Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/188

From Wikisource
This page has been proofread.

sheas ar aire lena leabhrán ceoil ach níor thug an tionlacaí aon chomhartha dhó. Ba fhollas go raibh rud éigin cearr. Stán Mr Kearney amach go díreach roimhe gan féachaint thall ná abhus agus chuimil a fhéasóg, agus Mrs Kearney ag cogar go teasaí i cluais Kathleen. Tháinig gleo gríosaithe ón halla: bualadh bos ar a chéile agus bualadh cos ar an talamh. Sheas an príomh-theanóir, an guth doird agus Miss Healy le chéile, ag fanacht go socair, ach bhí cearthaí ag teacht ar Mr Bell mar bhí faitíos air go sílidís an lucht féachana nár tháinig sé in am.

Tháinig Mr Holohan agus Mr O’Madden Burke isteach sa seomra. Thug Mr Holohan an tost faoi deara i bhfaiteadh na súl. Chuaigh anonn go Mrs Kearney gur labhair go tromchúiseach léi. Mhéadaigh an torann sa halla agus iad ag caint. D’éirigh Mr Holohan an-chorraitheach agus tháinig círín dearg air. Bhí sé ag spalpadh focal, ach dúirt Mrs Kearney go giorraisc ar uairibh:

“Ní rachaidh sí ar stáitse. Caithfidh sí fáil a hocht nguine.”

Shín Mr Holohan a mhéar go práinneach i dtreo an halla ina raibh an slua ag bualadh bos is cos. D’iarr ar Mr Kearney agus ar Kathleen. Ach choinnigh Mr Kearney ag cuimilt a fhéasóige agus d’fhéach Kathleen síos ar an talamh agus chorraigh bairr a slipéir nua rince: níorbh uirthise an locht. Dúirt Mrs Kearney arís:

“Ní rachaidh sí amach gan a cuid airgid.”

Tar éis babhta groid sáraíochta d’imigh Mr Holohan de sciotán. Thit an seomra faoi thost. Nuair a luí teannas an tosta