“Foidhne, foidhne!” arsa Séadna. “Ní’l aon nídh is fearr ’ná an fhoidhne. ‘Buadhan an fhoidhne ar an gcinneamhaint.’”
“Ó!” arsa ’n Fear Dubh, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh, “buadhan an chinneamhaint seo ar ar deineadh d’fhoidhne riamh. Sáruighean an chinneamhaint seo an sean-fhocal. Leig uait mé, a Shéadna, agus ní thiocfad go dtí go mbéidh an t-am ann.”
“Seadh, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna. “Ní’l aon dithneas mar sin orm-sa. Ní beag liom a luathacht d’imtheóchair. An aimsir a chaithfir-se ansan sa chathaoir dheas shúgáin sin, ní’l sí le dul sa chómhaireamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliaghna deug ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfair-se an áit sin. Dá mba mhaith liom-sa thú a choimeád ansan choídhche ní thiocfadh deire na h-aimsire choídhche.”
“Is beag d’á mhearbhall ort,” arsa’n Fear Dubh, “dá dtoilightheá chuige sin go mbéadh an margadh briste agat láithreach agus an greim céadna agam-sa ort-sa atá agat-sa orm-sa anois.”
“Ní gádh dhom toiliughadh chuige, agus mar sin féin ní gádh dhom iomad dithnis a bheith orm ad’ leigint chun siúbhail. Dá mba agat-sa bhéadh an lámh uachtair agus neart agat ar na h-ingnibh sin d’ imirt orm bhogfá dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do tharaing sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach.
“An fada a choimeádfair anso mé?” arsa ’n Fear Dubh, agus é, ba dhóich leat, i ndeire an anama.
“Freagair-se cúpla ceist dómh-sa ar dtúis,” arsa Séadna, go breagh réidh.
“Cuir chúgam iad! Cuir chúgam iad!” arsa ’n Fear Dubh.