ag oibriú a lámh leo. D’fhan go raibh sé in am tosú ar an dara leath go dtagadh duine de na rúnaithe chuici. Ach dheonaigh Miss Healy sheinm tionlacain nó dhó. B’éigean do Mrs Kearney fhágáil an bhealaigh don bharatón agus dá thionlacaí agus iadsan ag dul chuig an n-ardán. D’fhan sí ina seasamh ar feadh nóiméid mar a bheadh dealbh fheargach cloiche inti agus, [ 189 ]iar gclos chéad-nótaí an amhráin di, rug ar chlóca a hiníne agus dúirt lena fear:
“Faigh cab!”
D’imigh seisean amach ar an phointe. Chlúdaigh Mrs Kearney a hiníon leis an bhrat agus lean é. Ar dul amach dhi stop sa doras agus thug súil fhiata ar Mr Holohan.
“Nílim réidh leat fós,” a dúirt sí.
“Ach táimse réidh leatsa,” ar Mr Holohan.
Shiúl Kathleen go cúthail ceansa i ndiaidh a máthar. Thosaigh Mr Holohan ag céimniú suas agus anuas an seomra, in iarracht a fhuaraithe mar d’airigh mar a bheadh a chraiceann faoi thine.
“Is deas an bhean uasal sin!” a dúirt sé. “Ó is deas an bhean uasal ise!”
“Rinnis an rud ceart, Holohan,” a dúirt Mr O’Madden Burke, agus cuma an mholta ar an dóigh a luigh sé go galánta ar a scáth báistí.
Gluais
[edit]- ↑ Holohan: Ó hUallachán – as Mac Uallacháin (uallach + an iarmhír ‘-án’ sa tuiseal ghinideach i. Móiréiseach)
- ↑ The Academy: An Royal Irish Academy of Music /Ceol[-]Acadamh Ríoga na hÉireann, 36 Rae an Iarthar
- ↑ ar thairbhe... ainm a hiníne: ba shamhail í Caitlín ní hUallacháin d'Éirinn ag náisiúnaithe. Seanbhean bhocht is í nár mhór d’fhir óg troid ar a son. Kathleen, iníon Bhean Uí Chearnaigh, sin anglú ar an ainm baiste céanna.
- ↑ Society... Antient Concert Rooms: Society of Antient Concerts. Chuir an Cumann coirmeacha ceoil agus eile ar siúil ina halla ceolchoirme, na Antient Concert Rooms, 42 Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh anois). Is oifigí gnó atá san fhoirgneamh anois. The Academy is ea ainm an fhoirgnimh
- ↑ Charmeuse: éadach snasta ar nós sróil ach níos míne. Déantar as síoda é.
- ↑ Freeman: Freeman's Journal. Páipéar nuachta a bhunaigh beirt pholaiteoirí náisiúnacha Protastúnacha i 1763. Cheannaigh nuachtán eile, The Irish Independant é i 1924. Tá neart tagart don chlann agus don nuachtán sa chnuasach scéalta seo le Joyce (féach an fonóta i Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste nó i Grásta mar shampla).
- ↑ O’Madden Burke: Ó Mhaidín de Búrg (i. mada/madra beag den cheantar). Má bhain an leasainm le taoiseach éigin mór le rá tráth dá raibh, níl mórán uaisleachta ag baint leis an leasainm féin!
- ↑ Ban-aisteoir stáitse Shacsanach mhór le rá (w:en:Mrs Patrick Campbell).
This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only. | |||||
Original: |
| ||||
Translation: |
|