níos túisge ’ná mar a dhéanfadh sí an rud ba dhóich léi ná taithnfeadh leis-sean. Tá breall ar an sean fhocal sa n-aon nídh amháin sin, pé 'n-Éirinn é. Is maith an rud teasbach dearg chun duine a chur ar a aimhleas, agus is maith an rud fíor-riachtanas chun duine chur ar a aimhleas, ach tá rud is fearr chuige ’ná aon taobh acu, ’sé sin grádh, nó caradas, nó ionmhuine. Tá daoine thíos i n-ifrean anois agam, daoine a dhéin aimhleas dóibh féin mar gheall ar ghrádh nó ar charadas, agus ní baoghal go mbéidís ann dá mba ná béadh chun iad do chur ann ach teasbach nó riachtanas. Is ’mó fear agus bean gur theip orm glan aon dochar a dhéanamh dóibh le teasbach ná le riachtanas, agus nár sheasaimh abhfad gan aimhleas a dhéanamh dóibh féin nuair a chuireas an namhaid eile úd ’na dtreó. Chuireas, mar a dúbhart leat, an namhaid eile úd ad’ threó-sa, ach ní raibh aon nídh d’á bhárr agam. Rud is anamh dom, do theip orm aon bhúntáiste bhreith ort. Ní dóich liom gur duine thu i n-aon chor, i gceart. Ní thaithnean leat mé a thabhairt namhaid uirthi. Nach í an namhaid is namhadaíghe ag duine an namhaid is mó dhéanfaidh d’aimhleas dó?”
“Tugaim an t-éitheach duit amach as do bheul féin,” arsa Séadna. “Níor dhéin sí aon aimhleas dómh-sa agus d’á bhrígh sin is bréag duit namhaid a thabhairt uirthi.”
“Níor dhéin sí aimhleas duit, ach ní h-uirthi is ceart a bhuidhchas san do bheith, ná orm-sa. Dhéin sí a dícheal chuige agus dhéineas-sa mo dhícheal chuige. Dhéin sise a dícheal tré mhéid a grádh dhuit. Dhéineas-sa mo dhícheal agus geallaim dhuit nach tré ghrádh dhuit é. Theip an cluiche orainn araon. D’imreas an cheard is fearr a bhí agam ort, ach tá buaidhte agat orm.”
“Ní mholaim do cheard,” arsa Séadna, “pé meas