Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/89

From Wikisource
This page has been proofread.

bhíos chómh buailte amach san gur shíneas ar bhara chlaidh an bhóthair chun an tuirse chur díom beagán. Bhíos ar mo shuaimhneas ansan ar feadh tamaill. Ar ball do shamhluigheas go rabhas ag tuitim am’ chodla. Le n-a linn sin do mhothuigheas mar a bhéadh codla grífín ag ruith tréam’ ballaibh go léir. Do léimeas suas. Thuigeas láithreach dá dtuiteadh mo chodla i gceart orm ar mhullach an chlaidh sin gur marbh a geófaí ann mé ar maidin. Siúd chun bóthair airís mé. Bhí eólus na slíghe go maith agam. Do shroiseas tigh Thomáis uí Laoghaire ar Doire na Móna. Bhíodar gan dul a chodla nuair a sroiseas an tigh, bíodh go raibh sé abhfad tar éis a dódhéag a’ chlog sa n-oídhche. Bhí dritháir do Thomás sa tigh. Diarmuid ab ainim dó. Bhí sé féin agus mise ana mhór le n-a chéile. B’ é an chéad duine é a chonaic mé ag teacht an dorus isteach chuige. Bhí iongnadh air cad a thug chómh déanach mé. Bhí iongnadh ba mhó ’ná san air nuair a fuair sé gur bh’ ar éigin a bhí ionam labhairt leis. Do tugadh mo dhóithin le n-ithe agus le n-ól dom láithreach. Chuas a chodla, agus go deimhin do chodlas go sámh.

Níor innseas d’aoinne cad a chuir an tuirse go léir orm, ná conus mar ba dhóbair dom fanmhaint i mbara an chlaidh ar thaobh an bhóthair i n-aice shéipéil Dhoire na Groídhe. Níor innseas d’aoinne i n-aon chor riamh ó shin é. Bhí náire orm a thabhairt le rádh d’aoinne go dtabharfainn a leithéid de chúrsa, gan ghádh gan riachtanas.

Tá aon rud amháin, ámhthach, a chuirean cancar mór anois orm agus atá ag cur cancair orm riamh ó sin. Ag machtnamh dom ’n-a dhiaigh san ar ag gcuma ’n-a mbídís ag féachaint orm an oídhche sin, nuair a mheasaidís ná bínn ag féachaint ortha, do buaileadh isteach