Cáit d’innis doṁ-sa é a ḟaid a ḃí Mam ag crú na mbó an tráṫnóna ina ḋiaiḋ sam agus mise fé ġlas sa tseomra im ṗríosúnaċ. Trí ṗoll na heoċraċ a ḃí Cáit ag caint liom.
Do réir ḋealraiṁ ḃí Mam ag glaoċ orm-sa ċun dul d’iarraiḋ na mbó agus ní ḟuair sí aon tor’. Ní mór an naṫ a ċuir sí sa méid sin. Ba ṁinic, slán beo sinn, ná faiġeaḋ sí tor’ uaim-se. Ní ṫáinig aon an-imníoṁ uirṫi go dtí n-a deiċ a ċlog nuair ba ċeart doṁ-sa ḃeiṫ sa ḃaile nó im ċodlaḋ.
Nuair ná raḃas tagaiṫe ċuir sí mo ṫuairisc ar Ċáit agus ar Ḋaid, aċ ḃíodar-san dall ar cá raḃas. Ċuir sí Daid go tiġ Ṁáire Aindí féaċaint an ansan a ḃeinn. Nuair a ṫáinig sé gan mé ċuadar araon go dtí gaċ aon tiġ ar an mbaile, agus nuair ná fuair sí mo ṫuairisc in aon áit d’éirig a croí uirṫi.
Ruaigeaḋ as an leaba gaċ aon ḃuaċaill ar an mbaile agus ceistíoḋ iad. Cuardaíoḋ tiṫe bó, agus stáblaí, agus ioṫlaintí ar mo lorg, aċ aon ṗioc de ṫuairisc Jimín ní raiḃ in aon áit.
Tiomáineaḋ Daid leis an gcapall go tiġ m’aintín cúig míle ó ḃaile, féaċaint le haon tseans an ansan a ḃeinn imiṫe.
Ḃailiġ mná an ḃaile timpeall ar Ṁam agus ḃíodar ag rá léi gan aon ḃuairt a ḃeiṫ uirṫi, naċ aon droċ-rud a ḃí imiṫe orm, agus go mbeinn ċuici lá arna ṁáraċ go seaḃraċ.
Gaċ ’ra toċt uaignis agus feirge ṫagaḋ ar Ṁam. Ḃí sí á rá gur dóċa go raiḃ deireaḋ lena buaċaillín boċt gan ċiall an turas