chun an duine chur ar a leas ’ná na neithe úd go léir d’áirighis-se chun an duine chur ar a aimhleas. Ní h-é an gníomh úd a dhéineas-sa do mhill thú. Níor chóir puínn de bhuidhchas an ghnímh sin a bheith orm-sa. Dhéineas an gníomh mar ní raibh leigheas agam air. Feabhas na mná fé ndear é. Ní fhéadfainn a leithéid d’éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. D’á olcas mé ní ’lim chómh h-olc leat-sa fós. Dá gcurthá bean ná béadh chómh maith léi am’ threó cá bh’ fios ná go n-éireóch’ an cluiche leat níos fearr. ’Neósfad-sa dhuit cad a mhill thú. Do sháruigh an t-olc ar an olc agat. Do bhuaidh droch thaobh de d’ ghnó ar an ndroch thaobh eile dhé. ‘Ruith mhadra an dá cháis’, isé a bhí ort. ‘Ní thagan an dá thráigh leis an ngobadán.’ Dá bpósainn an uair úd í conus bhéadh an sgéal anois aici, agus agá clainn, dá mbéidís ann!”
“Agus nach shiné díreach a bhí uaim!” arsa ’n Fear Dubh. “Bhís i ngrádh léi chómh mór agus a bhí aon fhear riamh i ngrádh le mnaoi. Ní fheaca riamh aon bheirt chómh dlúithte i n-a chéile, chómh mór cion ar a chéile, chómh mór uraim d’á chéile. Cé mheasfadh go bhféadfá í chur ó d’ chroídhe! Cé mheasfadh go bhféadfadh sise bheith sgartha leat-sa agus bheith beó! Admhuighim gur bhuaidh an méid sin orm.”
“Chuireas ó m’ chroídhe í ar son an tSlánuightheóra,” arsa Séadna. “Ní fhéadfainn a leithéid d’ éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. Siné an sgeul go léir agat. Má ’s tú chuir am’ threó í is tú féin a mhill thú féin. Dúbhraís gur theip ort filleadh ná feacadh bhaint aisti riamh. Níor mhaith an chiall duit tabhairt fúithi sa ghnó so. Ba chóir go raibh sean aithne agat uirthi. Cheapais greim fhághail ar bheirt againn agus is amhlaidh atá greim daingean ort féin anois.”