fághail uaitse. Ach an bheart a dhéinis ar an óig-mhnaoi sin thiar, gan chúis gan adhbhar, gan ghádh gan riachtanas, gan í ’ghá thuilleamh uait ar aon tsaghas cuma d’ár dhealbhuigh Dia (moladh go deo leis!) is dóich liom gur b’ í sin beart is gráinneamhla d’á bhfeacaidh aoinne riamh déanta ag duine ná ag diabhal! Ní féidir an bheart san do shárughadh i bhfeall ná i spriúnlaitheacht ná i n-olcas. Is í beart is caillte í, agus is mailísíghe, is dóich liom, d’ár déineadh riamh. Faire fút! Ó, faire fút, a rud ghránda! Agus tú féin, ní h-amháin ag admháil an ghnímh, ach ag maoidheamh as! Níor mheasas go raibh do leithéid thíos i n-iachtar ifrinn féin. Gráin ort! Ó, gráin mo sgart ort! Agus feuch. Deirtear go rabhais-se lá ar an aingeal dob’ áilne agus ba ghile agus dob’ uaisle agus dob’ aoirde cáil d’á raibh i n-uachtar na bhFlathas thuas! ‘Moladh le Rígh na naomh! is mór ’dir indé agus indiu’ agat. Dob’ fhada síos an tuitim agat é. Ní foláir nó is beag d’á choinne a bhí agat tamall go mbéarfadh sé ad’ bheathaigh ort tú bheith ceangailte sa chathaoir shúgáin sin agam-sa!”
“Ní h-é sin atá ag déanamh mearbhaill duit,” arsa ’n Fear Dubh.
“Táim ag teacht chuige,” arsa Séadna. “Is mór de dhuagh an oilc atá agat d’á fhághail. Is dóich liom gur mó a gheibhean tú de dhuagh an oilc ’ná mar a fuair aoinne riamh de dhuagh maitheasa. Agus gan agat de bhárr do shaothair ach an t-olc. Is mór é t’ eólus. Is mór í do chiall. Is ciall cheannaigh agat í, nó an chuid is mó dhi. Tá inntleacht ghéar agat. Tá an aigne go h-aibigh agat. Ní’l d’úsáid agat d’á dhéanamh des na tréithibh maithe san ach bheith ag saothrughadh an oilc leó. Ní’l de thoradh ar do shaothar ach an t-olc. Is bocht an