Jump to content

Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/120

From Wikisource
This page has been proofread.
58
An Alp-luaċra.

ag cuartuġaḋ mar roiṁe sin. Ṫóg sé a ċeann an dara uair, agus ḃí luiḃ ḃeag ġlas ann a láiṁ. “An ḃfeiceann tu sin,” ar sé, “áit air biṫ ann Éirínn a ḃfásann an luiḃ seó ann, bíonn alp-luaċra anaice leis, agus ṡluig tu alp-luaċra.”

“Cad é an ċaoi ḃfuil ḟios agad sin? “ars an duine tinn, “dá mbuḋ mar sin do ḃí sé, is dóiġ go n-inneósaḋ na doċtúiriḋ ḋam é roiṁe seo.”

“Go dtugaiḋ Dia ciall duit, na bac leis na doċtúiriḃ,” ars an déirceaċ, “ni’l ionnta aċt eallta amadán. A deirim leat arís, agus creid mise, gur alp-luaċra a ṡluig tu; naċ duḃairt tu féin gur ṁoṫuiġ tu rud éigin ag léimniġ ann do ḃolg an ċéad lá ’réis ṫu ḃeiṫ tinn. B’é sin an alp-luaċra, agus mar do ḃí an áit sin ann do ḃolg strainseuraċ leis i dtosaċ, ḃí sé mí-ṡuaiṁneaċ innti, ag dul anonn ’s anall, aċt nuair ḃí sé cúpla lá innti, ṡocruiġ sé é féin, agus fuair sé an áit compórtaṁail agus sin é an t-áḋḃar fá ḃfuil tu ag congṁáil ċoṁ tana sin; mar uile ġreim d’á ḃfuil tu ag iṫe bíonn an alp-luaċra sin ag fáġail an ṁaiṫ as. Agus duḃairt tu féin liom go raiḃ do leaṫ-ṫaoḃ aṫta, is í sin an taoḃ ’n áit a ḃfuil an rud gránna ’nna ċóṁnuiḋe.”

Níor ċreid an fear é, a dtosaċ, aċt lean an déirceaċ dá ċóṁráḋ leis, ag cruṫuġaḋ ḋó, gur b’ é an ḟírinne a ḃí sé ag raḋ, agus nuair ṫáiniġ a ḃean agus a inġean air ais arís do’n teaċ, laḃair sé leó-san an ċaoi ċeudna agus ḃí siad réiḋ go leór le na ċreideaṁaint.

Níor ċreid an duine tinn, é féin, é, aċt ḃí siad uile ag laḃairt leis, go ḃfuair siad buaiḋ air, faoí ḋeire; agus ṫug sé cead dóiḃ trí doċtúiriḋe do ġlaoḋaċ asteaċ le ċéile, go n-inneósaḋ se an sgeul nuaḋ so ḋóiḃ. Ṫáinig an triúr le ċéile, agus nuair d’éist siad leis an méad a ḃí an déirceaċ ag rád, agus le cóṁráḋ na mban, rinne siad gáire agus duḃairt siad naċ raiḃ ionnta aċt