a gháire le beirt cairde leis ar chúinne an áiléir. Fuair Mrs Kearney amach an oíche sin go gcuirfí ceolchoirm oíche Dé hAoine ar ceal agus go ndéanfadh an Coiste a seacht ndícheall chun bhaint amach lán tí oíche Dé Sathairn. Nuair a chuala sí seo, chuaigh ar thóir Mr Holohan. Gheafáil é ar a bhealach bacach amach le gloine líomanáide do bhean óg uasal, gur cheistigh dhe arbh fhíor é. Sea, a deir sé, b’fhíor.
“Ach, ar ndóigh, ní athríonn sin an conradh,” ar sí. “Conradh cheithre cheolchoirm atá ann.”
Shílfeá go raibh deifir ar Mr Holohan; Mhol sé dhí labhairt le Mr Fitzpatrick. Bhí Mrs Kearney ar a haireachas anois. Mar sin ghlaoigh anall Mr Fitzpatrick óna scáthlán go ndúirt leis gur chuir a hiníon a hainm le cheithre cheolchoirm agus go raibh an cúiteamh a beartaíodh ar dtús, go raibh sé sin dlite dhí, cuma cé acu dá gcuireadh an chumann cheithre cheolchoirm ar siúl nó nach gcuireadh. Níor thuig Mr Fitzpatrick a háiteamh láithreach agus bhí an chuma ar an scéal nach bhféadfadh sé an fhadhb a réiteach. Dúirt go dtarraingeodh an cheist anuas os comhair an Comittee. D’éirigh círín ar Mrs Kearney agus ba é a cloch nirt staonadh ón cheist a chuir:
“Agus cé hé an Cometty más ea?”
Ach thuig nach mbeadh sé sin banúil uaithi, agus d’fhan ina tost.
Cuireadh buachaillí óga amach ar phríomhshráideanna