go dtí an doras agus nuair a ċonacadar an spéalán tiġe agus é folaṁ, dorċa, ní leigfeaḋ sgannraḋ ḋóiḃ dul isteaċ. Níor airiġeadar aon níḋ a ċuirfeaḋ i gcéill dóiḃ go raiḃ duine ná daonaiḋe istiġ. Ḃíodar ag criṫ le h-eagla na bpúcaí. Ḃí Mac Conglinne istiġ agus gan smiog as. Ṁeasadar casaḋ agus ruiṫ, aċ ní ḟéadfaidís aġaiḋ a ṫaḃairt ar an Abb gan tuairisg níos fearr a ḃeiṫ acu ar cé h-iad a ḃí sa teaċ aoiġeaḋ. Fé ḋeire do ġlac duine acu misneaċ agus do laḃair sé.
"An ḃfuil aoinne istiġ ansan?” ar seisean idir ċogar agus glaoiḋ, agus snagaḋ ’na sgórnaiġ le neart eagla.
Nuair airiġ Mac Conglinne an guṫ agus an snagaḋ sgeóin ann, níor ḟéad sé gan sgeartaḋ gáire cur as.
"Tá,” ar seisean, “aoinne aṁáin, agus ní ró ṁaiṫ an ċóir atá agaiḃ-se air, cé gur mór é ḃúr maoiḋeaṁ as ḃúr maiṫeas."
"Cé ’tá ag maoiḋeaṁ as a ṁaiṫeas!” arsa ’n manaċ. “B’ḟéidir ná fuil ’ḟios agat-sa,” ar seisean, "gur col geise ar an dtiġ seo é ċur i n-eagar d’aon ḟear aṁáin."
"Col geise!” arsa Mac Conglinne. “Is maiṫ é sin,” ar seisean. “Má déineaḋ col riaṁ ar an ngeas san do déineaḋ anoċt é, agus is mise ḋéin é, mar is mé ḋéin an tiġ a ċur i n-eagar d’aon ḟear aṁáin. D’ḟágaḃair-se orm é."
"Seo, seo!” arsa ’n manaċ. “Cuir uait an deis- ḃéalaiġe, agus tar anso agus caiṫ do ċuid."
"Am briaṫar,” arsa Mac Conglinne, “ná h-eireóċad as so go mbéiḋ ’ḟios agam cad ta le fáġail agam. Ar ṫugaḃar solus liḃ?"
Ḃí ḋá sméaróid teine agus sop tuiġe ag an manaċ. Ṫug sé leis ó’n mainistir iad. D’imṫiġ sé suas go dtí