Ṫug sí trunc nua ón nDaingean ċugam agus ḃí seó rudaí istiġ ann. Ḃí léinteaċa ann, agus tuáilí, agus cíor dom ċuid gruaige, agus máilín beag ċun mo ċulaṫ oíċe a ċur isteaċ ann, a ḋuine. Ḃí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí, agus ḋein an táiliúir ḋá ċulaṫ éadaiġ dom. Fuaireas ḋá ṗéire ġleoite bróg ná raiḃ aon tairne ionta aċ iad ag gíoscán nuair a ṡiúlaínn.
Ḃíos ag gaḃáil an bóṫairín síos lá nuair a ġlaoiġ Taḋg Óg ṫar n-ais orm. “Cogar i leiṫ, a Jimín,” ar seisean, “cad tá an dá ḃróig sin a rá le ċéile?”
“Tin t’ḟiafraiṫe ar do ṡean-ṁáṫair!” arsa mise. Ḃíos cráite aige, aċ níor ḋein sé aċ gáirí fúm. Is dóiġ leis go ḃfuil sé an-smeartálta.
Beiḋ mé ag imeaċt amáraċ agus do réir mar a ċloisim ní ró-ṁór an aga a ḃeiḋ agam ċun a ṫuilleaḋ cuntaisí mar seo a scríoḃ’.
Is dóċa go ḃfuil an cruatan im ċoṁair. Deir Mam liom go gcuirfear urċall ansúd liom, agus srian, agus go mbead ag gol fós i ndiaiḋ mo ṁáṫar agus an tsaoil ḃreá a ḃí agam uaiṫi.
Dar fia! má ḃíonn siad níos crua orm ná mar ḃí Mam tá an donas buí go léir orṫu. Ní ró-ṁaiṫ atáim in ao’ ċor istiġ liom féin na laeṫanta so. Táim idir fonn is faitíos, a ḋuine.
Ṫáinig Máire Aindí aréir agus ṫug sí ḋá ṗéire stocaí ḋom. Ṫuġ Ṫaḋg Óg is Nell bille puint dom. Ṫáinig Micilín Eoin ċuġam ó