Mar gheall ar a aineolaí is a bhí Mr Holohan ar chúrsaibh íogaire mar fhoclaíocht bhillí agus eagrú chlár ceolchoirme, d’fhóir Mrs Kearney air. Bhí stuaim aici. Thuig sí cé na healaíontóirí ar chóir scríobhadh síos a n-ainmneacha i gceannlitreacha móra agus cé na healaíontóirí dar fheil cló beag. Bhí a fhios aici nár mhaith leis an gcéad-teanór teacht amach ar an stáitse tar éis dreasa grinn Mr Meade. Na dréachtaí ceoil nach raibh mórán iontaoibh aici astu, chuir sí idir na cinn sean-triailte iad a chealgadh an lucht féachana. Théadh Mr Holohan isteach chuici gach aon lá a iarraidh a comhairle faoi ghné áirithe. Bhí sí cairdiúil cabhrach i gcónaí – tíriúil, déanta na fírinne. Shíneadh an teisteán chuige, ag rá:
“Anois, tarraing ort é, Mr Holohan!”
Agus ag tarraingt air féin dó, dearadh sí:
“Ná bíodh cúthail ort! Tóg do sháith dhe!”
Chuaigh gach uile rud ar aghaidh go seó. Ceannaigh Mrs Kearney charmeuse[1] ghleoite ar dhath luisne grua i siopa Brown Thomas a fhuáil ar éadan gúna Kathleen. Chosain sí pingin mhaith airgid uirthi; ach uaireanta is fiú an tairbhe an t-airgead. Cheannaigh sí dosáin ticéad-dhá-scilling don choirm ceoil a sheoladh chuig na cairde nach raibh iontaoibh a dteachta aici murach sin. Ní dhearna dearmad ar aon rud agus, a bhuíochas uirthise, cuireadh i gcrích gach rud a bhí le déanamh.
Dé Céadaoine, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn a bheadh na ceolchoirmeacha ar taispeáint. Nuair a tháinig Mrs Kearney lena hiníon chuig an Halla Ceolchoirme Ársa oíche Dé Céadaoine, níor thaitin an chuma ar an scéal léi. Ina seasamh go díomhaoin sa phóirse