mian linn cómhartha dh’fheisgint uait.[* 1] 39Agus d’fhreagair sé iad: [1]Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní thabarfar de chómhartha dhóibh ach [2]cómhartha Iónais an fáidh. 40Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.[* 2] 41[3]Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso. 42Eireóchaidh ban-ríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; [4]óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteach le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.
43Agus nuair a théigheann an spioraid neamghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. 44Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach. 45Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.
46An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a [5]bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis. 47Agus dubhairt duine leis, Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d’iarraidh labhartha leat. 48Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre?[* 3] 49Agus
- ↑ Ver. 38. “Cómhartha,” .i., mírbhuilt ó neamh, N. Lúcás xi. 16.
- ↑ Ver. 40. “Trí lá,” ⁊rl., .i., Ní trí laethanta iomlána a bheirtear, ach cuid de trí lá, do réir chómhairimh na nIúdach, .i., ó thráthnóna go tráthnóna.
- ↑ Ver. 48. “Cia h-í mo mháthair?” ní le h-aon neamhshuím sa mháthair a dubhradh an chaint sin ach chun a thaisbeáint nách ceart dúinn choídhche leogaint do ghrádh athar ’ná máthar sinn a tharrach ó ghnó Dé: agus isé nídh is mó a thaithn leis an dTighearna ’n-a