Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/42

From Wikisource
This page has been proofread.
32
Caib. XII 31
MAITIÚ

aghaidh; agus an t‑é ná cnuasaigheann a’ theannta, sgaipeann sé.

31Deirim libh, d’á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é.[* 1] 32Agus an t‑é a dhéarfaidh focal i n‑aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t‑é a dhéarfaidh i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.[* 2]

33Dheinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóganta air; nó deinidh an crann go h‑olc agus an toradh go h‑olc air; óir is as a thoradh do h‑aithnightear an crann. 34A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h‑olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal. 35Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a’ stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a’ droch-stór. 36Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.[* 3] 37Óir is de bhárr do bhéithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhreithre féin a daorfar thu.


38Ansan d’fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is

  1. Ver. 31. “Diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid.” .i. an diamhasla a bhí ag na Fairisínigh ’á dhéanamh nuair a dubhradar gur le cómhacht Bheelsebub a deintí na mírbhuiltí a bhí ag Críost á dhéanamh le cómhacht an Spioraid Naoímh. Bhí an peaca san chómh ceanndána san agus chómh toilteanach san i gcoinnibh fírinne soiléire Spioraide Dé, go mba ró-dheacair do’n t‑é a dhéanfadh é iompáil thar n‑ais ar Dhia agus aithríghe déanamh. Agus ní féidir peaca mhaitheamh mura ndeintear aithríghe ann. Is fíor, ámhthach, gur féidir do Dhia an uile shaghas peactha do mhaitheamh ach go mdéanfar aithrighe go fírinneach ann agus go gcurfar fé eochracha na h‑Eagailse é.
  2. Ver. 32. “Ná ar an saoghal atá le teacht.”—Deir Auguistín naomhtha agus Gregóir naomhtha gur léir ó’n bhfocal san go bhfuil maitheamhnachas peacaí ar an saoghal eile, agus d’á bhrigh sin go bhfuil porgadóireacht ann.
  3. Ver. 36. “Gach focal díomhaoín.”—Taisbeánann san go bhfuil inead chun pionóis aimsire ar an saoghal eile mar a ndeintear cortha suaracha do dhíoghailt.