iongnadh, ach siné bunús na cainte a bhí sa leitir. D’inis sí dhom cá bhfaighinn an líne sa sgríbhinn. Chuardaigheas an sgríbhinn agus fuaras an líne agus fuaras an dá líne roimis an líne sin. Sidiad iad.
- “Art ua Laoghaire
- Atá anso traochta
- Ó mhaidin anné agam.”
Admhuighim gur bhaineas leathadh as mo bhéal agus gur dheineas sgearta gáire, i dtreó gur airigheadh ins gach aon pháirt de’n tigh mé, nuair a chonac an cuirptheach mná, droch aigeanta, díoblaídhe, Madam Anne a bhí eirighthe chúgham, amach as an bhfocailín mbeag neamhthuairimeach san “Ó mhaidin anné”—“since yesterday morning”! Ní h-ar an mnaoi uasail a sgríbh an leitir chúgham a bhí aon mhilleán agam, nídh nách iongnadh, ach ar an bhfear thíos a bhí ’ghá leigint air gur thuig sé an Ghaeluinn.
Chuireas féin chúichi an brígh ceart, agus dúbhart léi nár airigheas féin riamh aon trácht ar aon éad a bheith ar Eibhlín ní Chonaill chun aon “Madam Anne,” ná chun aon tsaghas “Madam” eile.
Ansan do sgríobhas amach an caoine go léir i mBéarla, chómh cruinn agus d’fhéadas é, agus chuireas chúichi é. Nídh nách iongnadh, ní h-ar dheiseacht an Bhéarla a bhíos-sa ag cuimhneamh nuair a bhíos ag déanamh na h-oibre, ach ar dheiseacht na Gaeluinne, agus ar conus a thabharfainn liom sa Bhéarla deiseacht na Gaeluinne agus neart na Gaeluinne, agus fuinneamh na Gaeluinne, agus an dásacht agus an ghluaiseacht fola a chuireadh an Ghaeluinn sin am’ chroídhe féin nuair a labhrainn amach í go h-árd. Chuireas mo sgríbhinn Béarla ag triall ar an mnaoi