This page has been proofread.
104
JIMÍN
Aon rud dár scríoḃas mar ġeall orm féin go dtí so níor ċuireas ann aċ an ḟírinne glan. Tá’s agaiḃ anois cad é an saġas mé. Dá mbeinn ar nós a lán dem aiṫne ní ḃeinn ċoṁ béalscaoilteaċ i dtaoḃ mo loċtaí féin, agus ċeapfaḋ siḃ ansan gur buaċaill maiṫ mé.
Aċ is cruaiḋ an scéal ar ḃuaċaill a ḃeiṫ go maiṫ—ṁaróḋ sé é in aon tseaċtain aṁáin. Ḋéanainn-se mo ḋíċeall uaireanta mé féin d’iomar, aċ ċaiṫinn briseaḋ amaċ arís gan buíoċas dom. Tá gaċ éinne ċoṁ holc liom. Ní ḟeicim-se éinne go ceart aċ Mam.
Caiṫfead dul a ċodlaḋ. Beannaċt Dé agaiḃ go léir, agus má’s fiú liḃ orm é iarraḋ gaċ duine agaiḃ ar Ḋia Jimín Ṁáire Ṫaiḋg a ċur ar a leas.