é. Imthigh uaim suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus leig dom mo ghnó a dhéanamh.”
“Is tú an fear is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l de sgáth ’ná d’eagla agat rómham ach oiread agus bhéadh agat roimhe choileán gadhair!”
“Go deimhin is greannmhar san dé,” arsa Séadna, ag cur sgearta gáire as. “Is dóich leat ó ’tá adharca agus ingne ort gur ceart dúinn dul i bpoll tráthair uait. Má ’sé do mhargadh atá uait cómhlíon do thaobh féin de, a dhuine! Is liom-sa an aimsir fós. Oirean dom an bhróg so do chríochnughadh. Taoí-se a’m chosg air. Tá an margadh agat d’á bhriseadh anois féin. Do chaillis an méid aimsire a bhí an sparán as mo sheilbh. An uile neómat atá agat d’á chaitheamh ansan, ag tabhairt gach re seadh dhom, tá sé ag dul síos ad’ choinnibh sa chómhaireamh. Bhrisis an margadh nuair a tháinís anso a’m éileamh agus gan aon cheart agat chúgam go dtí go mbéadh an t-am ann. Dhéinis dearmhad sa méid sin. Ní’l aon dearmhad anois ort. Tá a fhios agat go maith ná fuil an t-am ann fós agus go bhfuil an margadh agat d’á bhriseadh. Imthigh ansan suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus ná labhair liom airís go dtigidh an t-am ceart, nó béidh an margadh sgurtha agat féin agus mise réidh leat, agus geallaim dhuit nach orm-sa bhéidh puínn d’á chathughadh. Feuch! Siné an sparán. Siní an bhróg. Siné an leathar. Is liom-sa an aimsir fós. Cad dob’ áil leat ad’ sheasamh ansan a’m chosg ar mo ghnó! Imthigh suas agus suigh, nó tá an margadh sgaoilte agus mé sgartha leat.”
Do thosnuigh bárr an eirbaill ar shnap-chasadh, díreach mar dhéanfadh eirball an chait nuair ba dhóich leis go mbéadh an franncach chuige amach as an bpoll.