cloċa a ḃí ceangailte ar a imeall íoċtaraċ. Ḃí Donnċa Ṗeig ag ainliú na nanḃóige, agus mé féin ag féaċaint ar an obair.
Ṁeasas nuair a ḃí na líonta amuiġ go ḃfágfaí mar sin iad go maidin agus go ḃfanfaimis ar feaḋ na hoíċe os a gcionn; aċ ina ionad san do tarraingeaḋ gaċ aon uair a ċloig iad, go dtí n-a cúig a ċlog ar maidin.
Is iontaċ an rud an ḟarraige istoíċe. Ḃí an oíċe an-ḋorċa againn, agus ní ḟeicfeá ḋen dtalaṁ aċ rud mór duḃ go choisfeá an tonn ag briseaḋ i gcoinniḃ na gcloċ ag a ḃun.
Nuair a ḃíonn an dorċadas ann bíonn solas greannṁar sa tsáile. Ċeapas go raiḃ an líon ar lasaḋ nuair ḃíodar á ṫarraing isteaċ. “Béirneáil” a ṫug Taḋg Óg ar an solas. Rugas air, féaċaint an raiḃ sé te, aċ ní raiḃ.
An ċéad uair a ṫarraingeamar na líonta ní raiḃ ionta aċ timpeall leaṫ-ċéad maircréal. D’aistríomar go dtí áit eile ansan agus ṫugamar cor eile. An dara tarraing ní raiḃ aċ trí maircréil iontu, agus madra éisc. Nuair ḃí an madra istiġ i dtóin na naoḃóige againn ḃí gaċ aon sceaṁ aige go dtaḃarfá an leaḃar gur gaḋar a ḃí ann. Ḃain aṫair Ṁicilín a scian amaċ agus ṁaraiġ sé é.
Go dtí a ceaṫair a ċlog ar maidin níor ḃuail aon ní fónta linn. Ḃíomar ag druidim leis an mbaile i gcónaí. Ar a ceaṫair dúradar go dtaḃarfaidís cor eile, agus go n-éireoidís as ansan. Ḃí an lá ann an uair ċéanna.
An ċéad líon a ṫuġaḋ isteaċ ḃí foṫ-ḃreac ann. Ḃíodar ag dul i dtiuḃa amaċ go dtí n-a