thabhairt dó sa n-am chóir. ‘Má ’s grádh do mhnaoi,’ arsa tusa, ‘a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deire le cosaint ag an nduine air féin.’ Tá go maith. Ach cuir i gcás gur bean fhóghanta chiallmhar an bhean, bean a bhreithneóchaidh ’na h-aigne go géar agus go cruinn na neithe a bhéadh aimhleasta do’n fhear san, agus a dhéanfaidh a dícheal ar é mhealladh uatha, bean a bhéidh coitchianta ag guidhe chun Dé ar son an fhir sin, ’ghá iaraidh ar Dhia é chur bun os cionn le gach droch nídh agus a aigne do spriocadh chun an ruda a dhéanfaidh tairbhe anama agus chuirp dó, bean a dhéanfaidh úsáid de’n ghrádh atá ag an bhfear san di chun a chur fhiachaibh air an droch nídh a thaithnean leis féin do sheachnadh agus an rud fóghanta a thaithnean léi-se do dhéanamh, nach dóich leat gur maith an congnamh, i dteannta grásta Dé, an bhean san chun an fhir sin do chur ar a leas agus chun é choimeád ó n-a aimhleas? Dar leat-sa ní’l ach ciall chun duine a chur ar a leas, nó mí-chiall chun é chur ar a aimhleas. Dhéinis féin aimhleas botúnta dhuit féin aon uair amháin. Ba mhór í do chiall an uair sin. Ach measaim go raibh breall ar do chiall! Is maith an rud ciall gan amhras. Ach tá neithe is fearr go mór ’ná í. Is minic a dhéinean grádh agus muíntearthas agus caradas agus ionmhuine tairbhe do theipfeadh ar chiall an domhain. Tá rud nach iad san go léir is fearr ’ná iad agus ’ná pé ciall a bhéadh ag dul leó. Ní fheadar an bhfuil aon eólus agat-sa ar an rud san. Isé rud é ’ná umhluigheacht. Tá a fhios agam go maith ná taithnean an rud san leat-sa. Nuair a bhís ag breithniughadh ar na neithibh is fearr chun duine chur ar a aimhleas is mairg dhuit nár dhéin machtnamh beag ar an nídh is fearr a choisgean aimhleas. An áit ’na mbíon an umhluigheacht bíon grásta Dé ann. Is treise go mór grásta Dé
Page:Seadna.djvu/285
Appearance