ba ṁó a ḃíoḋ cóṁnuiḋe air, aċ ag imṫeaċt mór-ṫim- ċeall a ċaiṫeaḋ sé a ṡaoġal. Ḃí sé go maiṫ ċun a ċoda do lorg, agus ḃí sé go maiṫ agus go cruinn ċun pé rud a ġeiḃeaḋ sé do ċoimeád, agus mar ġeall air sin ḃí sé amuiċ air go raiḃ sparán aige, agus nár ḃ’ḟios cad é an saiḋḃreas a ḃí i ḃfolaċ sa sparán aige. Seáġan Balḃ an ainm a ḃí i mbéal- aiḃ na ndaoine air. Níor airiġeas riaṁ cad í an tsloinne a ḃí air. Ḃí an stad ’n-a ċaint, agus mar ġeall air sin iseaḋ tugaḋ Seáġan Balḃ air.
Ḃí lá deire-fóġṁair ann agus lá ana ḟliuċ ab eaḋ é. Ḃí an ḟearṫainn ag tuitim go trom i caiṫeaṁ an lae. Do stad an ḟearṫainn um ṫráṫnóna, agus do ġlan an spéir, aċ ḃí an saoġal ar bar’ uisge agus ḃí tuile ins gaċ aon rud i ḃfuirm aḃan. Ḃí aḃa ḃeag ag gaḃáil siar tré Ċill Ġobnatan, agus tá fós. Tá droċaidín ar an aḃainn sin anois. Ní raiḃ aon droċad uirṫi an uair sin, bíoḋ go raiḃ bóṫar ag gaḃáil ṫáirse.
Nuair a fuair Seáġan Balḃ an tráṫnóna tirim do ḃuail sé siar ó Ġort na Lice ċun dul go tiġ Ṗeadair uí Laoġaire a ḃí ’n-a ċóṁnuiḋe i gCill Ġobnatan. Ṫáinig sé ċun na h-aḃan. Ḃí an tuile sa n-aḃainn. Má ḃí féin, níor ċuir sí cosg le Seáġan. Do ġaiḃ sé an aḃa. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé amaċ as an uisge ar an dtaoḃ ṫiar de’n aḃainn, do ċas sé an dá ologón déag.
"Ó! Ó! Ó! adeireaḋ sé. “Ċa-ċa-ċa-ċailleas