Ní thuigean mo thoil an toil do’m thuisgint is léir;
Nó má thuigean ní toil léi ach toil a tuisgiona féin!’
“Bhí a fhios ag an gcailín mbocht go raibh a toil ag imtheacht bun os cionn le n-a ciall, a toil ’ghá tiomáint agus a ciall ’ghá tarang siar; a toil ag tabhairt a croídhe agus a h-aigne suas duit-se, agus a ciall ’ghá thaisbeáint di go soiléir go raibh óinseach aici d’á dhéanamh dí féin mar gheall ort. Bhí an chaismirt chómh dian san ’n-a h-aigne gur imthigh a goile uaithi agus ná féadadh sí aon neul de’n oídhche do chodladh. Nuair a chíodh sí thusa, agus dob’ orm-sa a bhuidhchas gur mhinic sin, ba bheag ’ná go n-imthigheadh a raibh de mheabhair an tsaoghal aici amach as a ceann agus as a h-aigne. ’Na dhiaigh san, nuair a thuigeadh sí í féin, ba dhóich leat go ndéanfadh dhá leath d’á croídhe le náire agus le ceann-fé agus le cathughadh. Fé dheire chuir sí chúgat an bhaintreach, mar is eól duit.”
“Go gcúitighthear do shaothar leat!” arsa Séadna go dúthrachtach.
“Tá sé cúitighthe liom cheana go h-iomlán,” arsa ’n Fear Dubh, “agus is ort-sa atá a bhuidhchas agam. Is mise a chuir ad’ threó í. Ná bíodh aon phioc d’á mhearbhall ort. Do chuireas ad’ threó í agus do choimeádas ad’ threó í. Do thuigis méid a maitheasa. Do thuigis feabhas agus uaisleacht a h-aigne. Do bhreithnighis áilneacht a snuadh agus a clódh agus a pearsan gan locht. Ní raibh bean eile ar t’ aithne i n-aon ghaor do bheith chómh dathamhail léi. Is doimhinn, dorcha, dúblálta an fear thú. Is beag é eólus aoinne ar an rud a bhíon istigh ad’ chroídhe nuair a oirean duit é choimeád agat féin, ach níor fhéadais a choimeád uaim-se conus a bhí an sgéal agat ’na taobh súd. D’á dhoimhne agus d’á