mar ġreim ann a ḃoilg. Níor ċuir sé suim ann, aċt ṡuiḋ sé síos ag an teine agus ṫosuiġ sé ’gá ṫéiġeaḋ féin.
“Cá raiḃ tu?” ars an inġean leis.
“Ḃí mé mo ċodlaḋ,” ar seisean, “air an ḃfeur úr ann sa’ bpáirc ’nna raiḃ siad ag deunaṁ an ḟéir.”
“Creud a ḃain duit,” ar sise, ní ḟéuċann tu go maiṫ.”
“Muire! maiseaḋ! ni’l ḟios agam,” ar seisean, “aċt tá faitċios orm go ḃfuil rud éigin orm, is aisteaċ a ṁoṫaiġim me féin, ní raiḃ mé mar sin ariaṁ roiṁe seó, aċt béiḋ mé níos fearr nuair a ḃfuiġfiḋ mé codlaḋ maiṫ.”
Chuaiḋ sé d’á leabuiḋ agus luiḋ sé síos agus ṫuit sé ann a ċodlaḋ, agus níor ḋúisiġ sé go raiḃ an ġrian árd. D’éiriġ sé ann sin agus duḃairt a ḃean leis, “Creud do ḃí ort nuair rinn’ tu codlaḋ ċoṁ fada sin?”
“Níl ḟios agam,” ar seisean.
Chuaiḋ sé annsan g-cisteanaċ, n’áit a ḃí a inġean ag deunaṁ cáca le h-aġaiḋ an ḃreác-fast (biaḋ na maidne), agus duḃairt sise leis, “Cia an ċaoi ḃfuil tu andiú, ḃfuil aon ḃiseaċ ort a aṫair?”
“Fuair mé codlaḋ maiṫ,” ar seisean, “aċt ní’l mé blas níos fearr ’ná ḃí mé aréir, agus go deiṁin dá g-creidfeá mé, saoilim go ḃfuil rud éigin astiġ ionnam, ag riṫ anonn ’s anall ann mo ḃoilg o ṫaoiḃ go taoiḃ.
“Ara ní féidir,” ar s an inġean, “is slaiġdeán a fuair tu ad’ luiġe amuiġ ané air an ḃfeur úr, agus muna ḃfuil tu níos fearr annsan traṫnóna cuirfimíd fios air an doċtúir.”