Ní mór a gcaḃair do’n duine Ná béaḋ istiġ ’na ġoile Aċ bolamac meiḋg a’s mine. Corcaiġ an ċoirce ṫirim, Corcaiġ na móna flice, Corcaiġ gan teas gan teine, Corcaiġ gan biaḋ le n-iṫe Aċ an biaḋ nár iṫ na luċaiġ."
Do ṗreab an manaċ láiṫreaċ agus ṫóg sé leis an ṁin agus an meaḋg, agus siúd ṫar n-ais ċun na mainistreaċ é féin agus an manaċ eile.
"An ḃfuil aoinne ann?” arsa ’n t-Abb.
"Tá, duine greannṁar,” arsa ’n manaċ.
"Nár ṫugaḃair a ċuid bíḋ dó?” arsa ’n t-Abb; nuair a ċonaic sé an t-árṫaċ mine agus an t-árṫaċ meiḋg i láiṁ an ṁanaiġ.
"Ṫaraigeamair dó an biaḋ agus ní ġlacfaḋ sé uainn é. Is aṁlaiḋ a ṫug sé tarcuisne agus droċ ṁúineaḋ ḋúinn. Dúḃairt sé ná h-íosfaḋ sé an biaḋ le h-eagla go gcuirfeaḋ sé an treiġid air. Bí sé ag steallaḋ filiḋeaċta linn go dtí gur ḟágamair ansan é."
"Cad í an ḟiliḋeaċt adúḃairt sé?” arsa ’n t-Abb.
"Níor ċoimeádas am’ ċeann é, a Aṫair,” arsa ’n manaċ.
"Coimeadas-sa é, a Aṫair,” arsa ’n manaċ eile.
"Abair é,” arsa ’n t-Abb.
Dúḃairt sé an ḃéarsa do’n Abb. Mainċín ab ainim do’n Abb.
"Ó!” arsa Mainċín, “tá náire fáġalta againn!
Ní ḃéiḋ garsún i gCorcaiġ ná béiḋ an ḃéarsa san ’na ḃéal amáireaċ aige. Ní ḃéiḋ de port acu ar fuid na caṫaraċ aċ é. Raġaiḋ an ḃéarsa ó ḃéal go ḃéal ar fuid na Muṁan. Ní fios cá stadfar leis. Ní ḃéiḋ d’áḋḃar suilt ar fuid na dúiṫe feasda aċ mé féin