“Tá an éagcóir agat,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní h-í fé ndear an cluiche ghabháil am’ choinnibh ach tusa. Phósfadh sí thú láithreach dá n-iarthá uirthi thú phósadh. Cad é sin agam dh’á rádh! Ní raibh ort é iaraidh uirthi. Bhí sí féin chómh mór san as a meabhair le grádh dhuit gur dhéin sí rud nár mheasas fhéadfadh sí a dhéanamh pé cor a bhéarfadh í. D’iar sí ort í phósadh – agus d’ eitís í! Greadadh chúgat, cad é mar shaghas fir tú! Do ghníomh-sa isé mhill mé. Uaisleacht an ghnímh sin isé mhill mé. An bhean san do chur ó d’ chroídhe, mar a dhéinis, níos túisge ’ná a dhéanfá an éagcóir. Ní fheadar an bhfuil fear eile beó d’ fhéadfadh a leithéid do dhéanamh. Siné mhill mé. Siné chuir tusa ansan agus mise anso.”
“Do thárla maith go leór,” arsa Séadna, “tusa ansan agus mise anso. Ní’l aon locht agam-sa ar an ordughadh san, pé duine fé ndear é.”
“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa ’n Fear Dubh.
“‘Moladh gach aoinne an t-ádh mar a gheabhaidh,’” arsa Séadna.
“Seo! seo! leig uait mé!” arsa ’n Fear Dubh. “Tá an mí-fhortiún ar an áit seo le nímhneacht. Ní bhfuaras a leithéid de bheiriughadh le fada. Sgeimhle ort! leig uait mé! Cad dob’ áil leat anso dhíom!”
“Go réidh! go réidh!” arsa Séadna. “B’ fhéidir gur fada go mbéidhmís ar aghaidh a chéile mar seo airís agus tá rud beag eile ag déanamh mearbhaill dom. Táim ag éisteacht le d’ chaint ansan le tamall maith. Is cruinn an tuairisg atá fághalta agam uait ar a bhfuil de cheilg agus de chalaois agus de chleasaibh agus de chamastuíol imeartha agat orm féin le trí bliaghna déag. Ní raibh sa chleasaidheacht san go léir, ámhthach, ach an rud ba cheart d’ aoinne a cheapadh bhéadh aige le