“An imtheóchair!” arsa Séadna, agus faobhar ar a ghlór, agus do bhog sé chun eirighthe, mar ’dh eadh.
Níor dhéin an Fear Dubh ach iompáil agus imtheacht suas agus suidhe sa chathaoir, fé mar a dúbhradh leis. Chrom Séadna ar obair. Bhí an Fear Dubh ’na shuidhe sa chathaoir agus a dhrom le Séadna. Bhí an t-eirball siar tríd an gcathaoir agus anuas ar an dtalamh, agus bhí radharc ag Séadna ar an iongain. I gceann tamaill, strac-fheuchaint d’á dtug Séadna thairis, thug sé fé ndeara an ionga agus í ag síneadh agus ag crapadh agus ag preabarnaigh, mar bhéadh eascú a bhéadh ar lic theith. Chomáin Séadna leis ag obair chómh maith agus dá mba ná béadh sa tigh ach é féin. Níor bh’fhada gur airigh sé únfairt éigin ar siúbhal sa chathaoir. Thóg sé a cheann agus d’fheuch sé suas. Bhí an Fear Dubh thuas agus é ’ghá únfairt féin agus ’ghá chasadh féin, fé mar a bhéadh sé a d’ iaraidh éirighthe agus ná féadfadh sé é. Phreab Séadna ’na shuidhe agus siúd suas é. Sheasaimh sé ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach ag feuchaint air. Bhí an Fear Dubh i gcruadh-chás. Bhí a bheul ar leathadh agus mar bhéadh runaí leis. Bhí an corán agus an meigiol ar crith agus ar luasgadh. Bhí an dá adhairc ar bogadh agus iad ag tuitim anonn ’s anall ar a cheann. Bhí an dá láimh go daingean aige i nglúinibh na cathaoireach, agus na h-ingne ag dul isteach tríd an adhmad, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh. Bhí an t-eirball siar síos uaidh, sínte amach agus anuas ar an dtalamh, agus an ionga ag déanamh díoscáin ar an úrlár.
“Seadh, a phreabaire!” arsa Séadna. “Ní deirim ná go bhfuil greim agam ort!”
“Ó! a Shéadna, tá go daingean!” ar seisean. “Ó!” ar seisean, “bog díom go dtí go mbéidh an t-am ceart ann!”