orm ar aon chuma, agus bhíodh ceisteana ag teacht chúgham le réidhteach anois a’s airís, tríd an bport.
Tháinig leitir chúgham lá ó mhnaoi uasail a bhí pósta ag mac, nó ag mac mic, do Dhómhnall ua Chonaill. Inghean ab eadh í do Bhianconi, an fear úd go mbíodh na cóistí go léir ar na bóithribh aige go dtí gur chuir na traenana deire leó. Dúbhairt sí liom sa leitir go raibh sgríbhinn aici a fuair sí thíos i gContae Luimníghe agus gur bh’ é sgríbhinn é ’ná an caoine úd a dhein Eibhlín ní Chonaill ar bhás Airt uí Laoghaire, nuair a lámhadh é ar Inse Charaig an Ime. Dúbhairt sí go raibh fear éigin thíos i Luimnigh ag casadh le Béarla chur ar an sgríbhinn di, agus go raibh eagal uirthi ná raibh eólus a dhóithin ar an nGaeluinn aige chun na h-oibre sin do dhéanamh mar ba cheart. D’fhiafraigh sí dhíom ar mhisde liom leigint di an sgríbhinn a chur chúgham-sa chun Béarla chur ar an gcaint. Do chuireas freagra chúichi láithreach ’ghá rádh léi nár mhisde, agus go ndéanfainn an obair dhi chómh maith agus d’fhéadfainn é. Chuir sí chúgham an sgríbhinn agus chuir sí leitir chúgham i n-aonfheacht leis an sgríbhinn ’ghá ínsint dom go raibh aon líne amháin ann agus gur theip glan ar an bhfear thíos a dhéanamh amach cad é an brígh a bhí leis an gcaint a bhí sa líne sin. Dúbhairt sí go raibh trácht sa líne ar “Madam Anne” éigin, agus ná féadfadh an fear thíos a dhéanamh amach ó thalamh an domhain cé r’ bh’í “Madam Anne.”
“Is léir,” ar sisi, “gurab ar an Madam Anne seo a bhí an milleán go léir ag Eibhlín i dtaobh bháis Airt. Ba mhaith liom a dh’fhághail amach, má’s féidir é, cé r’ bh’ í féin agus cad a dhein sí i gcoinnibh Airt, nó an amhlaidh a bhí éad ar Eibhlín mar gheall uirthi.”
Is i mBéarla do sgríbh sí an leitir, nídh nách