raiḃ aon ní oiriúnaċ le fáil aċ éadaċ le Cáit, agus ḃíos i gcás idir ḋá ċoṁairle cad a ḋéanfainn. Ċuardaíos seomra Ṁam aċ ní raiḃ aon rud ann go ḃféadfaḋ Taḋg é ċaiṫeaṁ.
Ḃí an scéal ag déanaṁ tinnis dom agus sinn ag dul a ċodlaḋ. Nuair a ḃí an Ċoróin Ṁuire dá rá againn ṫug mam greasáil eile ḋom inar ná dúras-sa aċ seaċt gcinn den deiċniúr. Ní ḟeadar-sa an ndúras nó ná dúras i gceart iad mar, go maiṫe Dia ḋom é! ní horṫu ḃíos ag cuiṁneaṁ aċ ar ċulaiṫ do Ṫaḋg Learaí Ḃig.
D’éiríos-sa roiṁ an gcuid eile den tiġ ar maidin. Ḃuaileas na bróga leaistic fém ascail. Ansan ċuas go dtí seomra Ċáit is ċuardaíos arís do ċulaṫ i gcoṁair Ṫaiḋg. Do ṗrioc an tÁiḃirseoir mé sa deireaḋ agus ṫugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amaċ tríd an ḃfuinneoig liom go dtí an stábla.
Ċuireas orm mo ċulaṫ Dreoilín—na bróga leaistic agus an ċasóg eireabaill agus an hata caroline agus ribíní Ċáit ar sileaḋ leis. Ḃuaileas orm an aġaiḋ feidil ansan agus mo ċrios agus mo ċlaiḋeaṁ, agus deirim-se leat, a ḋearṫáir, go raiḃ cuma captaen Dreoilín orm má ḃí sé ar éinne riaṁ.
D’imíos ansan ar lorg na coda eile. Ḃíodar ag teaċt, duine ar ḋuine, agus níor aiṫin oiread agus duine acu mé, a ṁiċ ó! gur ḃaineas an aġaiḋ feidil díom.
Ṫugamar tamall maiṫ ag feistiú a ċéile sar a raḃamar ullaṁ. Nuair ṫáinig Taḋg Learaí