do rithis leat féin mar a dhéanfadh spreallairín madra –”
“Tuigim,” arsa Séadna. “Comáin leat.”
“Tá óigbhean ansan thiar,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ó’n lá a baisteadh í go dtí an lá atá indiu ann tá teipithe orm glan filleadh ná feacadh bhaint as a toil ’ná as a h-aigne. Pé toirmeasg a chuirim ’na treó ní bhainean sé aon bharathuisle aisti. Bhí sí ag teacht ó’n sráid tráthnóna. Chuireas righneas uirthi. Thuit a codladh uirthi i lúib de’n bhóthar. Nuair a dhúisigh sí as a codladh bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Ghluais sí fé dhéin an bhaile agus í ag crith le h-eagla. Nuair a bhí sí ag déanamh siar ar Bhóthar na Bró cé bhéadh ar lár an bhóthair ann roímpi ach an sprid. Shíleas go dtuitfeadh an t-anam aisti. Chuireas mé féin ad’ chlódh-sa. Bhuaileas tháirse amach. D’aithin sí thusa ionam. Dhéineas ceann ar aghaidh ar an sprid agus sgian choise duibhe am’ láimh agam, mar ’dh ea. Ba ghearr go raibh deire leis an sprid. Ansan d’ fhilleas ar an óig-mhnaoi agus dhéineas í thionnlacan siar isteach go dorus tíghe a h-athar.”
“Dá mbéadh a fhios aici cé bhí ’ghá tionnlacan!” arsa Séadna.
“Cheap sí gur tusa a bhí ’ghá tionnlacan,” arsa ’n Fear Dubh, “agus is dóich liom go raibh iaracht de mhórdháil uirthi a rádh gur chuir aon duine é féin i n-a leithéid de chontabhairt ar a son. As san amach tháinig árd uraim aici dhuit-se. Ní fheacaís daonaidhe riamh sa chás ’na raibh sí ó’n oídhche sin amach. Bhí an sgéal aici díreach mar a bhí ag an bhfile úd a dúbhairt:–
‘Is bocht an toisg an toisg go bhfuilim i bpéin;
Mo thuisgint ó m’ thoil, a’s mo thoil ag druidim ó m’ chéill!