Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/179

From Wikisource
This page has been proofread.

bhí cúpla fear óg a raibh suaitheantais ghorma na spéire ar a gcótaí; ní raibh éadaí foirmiúla á gcaitheamh ag duine ar bith dhíobh. Lean sí ar aghaidh tharstu in éinfheacht lena hiníon agus ar spléachadh isteach doras oscailte an halla dhi thuig údar díomhaointeas na stíobhard. Rith sé léi ar feadh nóiméid go ndearna sí earráid faoin uair. Ach ní dhearna, bhí sé fiche nóiméad chun a hocht.

Sa tseomra feistis ar chúl stáitse cuireadh in aithne rúnaí na Cumann, Mister Fitzpatrick di. Rinne sí miongháire agus chroith lámh leis. Fear beag le gnúis mhílítheach bhómánta a bhí ann. Thug sí suntas do leathstuaic mhíshlachtmhar a hata boig doinn agus dá thuin thútach chainte. Bhí clár léirithe i leathláimh aige agus chogain sé ceann de ina liothrach báite fad is a bhí ag caint léi. Shílfeá nach luíodh sé go ró-ghéar air nuair a chuirtí cúl air. Tháinig Mr Holohan isteach sa tseomra feistis gach cúpla nóiméad le tuairisc ó oifig na dticéad. Labhair na hoirfidigh go tinneallach lena chéile, agus thugadar sracfhéachaint ar an scáthán ó am go ham nó chornadar agus leathadar amach a mbilleoga ceoil. Nuair a bhí sé leathuair tar éis a hocht, thug an beagán daoine sa halla a mífhoighne in iúil. Tháinig an t-Uasal Mhic Giolla Phádraig isteach, rinne miongháire leamh leis an lucht féachana agus dúirt:

“Is ea anois, a fheara agus a mná uasail. Is dóigh liom nár mhór dúinn tús a chur leis an bhál.”

Chaith Mrs Kearney súil tharcaisneach air mar gheall ar a shiolla deireanach neamhshnasta, gur thathantaigh ar a hiníon:

“An bhfuilir réidh, a thaisce?”

Nuair a fuair sí an fhaill, ghlaoigh