Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/133

From Wikisource
This page has been proofread.

ag eirighe i gcoinnibh na ndroch dhlighthe sin. Ansan beid lucht na ndroch dhlighthe do dhéanamh ag breabadh na ropairí chun sgéidh ar na daoine macánta agus iad a thabhairt chun na croiche. Dlighthe éagcórtha, dlighthe chun robála, fé ndear an droch obair go léir. As na droch dhlighthe a dh’fhásan an t-informer.

Chuir an dlígh agus an t-informer deire leis an eirighe amach. An deich míle fear a ghluais amach ó Chorcaigh níor bh’ fhada go bhfeacadar ná raibh aon mhaith ’n-a ngnó; go raibh na cinn a bhí chun na h-oibre go léir do stiúrughadh, go rabhadar daingean fé ghlasaibh na bprísún. Ansan ní raibh le déanamh ag gach aoinne ach dul fé cheilt go dtí go bhféadfadh sé imtheacht thar faraige a gan fhios dos na slóighte lucht faire a bhí ag muíntir Shasana ar na cuantaibh.

Thánamair go léir abhaile ó’n gcoláisde nuair a tháinig an samhradh, agus ní raibh orainn siúbhal abhaile. Bhíos féin, mar a dúbhart, ag déanamh gnótha sagairt sa pharóiste sin Chill Sheanaigh. Bhí an t-informer tar éis oibre na bhFíníní do bhriseadh agus do sgaipeadh agus do chur ar neamhnídh. Bhí formhór na gceann-uraid daingean fé ghlasaibh na bprísún nó díbeartha an loch amach le daor-bhreithibh dlíghe. An dlígh nár fhéad an ceart a dhéanamh agus muíntir na h-Éirean do chosaint ar an éagcóir a bhí ag an landlord ’á dhéanamh ortha bhí sí ollamh go maith ar mhuíntir na h-Éirean do dhaoradh agus do chur thar faraige nuair a mheasadar féin iad féin do chosaint as an éagcóir sin.

Ach bíodh go raibh formhór na gceann-uraid fé ghlasaibh, nó curtha anonn, bhí raint acu fós gan tabhairt chun lámha. Bhí ar an raint sin ceann-uraid oirdheirc de mhuíntir Cheallaigh. Bhí an tóir ’n-a dhiaigh go teith, ach