Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/88

From Wikisource
This page has been proofread.

Muisire ar m’ aghaidh soir agus é chómh nighte leó. Ní raibh an cómhartha soininne air:

“Ceó ar Mhuisire ’s Clárach lom
An cómhartha soininne is fearr ar domhan.”

Bhí Dúth ’alla go léir leathta amach ansúd fém’ shúilibh, soir, agus ó-thuaidh agus siar, agus an ghrian ag taithneamh air, agus é chómh breagh chómh mór chómh leathan! Bhí na cnucáin bheaga thíos ag bun an chnuic, agus bíodh go rabhadar árd go maith dá mbeifeá laistíos díobh, ní mhothófá aon aoírde i n-aon chor ionta nuair a bheifeá ag féachaint síos ortha ó mhullach an chnuic. Ba dhóich leat gur talamh leibhéalta ar fad iad.

Ach bhí an ghrian ag druidim ró fhada síos chun na gcnuc a bhí laistiar díom, agus do ritheas le fánaidh síos i dtreó na sráide. Bhí an tslígh síos chun na sráide níba shia ’ná mar a mheasas, agus níba chrosta go mór ’ná mar a mheasas. B’ éigean dom clathacha móra chur díom, agus páirceana treabhtha, agus cumair a bhí lán de sgeachaibh, agus fé dheire, nuair a bhíos ag dul isteach sa tsráid bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí tuitim na h-oídhche ann agus bhí seacht míle, de mhíltibh móra fada idir mé agus Doire na Móna, agus ní raibh aithne agam ar aoinne i Sráid an Mhullinn, ná ag aoinne orm. Thugas aghaidh ar an mbóthar. Shiúbhluigheas soir tríd an sráid go géar; ó-thuaidh go Drisean; go Drochad an Chaoil. Bhíos ag cur an bhóthair díom agus doircheacht na h-oídhche ag méadughadh. Fé dheire do mhothuigheas an tuirse ag teacht orm. Ansan mhothuigheas an tart ag teacht orm. Ansan do mhothuigheas mé féin ag lagughadh leis an ocras. Bhíos gan aon bhlúire bídh a dh’ithe ó fhágas an baile ar maidin. Ach do chomáineas liom. Um an dtaca go rabhas chómh fada soir ó-thuaidh le Doire na Groidhe