sé ansúd ’n-a measg, sáidhte ins gach cómhairle leó ba dhiamhaire agus ba dhisgréidíghe ’ná ’chéile; a n-ainimneacha go léir curtha síos go Baile Átha Cliath aige agus fiacha a gcod’ fola geallta dhó, agus a lán de’n airgead fola ’n-a phóca aige an uair sin féin! Ba thúisge leó go mór a chómhairle ghlacadh ’ná cómhairle sagairt a ghlacadh—go dtí go bhfeacadar ansúd é, sa chúirt, ag freagairt ceisteana, agus gach aon fhocal d’á dtagadh as a bhéal ag fásgadh na cnáibe níba dhéine ar a muineálaibh. Ba thruagh an radharc é!
“Ach,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “má bhí aoinne amháin ’n-a ropaire fill féach ar na míltibh a bhí fíor-dhílis, daoine do chaillfeadh an t-anam seacht n-uaire níba thúisge ’ná mar a dhéanfaidís feall de’n tsórd san.”
Agus nách shiné donas an sgéil ar fad! Na mílte ann d’fhearaibh breaghtha cródha dílse deagh-aigeanta, agus neart d’aon ropaire amháin iad go léir do chrochadh nó do chur an loch amach, agus an gnó, gur chailleadar a raibh an tsaoghal acu leis, i dteannta a sláinte, b’ fhéidir, do chailleamhaint leis, neart dó an gnó san do chur ar neamhnídh i n-aon lá tiubaisteach amháin, tar éis blianta fada bheith caithte ’ghá shaothrughadh agus ’ghá thabhairt chun rathmhaireachta. Cuirean an t-aon informer amháin saothar na mílte fear fóghanta ar neamhnídh.
“Agus nách ait an sgéal a rádh ná féadfaí gnó dhéanamh ar shlígh ná fágfadh ar chumas aon informer dochar a dhéanamh dó?”
Ní féadfaí. Níor féadadh riamh agus ní féadfar go deó. Ní féidir é. An fhaid a bheid droch dhlighthe d’á ndéanamh, dlighthe a chuirfidh rómpa eagcóir a dhéanamh ar dhaoine macánta, beid na daoine macánta san