ċuiṁniġeadar ar rud nár cuireaḋ fé ġeasaiḃ riaṁ, agus nár ḃ’ḟéidir a ċur fé ġeasaiḃ an ḟaid a fágfaí istiġ é, mar ní raiḃ aon ġnó le déanaṁ istiġ aige. Aċ ḃí an ḃean aḃrais ró ġasta ḋóiḃ. Ḃí ḟios aici ná féadfaḋ sí aon ġeasa do ċur ar rud ná raiḃ aon tairḃe aige le déanaṁ. B’é rud ’ná uisge na gcos. Nuair nár ḃ’ḟéidir na geasa do ċuir air, is é rud a ḋein sí leis ’ná é ċaiṫeaṁ an dorus amaċ sar ar ḋún sí an dorus.
"Osgail, osgail, a uisge na gcos!” arsa’n ḃean amuiċ.
"Ní ḟéadfainn é” arsa uisge na gcos. “Táim anso féd’ ċosaiḃ san aoileaċ."
Nuair a fuaradar an freagra san ó uisge na gcos, ḃí ḟios acu go raiḃ buaiḋte orṫa. D’imṫiġeadar go feargaċ. Táid siad ṫuas i n-áit éigin sa ċnoc ó ṡin, agus níor airiġeas gur ṫánadar anuas fós.
11. "Ċa-Ċa-Ċa-Ċailleas é!" "Fu-Fu-Fu-Fuaras é!"
Timċeall deiċ mbliaḋna agus ċeiṫre fiċid ó ṡin, nó mar sin, ḃí amadán boċt ag imteaċ ó ṫiġ go tiġ i bparósite Ċluandroċaid. Ar Gort na Lice