ċiainiḃ agus ḃí saġas náire air agus ní dúirt sé aon ní go ceann tamaill. Ansan ṫarraing sé scian as a ṗóca agus ċuir sé im aice ar an mbord í agus deora óna ṡúile. Ṫug sé iarraċt ar rud éigin a rá aċ ní ḟéadfaḋ, leis an dtoċt ġoil. Ansan riṫ sé an doras amaċ uaim ag gol.
Deir Cáit go raiḃ Micilín an-ċeanúil orm-sa. Ṫugas an Píopa aḋmaid a ḃí i ḃfolaċ sa stáca agam do Ċáit, ċun é a ṫaḃairt do Ṁicilín amáraċ.
Tá mo ṫrunc pacálta sa ċistin. An rud oeireannaċ a ċuir Mam ann ná císte mór aráin go raiḃ rísíní ann. Tá na coṁarsain ar fad sa ċistin—is dóċa gur mar ġeall orm-sa é. Ṫug a lán acu scillingí agus leaṫ-ċorónaċa ḋom agus ḃíodar go léir am ċoṁairliú agus am ṁolaḋ.
Tá Cáit ag gol ó ṫáinig an tráṫnóna agus níl focal as Daid. Nílim féin ar mo ċúilín tseaḃraċ aċ ċoṁ beag le duine. Níl éinne go ceart aċ Mam. Ní ċorróḋ an saol í sin.
****
Táid siad go léir imiṫe aḃaile agus dúirt Mam liom-sa dul a ċodlaḋ. Nuair a ṫángas ’on tseomra lean sí mé agus ḃí sí i ḃfad am ċoṁairliú. Ansan rug sí barróg orm agus ṗóg sí mé agus ċonaiceas deora ina súile nuair a ḃí sí ag imeaċt.
Ní mór go ḃfeicim féin an páipéar so go ḃfuilim ag scríoḃ’ air le gaċ ’ra raḃt goil agus uaignis.
Caiṫfiḋ mé stad is dóċa agus an peann a ligean ar lár.