Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/131

From Wikisource
This page has been proofread.

sagairt d’fhághail, ag déanamh a bhfaoisdine dhóibh féin i dtreó go mbeidís ollamh chun dul i láthair Dé nuair a thuitfidís sa chath a bhí le teacht, dar leó. Chuir san i n-úil dom ná raibh sa droch fhéachaint úd a thugaidís orm, bliain nó cúpla bliain roimis sin, ach an éagcóir is gnáth le duine a dhéanamh, uaireanta, ar a aigne agus ar a chroídhe féin, agus ar a choinsias féin, nuair a chuirean droch chómhairle agus droch chómhluadar suas é chun rud a dhéanamh a bhíon lom díreach i gcoinnibh a thuisgeana agus i gcoinnibh a chroídhe.

Bhíomair go léir istigh sa choláisde an mhaidin do ghluais an t-eirighe amach. Bhí an uile shagas ráflaí ag teacht chúghainn. “Traénana lán de shaighdiúiribh dearga ag gluaiseacht ó-dheas! Gach aon traéin acu leath-mhíle ar faid! Traénana eile ag teacht andeas agus iad lán de shaighdiúiribh gonta! Srutháin fola ar na bóithribh iarainn ós na saighdiúiribh gonta a bhí dh’á dtabhairt andeas. An Churach agus a raibh de bharaicibh air i lámhaibh na bhFíníní!” Mar sin dóibh.

Tháinig an sneachtadh. Bhíomair go léir ag cur a’s ag cúiteamh féachaint conus a raighmís ó-dheas abhaile, nó an gcaithfimís an tslígh do shiúbhal.

Do lean an sneachtadh. Ansan tháinig atharach na sgéal. Ansan tháinig an dlígh; na prísúnaigh; an chúirt; na trialacha; agus—an seana sgéal i gcómhnuighe—an t-informer. Agus cé r’ bh’ é an t-informer, an dóich leat? Duine des na cinn uraid. Fear go raibh eólus agus fios a ngnóthaí go léir aige! Fear a bhí ag tabhairt an eóluis sin go léir do namhaid na bhFíníní, do mhuíntir an Chaisleáin i mB’l’Átha Cliath, ar feadh mórán aimsire roimis sin, a gan fhios d’aoinne beó. Fear gur mheas an uile dhuine des na Fíníníbh nár mhair an fear san riamh a bhí níba dhílse ’ná é. Bhíodh