Jump to content

Le hAis na Teineadh/An Alp-luachra

From Wikisource
[ 46 ]

AN ALP-LUACHRA.


Bhi scológ ṡaiḋḃir a g-Connaċtaiḃ aon uair aṁáin, agus ḃí maoin go leór aige, agus bean ṁaiṫ agus muiríġin ḃreáġ agus ní raiḃ dadaṁ ag cur buaiḋreaḋ ná trioblóide air, agus ḋeurfá féin go raiḃ sé ’nna ḟear compórtaṁail sásta, agus go raiḃ an t-áḋ air, ċoṁ maiṫ agus air ḋuine air biṫ a ḃí beó. Bhí sé mar sin gan ḃrón gan ḃuaiḋreaḋ air feaḋ móráin bliaḋain i sláinte ṁaiṫ agus gan tinneas ná aicíd air féin ná air a ċloinn, no go dtáinig lá breáġ annsan ḃfóġṁar, a raiḃ sé dearcaḋ air a ċuid daoine ag deunaṁ féir annsan moínḟeur a ḃí a n-aice le na ṫeaċ féin, agus mar ḃí an lá ro ṫeiṫ d’ól sé deoċ bláṫaiċe agus ṡín sé é féin siar air an ḃfeur úr bainte, agus mar ḃí sé sáruiġṫe le teas an laé agus leis an obair a ḃí sé ag deunaṁ, do ṫuit sé gan ṁoill ’nna ċodlaḋ, agus d’ḟan sé mar sin air feaḋ tri no ceiṫre uair no go raiḃ an feur uile crapṫa agus go raiḃ a ḋaoine oibre imṫiġṫe as an bpáirc.

Nuair ḋúisiġ sé ann sin, ṡuiḋ sé suas air a ṫóin, agus ní raiḃ ḟios aige cia an áit a raiḃ sé, no gur ċuiṁniġ se faoi ḋeire gur annsan ḃpáirc air ċúl a ṫíge féin do ḃí sé ’nna luiḋe. D’éiriġ sé ann sin agus ċuaiḋ sé air ais ċum a ṫiġe féin, agus air n-imṫeaċt dó, ṁoṫaiġ sé mar ṗian no [ 48 ]mar ġreim ann a ḃoilg. Níor ċuir sé suim ann, aċt ṡuiḋ sé síos ag an teine agus ṫosuiġ sé ’gá ṫéiġeaḋ féin.

“Cá raiḃ tu?” ars an inġean leis.

“Ḃí mé mo ċodlaḋ,” ar seisean, “air an ḃfeur úr ann sa’ bpáirc ’nna raiḃ siad ag deunaṁ an ḟéir.”

“Creud a ḃain duit,” ar sise, ní ḟéuċann tu go maiṫ.”

“Muire! maiseaḋ! ni’l ḟios agam,” ar seisean, “aċt tá faitċios orm go ḃfuil rud éigin orm, is aisteaċ a ṁoṫaiġim me féin, ní raiḃ mé mar sin ariaṁ roiṁe seó, aċt béiḋ mé níos fearr nuair a ḃfuiġfiḋ mé codlaḋ maiṫ.”

Chuaiḋ sé d’á leabuiḋ agus luiḋ sé síos agus ṫuit sé ann a ċodlaḋ, agus níor ḋúisiġ sé go raiḃ an ġrian árd. D’éiriġ sé ann sin agus duḃairt a ḃean leis, “Creud do ḃí ort nuair rinn’ tu codlaḋ ċoṁ fada sin?”

“Níl ḟios agam,” ar seisean.

Chuaiḋ sé annsan g-cisteanaċ, n’áit a ḃí a inġean ag deunaṁ cáca le h-aġaiḋ an ḃreác-fast (biaḋ na maidne), agus duḃairt sise leis, “Cia an ċaoi ḃfuil tu andiú, ḃfuil aon ḃiseaċ ort a aṫair?”

“Fuair mé codlaḋ maiṫ,” ar seisean, “aċt ní’l mé blas níos fearr ’ná ḃí mé aréir, agus go deiṁin dá g-creidfeá mé, saoilim go ḃfuil rud éigin astiġ ionnam, ag riṫ anonn ’s anall ann mo ḃoilg o ṫaoiḃ go taoiḃ.

“Ara ní féidir,” ar s an inġean, “is slaiġdeán a fuair tu ad’ luiġe amuiġ ané air an ḃfeur úr, agus muna ḃfuil tu níos fearr annsan traṫnóna cuirfimíd fios air an doċtúir.”

[ 50 ]Ṫáinig an traṫnóna, aċt ḃí an duine boċt annsan gcaoi ċeudna, agus b’éigin dóiḃ fios ċur air an doċtúir. Bhí sé ag ráḋ go raiḃ pian air, agus naċ raiḃ ḟios aige go ceart cad é an áit ann a raiḃ an ṗian, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir teaċt go luaṫ ḃí sgannruġaḋ mór air. Bhí muinntir an tiġe ag deunaṁ uile ṡóirt d’ḟeud siad ḋeunaṁ le meisneaċ a ċur ann.

Ṫáinig an doċtúir faoi ḋeire, agus d’ḟiafruiġ sé ḋé creud do ḃí air, agus duḃairt seisean arís go raiḃ rud éigin mar éinín ag léimniġ ann a ḃolg. Noċtuiġ an doċtúir é agus rinne sé ḃreaṫnuġaḋ maiṫ air, aċt ní ḟacaiḋ sé dadaṁ a ḃí as an m-bealaċ leis. Chuir sé a ċluas le na ṫaoiḃ agus le na ḋruim, aċt níor ċualaiḋ sé rud air biṫ ciḋ gó raiḃ an duine boċt é féin ag ráḋ--"Anois! Nois! naċ g-cluinn tu é? Nois! naċ ḃfuil tu ’g éisteaċt leis, ag léimniġ?” Aċt níor ṫug an doċtúir rud aír biṫ faoi deara, agus ṡaoil sé faoi ḋeire go raiḃ an fear as a ċéill, agus naċ raiḃ dadaṁ air.

Duḃairt sé le mnaoi an tiġe nuair ṫáinig sé amaċ, naċ raiḃ aon rud air a fear, aċt gur ċreid sé féin go raiḃ sé tinn, agus go g-cuirfeaḋ sé druganna ċuige an lá air na ṁáraċ a ḃéarfaḋ codlaḋ maiṫ ḋó, agus a ṡoċróċaḋ teas a ċuirp. Rinne sé sin, agus ṡluig an duine boċt na druganna uile agus fuair sé codlaḋ mór arís aċt nuair ḋúisiġ sé air maidin ḃí sé níos measa ’ná ’riaṁ, aċt duḃairt sé nár ċualaiḋ sé an rud ag léimniġ taoḃ astiġ ḋé anois.

Chuir siad fios air an doċtúir arís, agus ṫáinig se aċt níor ḟeud sé rud air biṫ ḋeunaṁ. D’ḟág sé druganna eile leis an ḃfear, agus duḃairt sé go dtiucfaḋ sé arís i g-ceann seaċtṁuine eile le na ḟeicsint. Ní ḃfuair an duine boċt fóiriġín air biṫ as ar ḟág an doċtúir leis, agus nuair dáinig an doċtúir arís fuair sé é [ 52 ]níos measa na roiṁe sin; aċt níor ḟeud sé aon rud ḋéanaṁ agus ní raiḃ ḟios air biṫ aige cad é’n cineál tinnis do ḃí air. “Ní ḃéiḋ mé ag glacaḋ d’airgid uait feasta,” ar seisean, le mnaoi an tíġe, “mar naċ dtig liom rud air biṫ ḋéanaṁ annsan g-cúis seó; agus mar naċ dtuigim creud atá air, ní leigfiḋ mé orm é do ṫuigsint. Tiucfaiḋ mé le na ḟeicsint ó am go h-am aċt ní ġlacfaiḋ mé aon airgioḋ uait.”


Is air éigin d’ḟeud an ḃean an ḟearg do ḃí uirri do ċongṁáil asteaċ. Nuair ḃí an doċtúir imṫiġṫe ċruinniġ sí muinntir an tiġe le ċéile agus ġlac siad cóṁairle, “An doċtúir bradaċ sin,” ar sise, “ní fiú traiṫnín é. Ḃfuil ḟios aguiḃ creud duḃairt sé? naċ nglacfaḋ sé aon airgiod uainn feasta, agus duḃairt sé naċ raiḃ eólas air ḃiṫ aige air dadaṁ. ’Suf’ air! an biṫeaṁnaċ! ní ṫiucfaiḋ sé ṫar an tairseaċ só go bráṫ. Raċfamaoid go dtí an doċtúir eile, má tá sé níos faide uainn, féin, is cuma liom sin, caiṫfimíd a ḟáġail.” Bhí uile ḋuine a ḃí annsa teaċ air aon ḟocal léiṫe, agus ċuir siad fios air an doċtuir eile, agus nuair ṫáinig sé ní raiḃ aon eólas do ḃ’ ḟearr aige-sean ’ná do ḃí ag an g-ceud-ḋoċtúir aċt aṁáin go raiḃ eólas go leór aige air a n-airgiod do ġlacaḋ. Ṫáinig sé leis an duine tinn d’ḟeicsint, go minic, agus gaċ am a ṫáinig se do ḃí ainm eile aige níos faide ’na a ċéile air a ṫinneas, ainmneaċa (anmanna) nár ṫuig sé féin, ná duine air biṫ eile, aċt ḃí siad aige le sgannruġaḋ na n-daoine.


D’ḟan siad mar sin air feaḋ ḋá ṁí, gan ḟios ag duine air ḃiṫ creud do ḃí air an ḃfear ḃoċt, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir sin ag déanaṁ maiṫ air biṫ ḋó, fuair siad doċtúir eile, agus ann sin doċtúir eile, no go saiḃ uile ḋoċtúir a ḃí annsa’ g-condaé aca, saoi ḋeire, agus [ 54 ]ċaill siad a lán airgid leó, agus b’éigin dóiḃ cuid d’á n-eallaċ ḋíol le h-airgiod ḟáġail le na n-íoc.

Bhí siad mar sin le leiṫ-ḃliaḋain ag congṁáil doċtuir leis, agus na doċtúiriḋ ag taḃairt druganna ḋó, agus an duine boċt a ḃí raṁar beaṫaiġṫe roiṁe sin, ag éiriġe lom agus tana, go naċ raiḃ unsa feóla air, aċt an croicion agus na cnáṁa aṁáin.

Bhí sé faoi ḋeire ċoṁ dona sin gur air éigin d’ḟeud sé siúḃal, agus d’imṫiġ a ġoile uaiḋ, agus buḋ ṁór an ṫriobloíd leis, greim aráin ḃuig, no deoċ bainne úir do ṡlugaḋ agus ḃí uile ḋuine ag ráḋ go m-b’ḟearr dó bás ḟáġail, agus buḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin, mar naċ raiḃ ann aċt mar ḃeiḋeaḋ sgáile i mbuideul.

Aon lá aṁáin, nuair ḃí sé ’nsa ṡuiḋe air ċáṫaoir ag doras an tiġe, ’gá ġrianuġaḋ féin ann san teas, agus muinntir an tiġe uile imṫiġṫe amaċ, agus gan duine ann aċt é féin, ṫáinig seanduine boċt a ḃí ag iarraiḋ déirce o áit go h-áit suas ċum an dorais, agus d’aiṫniġ sé fear an tiġe ’nna ṡuiḋe annsa’ g-cáṫaoir, aċt ḃí sé ċoṁ h-aṫruiġṫe sin agus ċoṁ caiṫte sin gur air éigin d’aiṫneóċaḋ duine é. “Tá mé ann só arís ag iarraiḋ déirce ann ainm Dé,” ars an fear boċt, “aċt glóir do Ḋia a ṁáiġistir creud do ḃain duit ní tusa an fear céudna a ċonnairc mé leiṫ-ḃliaḋain ó ṡoin nuair ḃí mé ann só, go ḃfóiriġ Dia ort.”

“Ara a Sheumais,” ar san fear tinn, “is mise naċ ḃfeudfaḋ innsint duit creud do ḃain dam, aċt tá ḟios agam air aon rud, naċ mḃéiḋ mé ḃfad air an t-saoġal so.”

“Aċt tá brón orm d’ḟeicsint mar tá tu,” ar san déirceaċ, “naċ dtig leat innsint dam cia an ċaoi ar ṫosuiġ sé leat? creud a duḃairt na doċtúiriḋ?”

“Na doċtúiriḋ!” ar san fear tinn, “mo ṁallaċt orra! ní’l ḟios air dadaṁ aca, act ní ċóir dam ḃeiṫ ag [ 56 ]eascuine agus mise ċoṁ fogas sin dom’ ḃas, “súf” orra, ni’l eólas air biṫ aca.”

“B’éidir,” ar san déirceaċ, “go ḃfeudfainn féin biseaċ ṫaḃairt duit, dá n-inneósá ḋam creud atá ort. Deir siad go mbíḋim eólaċ air aicídiḃ, agus air na luiḃeannaiḃ atá maiṫ le na leiġeas.”

Rinne an fear tinn gáire. “Ní’l fear-leiġis ann sa’ g-condaé,” ar sé, “naċ raiḃ ann só liom; naċ ḃfuil leaṫ an eallaiġ a ḃí agam air an ḃfeilm díolta le na n-íoc! aċt ní ḃfuair mé fóiriġin dá laġad ó ḋuine air biṫ aca, aċt inneósaiḋ mé ḋuit-se mar d’éiriġ sé ḋam air dtús.” Agus ann sin ṫug sé cúntas dó air uile ṗian a ṁoṫuiġ sé, agus air uile rud a d’orduiġ na doċtúiriḋ.

D’éist an déirceaċ leis go cúramaċ, agus nuair ċríoċnuiġ sé an sgeul uile, d’ḟiafruiġ sé ḋé, “cad é an sórt páirce í air ar ṫuit tu do ċodlaḋ?”

“Is móinḟeur a ḃí ann,” ar san duine tinn, “aċt ḃí sé go díreaċ bainte, ann san am sin.”

“Raiḃ sé fliuċ,” ars an déirceaċ.

“Ní raiḃ,” ar seisean.

“Raiḃ sroṫán uisge no caise a’ riṫ ṫríd?” ars an déirceaċ.

Bhi,” ar seisean.

“An dtig liom an ṗáirc ḟeicsint?”

“Tig go deiṁin, agus taisbéunfaiḋ mé ḋuit anois é.”

D’éiriġ sé as a ċáṫaoir agus ċoṁ dona agus ḃí sé, stráċail sé é féin air aġaiḋ, no go dtáinig sé ċum na h-áite ann ar luiḋ sé ’nna ċodlaḋ an traṫnóna sin. Bhreaṫnuiġ fear-na-déirce air an áit, tamall fada, agus ann sin ċrom sé air an ḃfeur agus ċuaiḋ sé anonn ’s anall agus a ċorp lúbṫa agus a ċeann cromṫa ag smeurṫaċt ann sna luiḃeannaiḃ, agus ameasg an luiḃearnaiġ do ḃí ag fás go tiuġ ann.

D’éiriġ sé faoi ḋeire, agus duḃairt sé, “Ta sé mar ṡaoil mé,” agus ċrom sé é féin síos arís, agus ṫosuiġ [ 58 ]ag cuartuġaḋ mar roiṁe sin. Ṫóg sé a ċeann an dara uair, agus ḃí luiḃ ḃeag ġlas ann a láiṁ. “An ḃfeiceann tu sin,” ar sé, “áit air biṫ ann Éirínn a ḃfásann an luiḃ seó ann, bíonn alp-luaċra anaice leis, agus ṡluig tu alp-luaċra.”

“Cad é an ċaoi ḃfuil ḟios agad sin? “ars an duine tinn, “dá mbuḋ mar sin do ḃí sé, is dóiġ go n-inneósaḋ na doċtúiriḋ ḋam é roiṁe seo.”

“Go dtugaiḋ Dia ciall duit, na bac leis na doċtúiriḃ,” ars an déirceaċ, “ni’l ionnta aċt eallta amadán. A deirim leat arís, agus creid mise, gur alp-luaċra a ṡluig tu; naċ duḃairt tu féin gur ṁoṫuiġ tu rud éigin ag léimniġ ann do ḃolg an ċéad lá ’réis ṫu ḃeiṫ tinn. B’é sin an alp-luaċra, agus mar do ḃí an áit sin ann do ḃolg strainseuraċ leis i dtosaċ, ḃí sé mí-ṡuaiṁneaċ innti, ag dul anonn ’s anall, aċt nuair ḃí sé cúpla lá innti, ṡocruiġ sé é féin, agus fuair sé an áit compórtaṁail agus sin é an t-áḋḃar fá ḃfuil tu ag congṁáil ċoṁ tana sin; mar uile ġreim d’á ḃfuil tu ag iṫe bíonn an alp-luaċra sin ag fáġail an ṁaiṫ as. Agus duḃairt tu féin liom go raiḃ do leaṫ-ṫaoḃ aṫta, is í sin an taoḃ ’n áit a ḃfuil an rud gránna ’nna ċóṁnuiḋe.”

Níor ċreid an fear é, a dtosaċ, aċt lean an déirceaċ dá ċóṁráḋ leis, ag cruṫuġaḋ ḋó, gur b’ é an ḟírinne a ḃí sé ag raḋ, agus nuair ṫáiniġ a ḃean agus a inġean air ais arís do’n teaċ, laḃair sé leó-san an ċaoi ċeudna agus ḃí siad réiḋ go leór le na ċreideaṁaint.

Níor ċreid an duine tinn, é féin, é, aċt ḃí siad uile ag laḃairt leis, go ḃfuair siad buaiḋ air, faoí ḋeire; agus ṫug sé cead dóiḃ trí doċtúiriḋe do ġlaoḋaċ asteaċ le ċéile, go n-inneósaḋ se an sgeul nuaḋ so ḋóiḃ. Ṫáinig an triúr le ċéile, agus nuair d’éist siad leis an méad a ḃí an déirceaċ ag rád, agus le cóṁráḋ na mban, rinne siad gáire agus duḃairt siad naċ raiḃ ionnta aċt [ 60 ]amadáin uile go léir, agus gurb’é rud eile amaċ ’s amaċ a ḃí air ḟear-an-tiġe, agus gaċ ainm a ḃí aca air a ṫinneas an t-am so, ḃí sé dá uair, ’s trí huaire níos faide ’ná roiṁe sin. D’ḟág siad buidéul no cúpla buideul le n-ól ag an ḃfear boċt, agus d’imṫiġ siad leó, ag magaḋ faoi an rud a duḃairt na mná gur ṡluig sé an alp-luaċra.

Duḃairt an déirceaċ nuair ḃí siad imṫiġṫe. “Ní’l iongantas air biṫ orm naċ ḃfuil tu fáġail beisiġ má’s amadáin mar iad sin atá leat. Ní’l aon doċtúir ná fear-leiġis i n-Éirinn anois a ḋéanfas aon ṁaiṫ ḋuit-se aċt aon ḟear aṁáin, agus is sé sin Mac Diarmada, Prionnsa Chúl-Ui-Ḃfinn air ḃruaċ loċa-Ui-Ġeaḋra an doċtúir is fearr i g-Connaċtaiḃ ná ’sna cúig cúigiḃ. “Cá ḃfuil loċ-Ui-Ġeaḋra?” ars an duine tinn. “Shíos i g-condaé Shligíġ; is loċ mór é, agus tá an Prionnsa ’nna ċóṁnuiḋe air a ḃruaċ,” ar sé, “agus má ġlacann tu mo ċóṁairle-se raċfaiḋ tu ann, mar ’s é an ċaoi ḋeireannaċ atá agad, agus buḋ ċóir duit-se, a ṁáiġistreas,” ar sé ag tiontóḋ le mnaoi an tiġe, “do ċur iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air, dul ann, má’s maiṫ leat d’ḟear a ḃeiṫ beó.”

“Maiseaḋ,” ars an ḃean, “ḋeunfainn rud air biṫ a ṡlánóċaḋ é.”

“Mar sin, cuir go dti Prionnsa Chúil-Ui-Ḃfinn é,” ar seisean.

“Dheunfainn féin rud air biṫ le mo ṡlánuġaḋ,” ars an fear tinn, “mar tá’s agam naċ ḃfuil a ḃfad agam le marṫain air an t-saoġal so, muna ndeuntar rud éigin dam a ḃéarfas congnaṁ agus fóiríġin dam.”

“Mar sin, téiḋ go dtí an Prionnsa,” ar san déirceaċ.

“Rud air biṫ a ṁeasann tu go ndeunfaiḋ sé maiṫ ḋuit buḋ ċóir ḋuit a ḋéanaṁ, a aṫair,” ars an inġean.

“Ní’l dadaṁ le déanaṁ maiṫ ḋó aċt dul go dtí an Prionnsa,” ars an déirceaċ.

[ 62 ]Is mar sin ḃí siad ag árgúint agus ag cuiḃlint go dtí an oiḋċe, agus fuair an déirceaċ leabuiḋ tuiġe annsa’ sgioból agus ṫosuiġ sé ag árgúint arís air maidin go mbuḋ ċóir dul go dtí an Prionnsa, agus ḃí an ḃean agus an inġean air aon ḟocal leis, agus fuair siad buaiḋ air an ḃfear tinn, faoi ḋeire; agus duḃairt sé go raċfaḋ sé, agus duḃairt an inġean go raċfaḋ sise leis, le taḃairt aire ḋó, agus duḃairt an déirceaċ go raċfaḋ seisean leó-san le taisbéant an ḃoṫair dóiḃ. “Agus béiḋ mise,” ars an ḃean, “air ṗonc an ḃáis le h-imniḋe ag fanaṁaint liḃ, go dtiucfaiḋ siḃ air ais.”

D’úġmuiġ siad an capall agus ċuir siad faoi an gcairt é, agus ġlac siad lón seaċtṁuine leó, arán agus bagún agus uiḃeaċa, agus d’imṫiġ siad leó. Níor ḟeud siad dul ró ḟada an ċeud lá, mar ḃí an fear tinn ċoṁ lag sin nár ḟeud sé an craṫaḋ a ḃí sé fáġail annsa’ g-cairt ṡeasaṁ, aċt ḃí sé níos fearr an dara lá, agus d’ḟan siad uile i dteaċ feilméara air taoiḃ an ḃóṫair an oiḋċe sin agus ċuaiḋ siad air aġaiḋ arís air maidin, agus an troṁaḋ lá annsan traṫnóna ṫáinig siad go h-áit-ċóṁnuiḋe an Phrionnsa. Bhí teaċ deas aige air ḃruaċ an loċa, le cúṁdaċ tuiġe air, ameasg na g-crann.

D’ḟág siad an capall agus an cairt i mbaile beag a ḃí anaice le háit an Phrionnsa, agus ṡiúḃail siad uile le ċéile go d-táinig siad ċum an tiġe. Chuaiḋ siad asteaċ ’san g-cisteanaċ agus d’ḟíaḟruiġ siad, “ar ḟeud siad an Prionnsa d’ḟeicsint.” Duḃairt an searḃfóġanta go raiḃ sé ag iṫe a ḃéile aċt go dtiucfaḋ sé, b’éidir, nuair ḃeiḋeaḋ sé réiḋ.

Ṫáinig an Prionnsa féin asteaċ air an móimid sin agus d’ḟiaḟruiġ sé ḋíoḃ creud do ḃí siad ag iarraiḋ. D’éiriġ an fear tinn agus duḃairt sé leis gur ag iarraiḋ conġnaṁ ó na onóir do ḃí sé, agus d’innis sé an sgeul [ 64 ]uile dó. “’Nois an dtig le d’onóir aon ḟóiriġín ṫaḃairt dam?” ar sé, nuair ċríoċnuiġ sé a sgéul.

“Tá súil agam go dtig liom,” ar san Prionnsa, “air ṁóḋ air biṫ déanfaiḋ mé mo ḋíṫċioll air do ṡon, mar ṫáinig tu ċoṁ fada sin le m’ḟeicsint-se. B’olc an ceart dam gan mo ḋíṫċioll ḋeunaṁ. Tar suas annsa bpárlúis. Is fíor an rud a duḃairt an sean duine atá ann sin leat. Shluig tu alp-luaċra, no rud éigin eile. Tar suas ’sa’ bpárlúis liom.”

Ṫug sé suas leis é, agus is é an béile a ḃí aige an lá sin giota mór de ṁairtḟeóil ṡaillte. Ghearr sé greim mór agus ċuir sé air ṗláta é, agus ṫug sé do’n duine boċt le n-íṫe é.

“Óró! Créad atá d’ onóir ag déanaṁ ann sin anois,” ars an duine boċt, “níor ṡluig mé oiread agus toirt uiḃe d’ḟeóil air biṫ le ráiṫċe, ni’l aon ġoile agam, ní ṫig liom dadaṁ iṫe.”

“Bí do ṫost a ḋuine,” ars an Prionnsa, “iṫ é sin nuair a deirim leat é.”

D’iṫ an fear boċt an oiread agus d’ḟeud sé, aċt nuair leig sé an sgian agus an ġaḃlóg as a láiṁ ċuir an Prionnsa iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air iad do ṫógḃáil arís, agus do ṫosuġaḋ as an nuaḋ. Ċongḃuiġ sé ann sin é ag iṫe, go raiḃ sé réiḋ le pleusgaḋ, agus níor ḟeud sé faoi ḋeire aon ġreim eile ṡlugaḋ dá ḃfáġaḋ se ceud púnta.

Nuair ċonnairc an Prionnsa naċ dtiucfaḋ leis tuilleaḋ do ṡlugaḋ, ṫug sé amaċ as an teaċ é, agus duḃairt sé leis an inġin agus leis an t-sean-déirceaċ iad do leanaṁaint, agus rug sé an fear leis, amaċ go móinḟéur breáġ glas do ḃí os coinne an tiġe, agus sróṫán beag uisge ag riṫ tríd an móinḟeur.

Ṫug sé go bruaċ an t-sroṫáin é, agus duḃairt sé leis, luiḋe síos air a ḃolg agus a ċeann ċongḃáil os cionn [ 66 ]an uisge, agus a ḃeul d’ḟosgailt ċoṁ mór agus d’ḟeudfaḋ sé, agus a ċongḃáil, beag-naċ, ag baint leis an uisge, “agus fan ann sin go ciúin agus na corruiġ, air d’anam,” ar sé, “go ḃfeicfiḋ tu creud éireóċas duit.”

Gheall an fear boċt go mbeiḋeaḋ sé socair, agus ṡín sé a ċorp air an ḃfeur, agus ċongḃuiġ sé a ḃeul fosgailte os cionn an t-sroṫáin uisge, agus d’ḟan sé ann sin gan corruġaḋ.

Chuaiḋ an Prionnsa timċioll cúig slata air ais, air a ċúl, agus ṫarraing sé an inġean agus an sean-ḟear leis, agus is é an focal deireannaċ a duḃairt sé leis an ḃfear tinn, “bí cinnte” ar sé, “agus air d’anam na cuir cor asad, cia bé air biṫ rud éireóċas duit.”

Ni raiḃ an duine boċt ceaṫraṁaḋ uaire ’nna luiḋe mar sin nuair ṫosuiġ rud éigin ag corruġaḋ taoḃ astiġ ḋé agus ṁoṫaiġ sé rud éigin ag teaċt suas ann a sgornaċ, agus ag dul air ais arís. Ṫáinig sé suas, agus ċuaiḋ sé air ais trí no ceiṫre uaire anḋiaiġ a ċéile. Ṫáinig sé faoi ḋeire go dtí a ḃeul, agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga aċt sgann-*ruiġ sé agus ċuaiḋ sé air ais arís, aċt i gceann tamaill ḃig ṫáinig sé suas an dara uair, agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga, agus léim sé síos faoi ḋeire annsan uisge Bhi an Prionnsa ag breaṫnuġaḋ go geur air, agus ġlaoḋ sé amaċ, “na corruiġ fós,” mar ḃí an fear dul ag éiriġe.

B’éigin do’n duine boċt a ḃeul ḟosgailt arís agus d’ḟan sé an ċaoi ċeudna, agus ní raiḃ sé móimid ann, no go dtáinig an dara rud suas ann a sgornaċ an ċaoi ċeuḋna, agus ċuaiḋ sé air ais arís cúpla uair, aṁail a’s mar ḃí sé sgannruiġṫe, aċt faoi ḋeire ṫáinig seisean mar an ċeud-ċeann suas go dti an beul agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga, agus faoi ḋeire nuair ṁoṫuiġ sé bolaḋ an uisge faoi, léim sé síos annsan tsroṫán.

[ 68 ]Chogair an Prionnsa, agus duḃairt sé “Nois tá ’n tart ag teaċt orra, d’oibriġ an salann a ḃí ’sa’ mairtḟeóil íad; nois tiucfaiḋ siad amaċ.” Agus sul do ḃí an focal as a ḃeul ṫuit an tríoṁaḋ ceann le “plap” annsan uisge, agus mómid ’nna ḋiaiġ sin, léim ceann eile síos ann, agus ann sin ceann eile, no gur ċóṁairiġ siad, cúiġ, sé, seaċt, oċt, naoi, deiċ g-cinn, aon ċeann deug, dá ċeann deug.

“Sin duisín aca anois,” ar san Prionnsa, “Sin é an t-ál, níor ṫáinig an t-sean-ṁáṫair fós.”

Bhí an fear ḃoċt dul ’g eíriġe arís, aċt ġlaoḋ an Prionnsa air. “Fan mar a ḃfuil tu, níor ṫáinig an ṁáṫair.”

“D’ḟan sé mar do ḃí sé, aċt níor ṫáinig aon ċeann eile amaċ, agus d’ḟan sé níos mó ná ceaṫraṁaḋ uaire. Bhí an Prionnsa féin ag éirige mí-ṡuaimneaċ, air eagla naċ g-corróċaḋ an sean-Alt-pluaċra ċor air biṫ. Bhí an duine boċt ċoṁ sáruiġṫe sin agus ċoṁ lag sin go m’ b’ḟearr leis éiriġe ’ná fanaṁaint mar a raiḃ sé, agus ann ainḋeóin gaċ ruid a duḃairt an Prionnsa ḃí sé ag seasaṁ suas, nuair rug an Prionnsa air a leaṫ-ċois agus an déirceaċ air an g-cois eile, agus do ċongḃuiġ siad síos é gan ḃuiḋeaċas dó.

D’ḟan siad ceaṫraṁaḋ uaire eile, gan ḟocal do ráḋ, agus i g-ceann an ama sin ṁoṫuiġ an duine boċt rud éigin ag corruġaḋ arís ann a ṫaoiḃ, aċt seaċt n-uaire níos measa ’na roiṁe seó, agus is air éigin d’ḟeud sé é féin do ċongḃáil o sgreadaċ. Bhí an rud sin ag corruġaḋ le tamall maiṫ ann, agus ṡaoil sé go raiḃ a ċorp reubṫa an taoḃ astíġ leis. Ann sin ṫosuiġ an rud ag teaċt suas, agus ṫáinig sé go dtí a ḃeul agus cuaiḋ sé air ais arís. Ṫáinig sé faoi ḋeire ċoṁ fada sin gur ċuir an duine boċt a ḋá ṁeur ann a ḃeul agus ṡaoil sé greim ḟáġail uirri. Aċt má’s obann ċuir sé a ṁeura [ 70 ]’steaċ is luaiṫe ’ná sin ċuaiḋ an tsean alt-pluaċra air ais.

“’Ór! a ḃiṫeaṁnaiġ!” ar san Prionnsa, “cad ċuige rinn’ tu sin? Naċ duḃairt mé leat gan cor do ċur asad. Má ṫig sé suas arís fan go socair.” B’ éigin dóiḃ fanaṁaint le leaṫ-uair mar do ḃí sean-ṁáṫair na n-alp-luaċra sgannruiġṫe, agus ḃí faitċios urri ṫeaċt amaċ. Aċt ṫáinig sí suas arís, faoi ḋeire; b’éidir go raiḃ an iomarcuiḋ tart’ urri agus níor ḟeud sí bolaḋ an uisge a ḃí ag cur caṫuiġṫe uirri ṡeasaṁ, no b’éidir go raiḃ sí uaigneaċ ’r éis a clainne d’imṫeaċt uaiṫi. Air ṁóḋ air biṫ ṫáinig sí amaċ go bárr á ḃéil agus ṡeas sí air a ṫeanga ċoṁ fad agus ḃeiṫeá ag cóṁaireaṁ ceiṫre fiċiḋ, agus ann sin léim sí mar do léim a h-ál roimpi, asteaċ ’san uisge, agus buḋ ṫruime toran a tuitim’ seaċt n-uaire, ’ná an plap a rinne a clann.

Bhí an Prionnsa agus an ḃeirt eile ag breaṫnuġaḋ air sin, go h-iomlán, agus buḋ ḃeag naċ raiḃ faitċios orra, a n-anál do ṫarraing, air eagla go sgannróċaḋ siad an beiṫiḋeaċ gránna. Ċoṁ luaṫ agus léim sí asteaċ ’san uisge ṫarraing siad an fear air ais, agus ċuir siad air a ḋá ċois arís é.

Bhí se trí huaire gan ḟocal do laḃairt, aċt an ċeud ḟocal a duḃairt sé, buḋ h-é “is duine nuaḋ mé.”

Ċongḃuiġ an Prionnsa ann a ṫeaċ féin le coicíḋeas é, agus ṫug se aire ṁór agus beaṫuġaḋ maiṫ ḋó. Leig sé ḋó imṫeaċt ann sin, agus an inġean agus an déirceaċ leis, agus ḋiúltuiġ sé oiread agus píġin do ġlacaḋ uaṫa.

“B’ḟearr liom ’ná deiċ bpúnta air mo láiṁ féin,” ar sé, “gur ṫionntuiġ mo leiġeas amaċ ċoṁ maiṫ sin; nár leigfiḋ Dia go nglacfainn piġin no leiṫ-ṗi’n uait. Chaill tu go leór le doċtúiriḃ ċeana.”

[ 72 ]Ṫáinig siad a ḃaile go sáḃálta, agus d’éiriġ sé slán arís agus raṁar. Bhí sé ċoṁ buiḋeaċ de’n deirceaċ boċt gur ċongḃuiġ sé ann a ṫeaċ féin go dtí a ḃás é. Agus ċoṁ fad a’s ḃí sé féin beó níor luiḋ sé síos air an ḃfeur glas arís. Agus, rud eile; dá mbeiḋeaḋ tinneas no easláinte air, ní h-iad na doċtúiriḋ a ġlaoḋaḋ sé asteaċ.

Búḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin!