Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/87

From Wikisource
This page has been proofread.

mbéadh an dá ghabhar úd a bheith ag taisbeáint na slíghe dom.

Lá éigin, an fhaid a bhíos ag dul ar sgoil go Ceann Tuirc, thug mo neamhthuisgint féin contabhairt eile orm, agus ba ró dhóbair dom gan teacht saor as. D’fhágas Lios Caragáin lá Domhnaigh agus d’éisteas Aifreann i gCaraig an Ime. Ansan thugas aghaidh ó-thuaidh bóthar Shráid a’ Mhuillinn, chun dul go Doire na Móna an oídhche sin agus bheith i n-am chun dul go Ceann Tuirc ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn. Nuair a bhíos ag gabháil Céim Caraige síos do chonac ar m’ aghaidh anonn Caisleán Chille Míde agus cnuc Cláraighe. Bhí an lá go h-áluinn agus an spéir ana ghlan. Dúbhart liom féin ná raibh aon teóra leis an radharc le breaghthacht a bhéadh agam ar an ndúthaigh go léir mór-thímpal dá mbeinn ar mhullach an chnuic sin. Dúbhart liom féin go bhféadfainn gabháil suas fan an chaisleáin go bárr an chnuic agus féachaint am’ thímpal, agus ansan ruith le fánaidh síos isteach sa tsráid, agus go mbeinn sa tsráid chómh luath, nach mór, agus dá ngabhainn an bóthar. Siúd suas mé chun an chnuic chómh luath agus thánag ar aghaidh an chaisleáin. Níor shroiseas bara an chnuic chómh luath agus mheasas do shroisfinn é. Um an dtaca n-a rabhas ar bhara an chnuic bhí an ghrian abhfad níba shia siar, agus síos, ná mar a cheapas a bhéadh sí. Bhí an radharc go breagh gan amhras. Bhí Mullach an Ois agus Claedeach, agus na cnuic mhóra eile go léir, laistiar díom agus laisteas díom, agus iad

“Ag bagairt a gcínn de dhruím a chéile,”

agus gan aon bhlúire ceóigh ortha, ach iad chómh glan san gur dhóich le duine gur nighte a bhíodar. Bhí