atá agat féin uirthi. Mheasas a rádh ‘nár chúitighthear do shaothar leat!’ ach crosaim airís tú. Deirim ó chroídhe leat, go gcúitighthear do shaothar leat! Ba mhór an truagh a leithéid de shaothar a dhul gan a chúiteamh. Chuiris namhaid, dar leat, am’ threó-sa. Measaim gur dhéinis dearmhad i mball éigin ad’ chúntaisí. Ní mar a braithtear a bídhtear go minic. Thugais airgead dómh-sa le h-ionchas go ndéanfadh sé aimhleas dom. Theip ort i dtaobh an airgid. Chuiris an namhaid eile, mar a deirir, am’ threó. Do theip ort sa tarna cluiche fé mar a theip ort sa chéad chluiche. Inis dom go cruinn cad air go bhfuil a mhilleán agat an cluiche do dhul ad’ choinnibh. Labhair cruinn, léir. Ní thaithneann fánaídheacht cainte liom. Gan amhras is tú chuir am’ threó an t-airgead. Ní chreidim uait gur chuiris aon nídh eile am’ threó. Táir ró oilte ar an éitheach. Ní féidir do dhuine rud a chreideamhaint uait mura bhfeicidh a dhá shúil féin é. Inis an fhírinne dhom.”
“Innsim an fhírinne uaireanta,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ’neosfad anois í. ’Neosfad duit í i dtreó go bhfeicfidh do dhá shúil féin í. Is maith liom í dh’ innsint duit mar tá a fhios agam ná taithnfidh sí go ró mhaith leat. Cheapas go gcomáinfeadh an t-airgead amú’ thú mar a chomáinean sé gach aoinne a gheibhean é, nach mór. Cheapas nár bh’fhada go mbéidhtheá agam gan puínn de d’ dhuagh fhághail. Nuair a fuaras ar an aonach tú ag ceannach an chapaill mheasas go rabhais agam láithreach. Cheapas go raibh do phort seinnte, nach mór sul a raibh sé tosnuighthe i gceart. Nuair a chonac ag imtheacht tú agus gan an ceannach déanta bhí iongnadh orm cad a bhí ag cur ort. Thugas tarcuisne dhuit ós comhair na ndaoine feuchaint an bhfillfeá agus an t-airgead do dhíol. Níor fhillis. Chromais do cheann agus