Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/30

From Wikisource
This page has not been proofread.
22
An Craos-Deaṁan.

an tínteán. Ċuir sé an dá sméaróid sa n-ait ’nar ċeart an teine ḃeiṫ, idir ḋá ḟóidín móna ná raiḃ ró ṫirm, agus ċuir sé an sop tuiġe anuas orṫa, agus ċrom sé ar iad do ṡéideaḋ le n-a ḃéal. I gceann tamaill do las an sop tuiġe.

"Seaḋ!” arsa ’n manaċ, “eiriġ anois agus caiṫ do ċuid bíḋ."

"Cad tá agat?” arsa Mac Conglinne.

"Tá min ċoirce ṁaiṫ agus meaḋg maiṫ, an biaḋ agus an t-annlann is fearr ḟéadfaḋ duine d’ḟáġail i n-aimsir ṫrosgaiḋ,” arsa ’n manaċ.

"Min ċoirce agus meaḋg!” arsa Mac Conglinne, agus seirḃṫean ’n-a ġlór. “Dar fiaḋ, a sgológ,” ar seisean, “má ṫugann tú biaḋ agus annlann air sin ní misde ṫú ċur ag raint bíḋ agus annlainn!

"I gCorcaiġ na Muṁan Do stadas de m’ ṡiúḃal, Ag braṫ ar ċoṫuġaḋ Ó ṁanaċaiḃ.

Do tugaḋ dom caḋn, Min ċoirce agus meaḋg; Ba ġairid dom treiġid Dá mblaisinn é.

Beir leat, a sgológ, Ṫar n-ais ċun do stóir, An biaḋ saiḋḃir, sóġaċ So ṫaiṫnean leat.

Dá mbéinn ag fáġail ḃáis Do’n ġorta ní ráḋaim Go gcuirfinn aon ġra. inne Am’ ballaiḃ dé!

I gCorcaiġ tá cloga binne; Is árd a gceól ’s is milis.