Ḃig ċromas ar éadaċ Ċáit a ċur air. Aċ ḃí ceataí sa scéal—ní raġaḋ éadaċ Ċáit ar Ṫaḋg gan Taḋg do ḃaint a ċoda féin de—rud nár ṫaitniġ in ao’ ċor leis.
Níor ḟan dá ċuid féin am aċ a léine; aċ nuair a ḃí an gúna air agus caiḋp ḃioraċ páipéir ar a ċeann ḃí sé ina ġearrċaile maiṫ go leor.
Do scéiṫ na bróga air, áfaċ. Péire lena aṫair ab ea iad agus iad ró-ṁór dó. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ sé ’á dtarrang ina ḋiaiḋ agus gaċ aon ṗlup-ṗlap acu.
Ceaṫrar de luċt ceoil a ḃí againn. Ṫugas féin orgán béil liom a fuair Cáit óm ainṫín. Ag Tumaisín Bán a ḃí sé ’á ṡeinnm i riṫ an lae.
Ḃí trúmpa stáin ag Micilín a ṫug sé do Smulc. Ṫug duine mias ṁór stáin leis agus do ḃí ag gaḃáil de ṁaide air; agus ḃí bucaed stáin ar sileaḋ le muineál duine eile agus ḃídís a gceaṫrar ag séideaḋ is ag bualaḋ is ag greadaḋ i thannta ċéile agus ḋeinidís ceol breá.
Ṫugas an tor cuilinn le hiompar do Ṗeats Ṁicilín Dan, agus ḃí loṁnán gaoiṫe ag Micilín Eoin a fuaireamar ó Ṫaḋg Óg nuair ṁaruíodar an ṁuc roiṁ Nollaig, agus ḃíoḋ sé ag bualaḋ gaċ éinne leis.
Ḃí málaí ar ċuid acu agus léinte fear ar a ṫuilleaḋ agus sean-sciorta lena ṁáṫair ar ḟoṫ-ḋuine. Ḃí blús gorm le Nell Ṁáire Aindí ar Ṁicilín Eoin agus aon ṗioc di níor aiṫin air é gur ċuiṁniġ sí uirṫi féin lá arna ṁáraċ.