ḋeireaḋ. Fé mar ḃí an líon ag teaċt isteaċ ḃíodar ag piocaḋ an éisc as, aċ, dar fia, nuair a ṫáinig an dara líon níor ḃacamar le haon ṗiocaḋ aċ líon agus iasc agus uile a ċaiṫeaṁ isteaċ sa naoḃóig. In áiteanna den líon ḃí maircréal ar gaċ aon ṁogal, dar leat.
Ḃí a oiread san éisc iontu gur ṡúncáil na líonta síos agus ḃí saoṫar ar na fearaiḃ d’iarraiḋ iad a ṫarraing aníos, agus ḃí leaṫ-ċeann ar an naoḃóig. Ḃí obair ṁór orainn, aċ, ráinig linn sa deireaḋ iad go léir a ṫógaint isteaċ. Ḃí ualaċ sa naoḃóig, deirim leat, agus ḃí a faoḃar síos i ngiorraċt sé n-órlaċ den uisce.
Ḃí iasc agus líonta óna tosaċ go dtí n-a deireaḋ agus in airde ar na toċtaí agus sinn-ne in ár suí anuas orṫu. Dúirt Taḋg Óg gur dóċa go raiḃ trí ṁíle éisc againn. Ḃí Donnċa Ṗeig féin sásta, agus ḋein sé gáire—an ċéad ġáire ón uair a ḃaineas-sa an ṗreab as.
Ṫugamar agaiḋ ar an mbaile ansan agus gan aon siúl mór fúinn toisc inéid an ualaiġ. Ba ṁaiṫ an scéal go raiḃ an uain ċoṁ breá agus a ḃí. Dá mbeaḋ aon ḃorraḋ ann ḃeimis báite! Aċ ḃíomar ag cur dínn, agus i gcionn tamaill ṁaiṫ ḃaineamar ár gcuas féin amaċ, fé ḃun na dtiṫe.
Aċ fan bog, áfaċ, go n-insead conas a ḃí an scéal sa ḃaile im ḋiaiḋ ar feaḋ na hoíċe.