Chonac cad é an fuadar a bhí fútha agus chaitheas chúcha an t-airgead. Is dóich liom go bhfuaradar go léir níos mó búntáiste ’ná mar a gheóbhaidís dá ngeartí amach an locáiste dhóibh agus an chuid eile d’éileamh ortha go léir sa tímpal. Bhí a lán acu lasmuich de pharóiste Dhún ar Aill agus d’á bhrígh sin níor bh’ fhuiriste iad a choimeád dlúithte le chéile ar aon aigne ar feadh aon fhaid mhór aimsire. Tháinig aon toradh amháin fóghanta ó’n obair. Do cuireadh deire leis an gcleas úd a déintí ar “Sheághan ua Rudaidhe” agus ar “fhear an airgid.” B’éigean d’ “fhear an airgid,” feasta, úsáid éigin eile sholáthar do’n airgead i n-éaghmuis é chur isteach i bhfeirm “Sheághain uí Rudaidhe.” Dá ndeineadh sé an úsáid sin de’n airgead do liúghfaí “Grabber!” ’n-a dhiaigh. B’fhearra dhó teitheadh as an ndúthaigh ’ná an liúgh san do dhul amach air. B’ éigean dó a leas do dhéanamh bíodh gur d’á aimhdheóin é.
“MADAM ANNE”
Bhínn ag gabháil do’n Ghaeluinn an fhaid a bhíos i nDún ar Aill, ach ní mór fhéadainn a dhéanamh. Do labhrainn í le h-aoinne do labharadh liom í, agus do léighinn í as aon leabhar a castí orm n-a mbíodh aon tsaghas Gaeluinne ann. Bhíodh ainim na Gaeluinne